Preasráitis

Tugann an tAire Sláinte ómós do Laura Brennan

Tá Simon Harris, an tAire Sláinte, tar éis ómós a thabhairt do Laura Brennan, a fuair bás inniu.

Dúirt an tAire Harris, “Chuir an scéala faoi bhás Laura an-bhrón orm. Bean óg iontach agus bean feachtais chumhachtach ba ea Laura. Beag beann ar a tinneas, lean sí ar aghaidh le tathant a dhéanamh ar son a cúise agus, a bhuí lena díograis, tháinig méadú ar an nglacadh leis an vacsaín HPV i measc mná óga. Tá an Stát go mór faoi chomaoin aici.

“Mar dhuine, bhí Laura cineálta, greannmhar agus lán le spleodar. Spreag sí daoine eile lena cuid díograise. Spreag sí mé féin freisin gach uair a bhuail mé nó a labhair mé léi. Ní féidir an misneach a thaispeáin sí a chur i bhfocail. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá teaghlach agus dá cuid cairde.”

CRÍOCH