Preasráitis

Tá Varadkar le dul ar aghaidh le postáil éigeantach calraí toisc nach ndearna ach 7% de ghnóthais go deonach í

Dúirt Leo Varadkar, an tAire Sláinte, go bhfuil sé níos tiomanta fós do leanúint ar aghaidh le comhaireamh éigeantach calraí ar bhiachláir a éileamh tar éis é a thuairisciú i suirbhé neamhspleách arna choimisiúnú ag an Roinn nach mbíonn ach 7% de ghnóthais bhia ag cur na faisnéise sin ar fáil ar bhonn deonach.

I suirbhé agus i meastóireacht neamhspleách ar thug Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, fúthu thar ceann na Roinne Sláinte, tuairiscíodh nár chomhlíon formhór mór na ngnóthas bia an glao chun faisnéis faoi chalraí a phostáil ar a mbiachlár.

“Is eol dúinn gur mian le breis agus 95% de thomhaltóirí in Éirinn go dtaispeánfar ar bhiachláir an méid calraí atá i mbéilí. Tá postáil calraí ina bealach cruthaithe chun iompar tomhaltóirí a athrú agus léirítear i bhfianaise neamhspleách ó Stáit Aontaithe Mheiriceá gur bealach an-éifeachtach é. Is údar iontais iad na torthaí ar an suirbhé, mar sin.

“Tá iarracht chomhfhiosach déanta ag an Stát tacú le gnóthais, lena n-áirítear tríd an áireamhán calraí ar líne atá á chur ar fáil ag an Údarás Sábháilteachta Bia. Glacaim leis go mbíonn sé deacair do ghnóthais áirithe a mbiachlár a athrú ar bhonn rialta. Mar sin féin, tá sé soiléir gur gá dúinn tuilleadh gnímh a dhéanamh mar gheall ar an nglacadh a bheith chomh híseal sin.

“Tá cead faighte agam ón Rialtas cheana féin dréachtú a dhéanamh ar Bhille lena gcuirfí ceanglas éigeantach ar asraonta bia an méid calraí atá ina mbéilí a thaispeáint. Tá sé i gceist go rithfidh an tOireachtas an Bille sin agus go n-achtófar é sa bhliain 2016.

“Cé gur cobhsaí atá leibhéil mhurtaill anois, léiríodh sa suirbhé Éire Shláintiúil a rinneadh le déanaí go bhfuil 60% d’Éireannaigh róthrom go fóill. Foilseoimid Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil agus Beartas maidir le Murtall go luath amach anseo. Chomh maith leis sin, táimid ag leanúint ar aghaidh le reachtaíocht nua lena gcuirfear ceanglas éigeantach ar ghnóthais faisnéis faoi chalraí a phostáil ar thaispeáintí bia”

Nóta d’Eagarthóirí

Sa bhliain 2012, aimsíodh i gcomhairliúchán náisiúnta de chuid Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann gur mhian le breis agus 95% de thomhaltóirí in Éirinn go gcuirfí faisnéis faoi chalraí ar fáil ar bhiachláir.   Ag teacht sna sála ar an mbreith ón Rialtas agus – d’fhonn cabhrú le heolas a thabhairt don Anailís Tionchair Rialála roimh dhréachtú na reachtaíochta – tá dhá phíosa curtha i gcrích againn. Is é an chéad cheann díobh ná meastóireacht neamhspleách ar an scéim dheonach reatha um postáil calraí, rud a rinne foireann faoi stiúir ag an Ollamh Ivan Perry i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Áirítear freisin leis an obair atá déanta ag UCC staidéar ar an taithí idirnáisiúnta agus ar an bhfianaise idirnáisiúnta ar Phostáil Calraí. Cabhróidh an obair sin le heolas a thabhairt do dhréachtú na reachtaíochta.  Is é an dara ceann díobh ná comhairliúchán poiblí/tionscail ar an reachtaíocht a bheartaítear, rud atá dúnta agus a bhfuil anailís á déanamh air faoi láthair.

Le linn na meastóireachta, ar thug UCC fúithi thar ceann na Roinne, baineadh leas as cur chuige modhanna measctha inar cuimsíodh trí chéim idirnasctha, ba iad sin; suirbhé náisiúnta teileafóin (Céim 1); cuairteanna struchtúrtha breathnóireachta (Céim 2); agus agallaimh leathstruchtúrtha (Céim 3).  Pléitear sa mheastóireacht sonraí le déanaí ina léirítear gur taobh amuigh den bhaile a itheann daoine fásta Éireannacha faoi bhun 65 bliain d’aois beagnach ceathrú den méid iomlán calraí a thógann siad.  I gcás daoine a bhíonn ag ithe bia taobh amuigh den bhaile, tá fianaise ann go dtógann siad méideanna níos airde calraí.  Mar sin, imríonn timpeallachtaí bia taobh amuigh den bhaile ról ríthábhachtach maidir le roghanna bia shláintiúil a chur chun cinn.  Léirítear i bhfianaise eolaíoch gur féidir feabhas mór a chur ar roghanna bia de chuid líon mór daoine aonair trí méideanna calraí a phostáil ar bhiachláir.  Ba sreang-ghnóthais a bhí i bhformhór na ngnóthas seirbhíse bia a raibh comhaireamh calraí ar taispeáint acu, rud a léiríonn bunaíochtaí asraoin aonair ar dhrochbhealach.  I measc na bpríomhchúiseanna nár thaispeáin gnóthais seirbhíse bia comhaireamh bia, dar leo, bhí srianta ama agus srianta costais agus an fhíric nach rud éigeantach a bhí i bpostáil calraí.

Tosaíocht sláinte poiblí don Roinn Sláinte is ea róthroime agus murtall a chomhrac. Aithníonn an Roinn nach n-aisiompóidh aon tionscnamh aonair an treocht maidir le murtall, ach creideann sí gur cheart go bhféadfadh meascán beart difríocht a dhéanamh ina leith. Tá postáil calraí ar bhiachláir bhialainne ar cheann amháin de na bearta sin.  Príomhthosaíocht don Roinn Sláinte faoi láthair is ea Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall a fhorbairt. Tá obair ar siúl chun beartas maidir le murtall a fhorbairt i mbliana, rud a bhfuil sé mar aidhm leis méadú a dhéanamh ar líon na ndaoine a bhfuil meáchan sláintiúil iontu in Éirinn.  Agus é mar aidhm fhoriomlán leis leibhéil mhéadaitheacha na ndaoine atá róthrom nó murtallach a aisiompú, is iad príomhthéamaí an bheartais ná cosc, cúram agus bainistíocht, agus taighde agus sonraí.

Críoch