Preasráitis

Tréaslaíonn Varadkar le buaiteoirí Dhámhachtainí Ionad Cúram Sláinte na hÉireann

Tá Leo Varadkar, an tAire Sláinte, tar éis tréaslú le gach buaiteoir ag Dámhachtainí Ionad Cúram Sláinte na hÉireann a bhí ar siúl le déanaí.

Leis na dámhachtainí, aithnítear an obair den scoth a bhíonn á déanamh sa líne thosaigh dár seirbhís sláinte.

Thug sé ómós ar leith do chomhbhuaiteoirí na dámhachtana ‘Duine Cúram Sláinte na Bliana – is iad sin, Shauna Keyes agus Joey Cornally, agus Róisín agus Mark Molloy.

“Tá lúcháir orm gur tugadh aitheantas foirmiúil don obair iontach a rinne Shauna, Joey, Róisín agus Mark agus don fheachtas a ndeachaigh siad ina bhun d’fhonn feabhas a chur ar sheirbhísí máithreachais. Rinne Shauna agus Róisín ionadaíocht thoilteanach agus chumasach d’úsáideoirí seirbhíse ar Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Máithreachais agus chabhraigh siad le treo amach anseo ár seirbhísí máithreachais a mhúnlú.

“An méid luachmhar a chuir siad leis an gcéad Straitéis Máithreachais uainn, Todhchaí Níos Fearr a Chruthú le Chéile, beidh tionchar fada agus leathan aige thar na deich mbliana atá le teacht de réir mar a chuirfear an Straitéis chun feidhme. Sílim go bhfuil an dámhachtain tuillte go maith agus cuirim comhghairdeas ó chroí in iúl don dá theaghlach.”

Críoch