Foilseacháin

Smile agus Sláinte – an mBeartas Náisiúnta Sláinte Béil

Smile agus Sláinte - an mBeartas Náisiúnta Sláinte Béil

Cuid dhílis dár gcuid sláinte agus folláine ginearálta is ea dea-shláinte bhéil. Is cuid thábhachtach í den taitneamh a bhainimid as an saol freisin. Teastaíonn uainn seirbhís sláinte a thacaíonn linn an tsláinte bhéil is fearr a bheith againn ó bhreith go seanaois. Sa bheartas Smile agus Sláinte, soláthraítear na treoirphrionsabail a mbainfear úsáid astu chun ár seirbhís reatha cúram sláinte béil a bhunathrú chun feabhais.

Leis an mbeartas Smile agus Sláinte, éascófar cúram sláinte béil níos fearr do chách. Leis an mbeartas, tacófar le gach leibhéal cúraim a bheith á soláthar ag gairmithe cuí cúram sláinte sna timpeallachtaí is oiriúnaí. Rud atá chomh tábhachtach céanna is ea go dtacófar le rogha othar agus le rochtain a bheith ag othair.

Léigh an beartas Smile agus Sláinte anseo.

Léigh Forbhreathnú ar an mbeartas Smile agus Sláinte (i mBéarla) anseo.

Léigh doiciméid bhreise anseo. 

Féach nó íoslódáil Achoimre Grafaicí Faisnéise don bheartas Smile agus Sláinte anseo:

NOHP-Overview-Graphic-small

Amharc ar an bhfíseán grafaicí faisnéise thíos:

Físeán gairid achoimre amhairc [gan fuaim], rud atá úsáideach le haghaidh láithreoireachtaí:

 

Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh an mBeartas Náisiúnta Sláinte Béil: