Preasráitis

Thionóil an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí an 18ú cruinniú dá cuid inniu

Rinne an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí um Baictéir Charbaipeineimfhriotaíocha Enterobacteriaceae (CPE) an 18ú cruinniú dá cuid Déardaoin an 24 Bealtaine 2018.

Fuarthas an t-eolas is deireanaí ó Fhoireann Cur Chun Feidhme Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le linn an chruinnithe.

Cuireadh na figiúirí is déanaí ón tSaotharlann Tagartha Náisiúnta CPE i láthair an ghrúpa. Sa tréimhse dhá sheachtain ón 7 Bealtaine go dtí an 20 Bealtaine 2018, aimsíodh 15 othar nua ar a bhfuil CPE.

Tá na miontuairiscí ar gach cruinniú roimhe seo agus doiciméid ghaolmhara foilsithe ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

CRÍOCH