Preasráitis

Fógraíonn an tAire Daly foilsiú thuarascáil an tSain-athbhreithnithe Neamhspleách ar Scaoiltí Amach Moillithe

D’fhógair Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, inniu (Dé Luain an 19 Samhain) gur foilsíodh an tuarascáil ón nGrúpa Oibre a cuireadh ar bun chun sain-athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar scaoiltí amach moillithe.

Bunaíodh an t-athbhreithniú chun a aithint gur gá sainaithint a dhéanamh ar ghníomhartha spriocdhírithe a chinnteoidh go dtacófar le daoine scothaosta atá folláin go leor dá scaoileadh amach as an ospidéal filleadh ar an mbaile agus ar an bpobal a luaithe is féidir.

Ghabh an tAire Daly buíochas leis an Uas. Graham Knowles, Cathaoirleach ar Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh, as cathaoirleacht a dhéanamh ar an athbhreithniú agus thug sé aitheantas do thiomantas na gcomhaltaí den ghrúpa oibre.

Aithníodh san athbhreithniú go mbíonn roinnt tosca éagsúla ina gcúis le scaoiltí amach moillithe nó le haistrithe cúraim agus rinneadh naoi moladh ann, lenar áiríodh: beartas náisiúnta a fhorbairt lena bhforálfar do chur chuige níos comhsheasmhaí a ghlacadh i leith scaoiltí amach moillithe a thaifeadadh; bailiú sonraí a neartú; sainmhínithe reatha a chaighdeánú; agus a chinntiú go bhfuil treoirlínte comhsheasmhacha maidir le scaoileadh amach i bhfeidhm.

Dúirt an tAire Daly, “Is é an aidhm láithreach atá agam ná scaoiltí amach moillithe agus aistrithe cúraim a laghdú agus sinn ag tarraingt ar an ngeimhreadh. Déanfar amhlaidh trí leas a bhaint as na hacmhainní breise atá á gcur ar fáil tríd an bPlean Geimhridh agus trína chinntiú go gcuirfear bearta cúraim shóisialta i bhfeidhm go héifeachtach chun daoine scothaosta a chumasú, trí na tacaí a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh, an t-ospidéal a fhágáil agus filleadh ar thimpeallacht cúraim níos cuí, lena n-áirítear an baile, a luaithe is féidir”.

Leagtar béim sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh ospidéil agus pobail le chéile chun an sreabhadh othar a fheabhsú. Tá sé sin ag teacht leis an treo foriomlán atá i gceist leis an gcur chuige cúraim chomhtháite atá leagtha amach sa tuarascáil Sláintecare, ar cur chuige é lena leathnaítear cúram pobalbhunaithe ar mhaithe le cúram a sholáthar níos gaire don bhaile. Tá sé beartaithe ag an Aire Daly na nithe sin a anailísiú tuilleadh leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus freagairt do mholtaí na tuarascála thar na seachtainí atá romhainn.

Ag fáiltiú dó roimh an tuarascáil, dúirt an tAire Harris, “Aithním an gá atá ann le díriú ar ghníomhartha don ghearrthéarma agus don fhadtéarma araon chun a chinntiú go dtacófar le daoine scothaosta an t-ospidéal a fhágáil agus filleadh ar a bpobal. Dá bhrí sin, cheap mé an tAire Daly chun cathaoirleacht a dhéanamh ar ghrúpa oibre a dhéanfaidh maoirseacht ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an líon scaoiltí amach moillithe a íoslaghdú. Oibreoidh an tUas. Daly leis na príomhghníomhaireachtaí atá i gceist chun an líon scaoiltí amach moillithe a laghdú de réir mar a théann an tseirbhís sláinte isteach sa chéim ríthábhachtach seo den gheimhreadh.

Dúirt an tAire Harris freisin, “Leithdháileadh cistiú breise ar FSS don tréimhse gheimhridh ionas gur féidir leis pacáistí cúram baile agus tacaí eile a chur ar fáil chun íoslaghdú a dhéanamh ar na moilleanna ar dhaoine a scaoileadh amach as an ospidéal, agus béim ar leith á cur orthu sin atá os cionn 75 bliana d’aois”.

Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Sain-athbhreithniú Neamhspleách ar Scaoiltí Amach Moillithe

Is é is scaoileadh amach moillithe ann ná cás ina meastar go bhfuil othar folláin go leor, ón taobh cliniciúil de, dá scaoileadh amach ó leaba ghéarmhíochaine ach ina moillítear a scaoileadh amach toisc go dteastaíonn uaidh/uaithi cineál éigin tacaíochta leanúnaí nó cúraim leanúnaigh tar éis a scaoilte amach agus nach bhfuil an tacaíocht nó an cúram sin ar fáil láithreach ann. Bíonn scaoiltí amach moillithe ar cheann de na cúiseanna le plódú i Rannóga Éigeandála agus déanann siad díobháil don sreabhadh othar ar fud an ospidéil.

