Árachas Sláinte Príobháideach

Is é an cuspóir atá againn an córas sláinte reatha a athchóiriú agus seirbhís sláinte aonsraithe a sholáthar, áit a mbeidh rochtain ar chúram sláinte bunaithe ar riachtanas, agus ní ar an gcumas chun íoc.

Tá an Rialtas tiomanta d’inbhuanaitheacht an mhargaidh árachas sláinte a choinneáil ar bun mar chuid den aistriú i dtreo Árachas Sláinte Uilechoiteann.

Is rud deonach é árachas sláinte príobháideach in Éirinn agus imríonn sé ról luachmhar maidir le soláthar seirbhísí sláinte a mhaoiniú. Is ó fhoinsí poiblí sa chóras cánachais a sholáthraítear tuairim is 80% de mhaoiniú sláinte in Éirinn agus tá árachas sláinte príobháideach ina fhoinse úsáideach mhaoinithe ina leith sin. Cuirtear faoiseamh cánach 20% ar fáil ag an bhfoinse do phréimheanna árachais sláinte suas go dtí an chéad €1000 in aghaidh an aosaigh árachaithe agus suas go dtí an chéad €500 in aghaidh an linbh árachaithe. Amhail deireadh mhí Mheán Fómhair 2013, ba ag 44.6% de mhuintir na hÉireann, nó 2.047 milliún duine, a bhí árachas sláinte príobháideach.

Tá cur amach ag formhór na ndaoine ar na gnéithe tráchtála a ghabhann le hárachas. Déantar an riosca go dtiocfaidh imeachtaí díobhálacha chun cinn agus na costais ghaolmhara a eascraíonn as teacht chun cinn na n-imeachtaí sin a chomhthiomsú nó a chomhroinnt i measc líon iomlán na ndaoine atá páirteach trí phréimh árachais a íoc. Sampla an-mhaith den ghné thráchtála is ea árachas taistil, áit a n-íocann daoine aosta níos mó ná daoine óga, agus an mótarárachas, áit a n-íocann daoine óga níos mó ná daoine aosta. Is é an phríomhchúis leis an athrú praghsála, ar ndóigh, ná an líon níos airde éileamh agus an costas níos airde éileamh ar gá d’árachóirí freastal orthu i ndáil lena gcustaiméirí ardriosca. Dá bhrí sin, is ann do chomhthiomsú riosca agus do chomhroinnt chostais de chineál áirithe go fóill – méadaítear ranníocaíocht an duine de réir a p(h)róifíl riosca. Tugtar múnla árachais atá rátáilte de réir riosca air sin.

Nuair a chuirtear an múnla sin rátála riosca i bhfeidhm i gcás comhthiomsú árachais sláinte, is é an toradh dosheachanta a bhíonn aige ná nach mór do dhaoine aosta agus do dhaoine is laige sláinte méid i bhfad níos mó a íoc as an aon chlúdach. Agus aitheantas á thabhairt acu dó sin, gheall Rialtais as a chéile agus an tOireachtas, ón mbliain 1994 ar aghaidh, go gcoimeádfaidís prionsabal na Rátála Pobail ar bun, in ionad árachas sláinte a rátáil de réir riosca.

Is é an buanchuspóir atá ann ná gur chóir na rioscaí agus na costais a bhaineann le comhthiomsú iomlán na ndaoine árachaithe sa phobal a léiriú i bpraghas an pholasaí, in ionad na rioscaí agus na costais a bhunú ar bhonn duine ar dhuine. Tugtar dlúthpháirtíocht idirghlúine ar an bpróiseas a bhaineann le riosca a chomhroinnt idir daoine óga agus daoine aosta – lena ngabhann costais níos airde leo ó thaobh éileamh de de ghnáth. Is é sin le rá, íocann daoine óga méid as árachas sláinte atá níos airde ná an riosca a bhaineann leo, agus íocann daoine aosta méid níos ísle dá bharr. Agus riosca á phraghsáil ar fud phobal na ndaoine árachaithe, is léir gur gá meicníochtaí láidre a bheith ann chun costais a chomhroinnt i gcásanna ina n-oibríonn roinnt cuideachtaí éagsúla sa mhargadh.

Murab ann do mheicníocht trínar féidir riosca a chomhroinnt agus freastal ar chostais, d’fhéadfadh go dtiocfadh árachóir a bhfuil drochphróifíl riosca aige trioblóid airgeadais a tharraingt air féin roimh i bhfad. Tugtar cothromú riosca ar an meicníocht chaighdeánach aistrithe. Is gné thábhachtach d’árachas sláinte é, ní amháin in Éirinn, ach ar bhonn idirnáisiúnta freisin. Is trí chothromú riosca amháin is féidir dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chostais a chur chun feidhme go héifeachtach i measc daoine d’aoiseanna éagsúla a bhfuil árachas acu.

Ní mhaoinítear an córas um chothromú riosca, rud a fhágann nach ann do chiste a chuirtear le chéile thar shaolré an duine árachaithe a chlúdóidh an costas éileamh is dóigh a bheidh i gceist. Ina ionad sin, meastar gurb iad an costas éileamh agus na speansais don bhliain sin amháin a chlúdóidh an phréimh atá íoctha ag daoine árachaithe sa bhliain, díreach mar atá i gceist le cineálacha eile árachais amhail mótarárachas nó árachas tí.

Is sna hAchtanna Árachais Sláinte 1994 go 2013 agus sna Rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin a chuimsítear na príomhfhorálacha reachtaíochta lena rialaítear margadh árachas sláinte príobháideach na hÉireann. Áirítear an ráiteas seo a leanas ar Phríomhchuspóir an Achta faoin reachtaíocht sin:

Is é príomhchuspóir an Achta seo a chinntiú, ar mhaithe le leas an phobail agus ar fud an mhargaidh árachas sláinte, go mbeidh rochtain ar chumhdach árachais sláinte ar fáil do thomhaltóirí seirbhísí sláinte gan aon idirdhealú á dhéanamh eatarthu (cibé acu is trí chreidmheasanna um chothromú fiontar nó trí bhearta dleachta stampa, nó trí bhearta eile, nó trí aon teaglaim díobh sin, a chuirtear in éifeacht é), go háirithe maidir le costais seirbhísí sláinte, bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar stádas riosca sláinte, ar aois nó ar inscne aon tomhaltóirí den sórt sin nó aon aicme tomhaltóirí den sórt sin, nó ar mhinicíocht an tsoláthair sheirbhísí sláinte d’aon tomhaltóirí den sórt sin nó d’aon aicme tomhaltóirí den sórt sin, agus á chur san áireamh go háirithe chun críocha an chuspóra sin

Tá rún daingean ag an Rialtas seo árachas sláinte a choinneáil inacmhainne don oiread daoine agus is féidir. Chuir an tAire Sláinte in iúl go soiléir do na hárachóirí sláinte gur féidir coigilteas suntasach a dhéanamh go fóill, agus gur féidir íoslaghdú a dhéanamh ar an ngá atá le préimheanna a mhéadú mar thoradh air sin.

Sa bhliain 2013, cheap an tAire Pat McLoughlin chun bheith ag obair le cuideachtaí árachais agus leis an Roinn Sláinte d’fhonn straitéisí bainistíochta atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus is féidir leis na hárachóirí uile a ghlacadh a aithint, rud a chinnteodh inbhuanaitheacht an mhargaidh árachas sláinte príobháideach san fhadtéarma. Léigh tuilleadh faoi sin anseo.