Foilseacháin

An Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách a cuireadh ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí

Mhol an Coiste Uile-Pháirtí Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí go ndéanfaí gníomhaíocht phríobháideach a aistriú amach diaidh ar ndiaidh ó ospidéil phoiblí agus go seolfaí anailís neamhspleách ar thionchar ar an ní.

Chuir an tAire Sláinte Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí, lenar áiríodh an cur chuige praiticiúil a bheadh le glacadh i leith an cleachtadh príobháideach a aistriú amach ó ospidéil phoiblí, cén tionchar a bheadh ag an aistriú sin, cén cineál tréimhse ama ba cheart a bheith i gceist leis an aistriú agus conas a d’fhéadfaí an t-aistriú a chéimniú le himeacht ama.”

Bhí an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách faoi chathaoirleacht ag an Dr Donal de Buitléir, cathaoirleach an Choimisiúin um Pá Íseal agus iarchomhalta de Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Rinne an Grúpa scrúdú cuimsitheach ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí. Is é atá sa tuarascáil a chuir an Grúpa faoi bhráid an Aire ná ocht moladh a mheasann sé a bheith riachtanach chun an sprioc atá leagtha síos sa tuarascáil Sláintecare a bhaint amach, is é sin, gníomhaíocht phríobháideach a aistriú amach ó ospidéil phoiblí. Baineann cúig mholadh le conradh na lianna comhairleacha. Moltar i gceann eile go dtabharfaí reachtaíocht isteach chun a chinntiú go n-úsáidfear ospidéil phoiblí chun cóireáil a chur ar othair phoiblí, agus orthu sin amháin, a luaithe atá tréimhse cur chun feidhme deich mbliana an chláir Sláintecare thart. Baineann an dá mholadh eile le bailiú sonraí a fheabhsú agus leis an ról atá ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) in ospidéil phríobháideacha.

Ag fógairt fhoilsiú na Tuarascála dó, dúirt an tAire Sláinte, “Tá sé soiléir gur casta an rud é an cúram príobháideach a aistriú amach ó ospidéil phoiblí. Tá sé soiléir freisin go dtógfaidh aistriú den sórt sin am agus go mbeidh costas ag baint leis. Ceann de na hathchóirithe bunúsacha a shamhlaítear sa tuarascáil Sláintecare is ea córas ospidéal poiblí aon chisil a fhorbairt. Dá réir sin, ní mór aon chinntí ar chaiteachas, lena n-áirítear aon chinntí ar na saincheisteanna atá tarraingthe anuas sa Tuarascáil, a dhéanamh i gcomhthéacs chur chun feidhme an chláir Sláintecare agus Chomhaontú Cobhsaíochta na Seirbhíse Poiblí 2018-2020 i gcoitinne.

“Tá sé beartaithe agam dul i gcomhairle le geallsealbhóirí tábhachtacha agus le mo chomhghleacaithe sa Rialtas chun saincheisteanna cur chun feidhme tábhachtacha eile a bhreithniú sula leagfaidh mé, in am is i dtráth, tograí faoi bhráid an Rialtais de bhun na moltaí.”

Léigh an Tuarascáil ón nGrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách a cuireadh ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíocht phríobháideach in ospidéil phoiblí anseo

Chun cabhrú le pléití an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, chuir an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta tuarascáil le chéile ina ndearnadh scrúdú ar ghníomhaíocht phríobháideach i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Ina theannta sin, ag gníomhú dó faoi chonradh leis an Roinn Sláinte agus thar ceann an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, rinne Deloitte, sainchomhairleoir achtúireach, scrúdú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar árachas sláinte dá ndéanfaí an cleachtadh príobháideach a aistriú amach ó ospidéil phoiblí na hÉireann.

Ullmhaíodh doiciméad gearr ceisteanna coitianta chun freagra a thabhairt ar roinnt ceisteanna láithreacha.

D’fhoilsigh an Roinn Sláinte na freagraí a fuarthas ar an gcomhairliúchán poiblí cheana féin. Tá siad sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.