I mí an Mheithimh 2018, chuir Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Grúpa Oibre ar bun chun sain-athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar scaoiltí amach moillithe. Ceapadh Graham Knowles, Cathaoirleach ar Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh, mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Oibre ansin. Seoladh obair an athbhreithnithe ó mhí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair 2018.

Ba é cuspóir foriomlán an athbhreithnithe ná sainaithint a dhéanamh ar na hathruithe is féidir a dhéanamh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma chun íoslaghdú a dhéanamh ar na moilleanna ar othair a bheith ag filleadh abhaile as an ospidéal nó ag bogadh go timpeallacht cúraim chuí; laghdú a dhéanamh ar an líon laethanta leapa ospidéil a chailltear de bharr scaoiltí amach moillithe; agus freastal ar riachtanais othar ar bhealach níos fearr.

Achoimre ar na moltaí

1. Beartas náisiúnta a fhorbairt chun sainmhíniú soiléir agus treoirlínte soiléire a sholáthar le haghaidh scaoiltí amach moillithe a chatagóiriú, agus an téarma “Aistriú Cúraim Moillithe” a úsáid in áit an téarma “Scaoileadh Amach Moillithe”;

2. Bearta a dhéanamh chun cáilíocht sonraí a fheabhsú agus chun an tacar sonraí faoi scaoiltí amach moillithe a leathnú chuig timpeallacht cúram sláinte nach timpeallachtaí géarmhíochaine iad agus, maidir le scaoiltí amach moillithe a thuairisciú, bogadh ar shiúl ón díriú ar an líon laethanta leapa a chailltear agus tosú ag féachaint ar mhodhanna eile trínar féidir an líon scaoiltí amach moillithe a thomhas, e.g. na modhanna atá in úsáid san Ísiltír, i Sasana agus in Albain;

3. Comhfhóram Pleanála a bhunú idir ospidéil ghéarmhíochaine agus seirbhísí pobail chun teacht ar dhearcadh coiteann i leith an éilimh agus i leith riachtanais acmhainne agus chun freagairtí straitéiseacha a fhorbairt do bhearnaí seirbhíse;

4. Róil agus freagrachtaí a athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar d’othair agus dá dteaghlach tríd an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, agus soiléiriú a thabhairt maidir le línte cuntasachta na ngeallsealbhóirí atá freagrach as scaoiltí amach moillithe a bhainistiú;

5. Tabhairt faoi iniúchadh seachtrach ar shonraí chun comhlíonadh cáilíochta a athbhreithniú, chun cáilíocht agus infheictheacht sonraí a fheabhsú agus chun muinín a mhéadú as na sonraí atá ar fáil;

6. Feachtas sláinte poiblí a sheoladh chun feasacht a mhéadú go mbíonn torthaí níos fearr ag othair a scaoiltear amach gan mhoill, agus cur chuige comhsheasmhach agus conair uainithe a bhunú le haghaidh cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh (neasghaolta) ar mhaithe le moilleanna féideartha a íoslaghdú;

7. Foirne ildisciplíneacha a bhunú chun measúnuithe scaoilte amach aonair a dhéanamh. Ba cheart do na foirne sin tacaíocht a fháil ó bhaill foirne sa timpeallacht cúram sláinte géarmhíochaine agus sa phobal araon;

8. Comhroinnt faisnéise a spreagadh idir Grúpaí Ospidéal agus Eagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail maidir leis an bhfáil ar leapacha agus maidir le stádas othar, agus córas comhtháite TFC a ghlacadh lena ngabhtar sonraí faoin soláthar agus faoin éileamh i dtimpeallachtaí cúram sláinte géarmhíochaine agus i dtimpeallachtaí eile.

9. Conairí luathscaoilte amach a bhunú chun an líon othar a ligtear isteach agus an líon scaoiltí amach moillithe a laghdú, rud a fhágann go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar riachtanais chúraim i dteach an othair nó i dtimpeallacht cúraim eile.

Plean Geimhridh 2018/19

Tá an Roinn Sláinte ag obair go dlúth le FSS chun a chinntiú go bhfreagrófar go cuí do na dúshláin a chruthóidh an geimhreadh do sholáthar cúraim neamhsceidealta.

Leithdháileadh cistiú breise ar FSS don gheimhreadh chun cabhrú le bainistiú a dhéanamh ar mhórbhrúnna éilimh as a dtagann plódú i rannóga éigeandála ár n-ospidéal. D’iarr an tAire Sláinte ar FSS tús áite a thabhairt do bhearta cúraim shóisialta a bhfuil mar aidhm leo othair a chumasú an t-ospidéal a fhágáil agus filleadh ar an mbaile níos tapa an geimhreadh seo, agus mórbhéim á cur orthu sin atá os cionn 75 bliana d’aois.

Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an Plean Geimhridh go luath.