Preasráitis

Seolann Varadkar an chéad Suirbhé Éire Shláintiúil ar shláinte an náisiúin

An chéad suirbhé cuimsitheach náisiúnta a rinneadh ón mbliain 2007

  • Caitheann níos lú ná duine amháin as gach cúigear tobac anois
  • Tá dea-shláinte ag 85% de dhaoine, ach tá riocht fadbhunaithe ag 28% de dhaoine
  • Bíonn murtall ag teacht ar leibhéal seasta, ach is róthrom atá 60% de dhaoine go fóill
  • Ní bhíonn go leor aclaíochta á déanamh ag dhá dtrian de dhaoine
  • Déanann ceathrar as gach deichniúr ragús agus iad ag ól
  • Itheann formhór na ndaoine torthaí agus glasraí gach lá, ach ní itheann ach 26% díobh 5 sciar mar a mholtar
  • Ní bhaineann 17% de dhaoine úsáid as aon chineál frithghiniúna lasmuigh de chaidreamh socair
  • Tá baint ag beagnach leath an daonra le cumann sóisialta nó le heagraíocht
  • Tá dea-leibhéil mheabhairshláinte ann, ach is fearr meabhairshláinte i measc fear ná i measc ban
  • Tá aithne ag 50% de dhaoine ar dhuine a bhfuil néaltrú air

Tá an chéad suirbhé náisiúnta le hocht mbliana anuas ar shláinte an náisiúin seolta ag an Uas. Leo Varadkar, an tAire Sláinte, inniu, agus an Suirbhé Éire Shláintiúil á fhoilsiú aige.
Bhí 7,500 duine a bhí 15 bliana d’aois nó ní ba shine páirteach sa chéad Suirbhé Éire Shláintiúil riamh. Is sa Suirbhé sin a thugtar an léargas is cothroime le dáta dúinn ar shláinte an náisiúin, lena n-áirítear tosca stíl mhaireachtála amhail caitheamh tobac, úsáid alcóil, gníomhaíocht fhisiciúil, réim bia agus folláine meabhairshláinte.

Dúirt an tAire Varadkar: “Tá roinnt athruithe dearfacha tagtha chun cinn ón suirbhé SLÁN sa bhliain 2007, lena n-áirítear laghdú eile i rátaí caitheamh tobac Is amhlaidh go mbíonn líon na gcásanna róthroime ag teacht ar leibhéal seasta agus go mbíonn tuilleadh daoine ag dul i mbun aclaíocht rialta freisin. Mar sin féin, tá roinnt rioscaí tromchúiseacha ann do shláinte an náisiúin amach anseo, lena n-áirítear mí-úsáid alcóil, patrúin ólacháin dhochracha, agus an líon suntasach daoine nach ndéanann go leor aclaíochta nó atá róthrom go fóill.

“Tugtar roinnt faisnéise úsáidí dúinn sa suirbhé seo agus tabharfar faoi ar bhonn bliantúil. Ní féidir leat feabhas a chur ar an scéal mura dtomhaiseann tú é Cuirfidh an suirbhé le beartais nua ar mhurtall, ar shláinte ghnéasach agus ar ghníomhaíocht fhisiciúil agus leis an reachtaíocht um úsáid tobac a rialú. Foilseoimid an Bille Sláinte Poiblí um Alcól roimh i bhfad freisin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a aithint gur gá don tsochaí ina hiomláine oibriú leis an Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Is leis an gcreat Éire Shláintiúil a thugtar an-deis dúinn déanamh amhlaidh.”

Tá na nithe seo a leanas i measc na bpríomhthorthaí eile atá ar an Suirbhé Éire Shláintiúil:

  • Tá ráta na ndaoine a chaitheann tobac gach lá tar éis titim go 19% agus is mó líon na n-iarchaiteoirí ná líon na gcaiteoirí reatha anois
  • Tá sé beartaithe ag 63% de chaiteoirí éirí as an tobac, nó tá siad ag smaoineamh faoi éirí as an tobac
  • Tá an céatadán den daonra atá róthrom nó murtallach tar éis teacht ar leibhéal seasta. Is ard atá an céatadán sin go fóill, áfach, agus é cothrom le 60%
  • Ní chomhlíonann ach 32% den daonra na moltaí náisiúnta maidir le gníomhaíocht fhisiciúil
  • Ba é an t-athrú ba choitianta a roghnaigh daoine aonair chun feabhas a chur ar a sláinte agus ar a bhfolláine ná “a bheith níos gníomhaí go fisiciúil”
  • Déanann 39% d’óltóirí ragús agus iad ag ól
  • Níor aithin ach 15% díobh siúd a bhíonn ag ól ag leibhéil dhochracha go ndéanann alcól dochar dá sláinte

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine ag an Roinn Sláinte: “Is eol dúinn in Éirinn go mbíonn méadú ollmhór ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil galar ainsealach orthu. “Cé go mbímid ag díriú ar fheabhas a chur ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht na seirbhísí sláinte a theastaíonn chun cúram a thabhairt do na hothair sin, agus an ceart ar fad againn déanamh amhlaidh, is gá dúinn freisin tuilleadh béime a chur ar chosc toisc gurb eol dúinn gur féidir formhór na ngalar ainsealach sin a chosc. Beimid in ann na sonraí luachmhara atá sa Suirbhé seo a úsáid chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le raon fadhbanna amhail rothroime agus murtall, úsáid alcóil fhadhbach, caitheamh tobac agus neamhghníomhaíocht fhisiciúil.” Mhínigh sé freisin go gcabhródh na torthaí ar an Suirbhé leis an Roinn Sláinte agus lena cuid geallsealbhóirí eolas a thabhairt don treo beartais reatha agus go n-úsáidfí iad chun freagairtí beartais nua a fhorbairt bunaithe ar an bhfianaise shuntasach atá ann ar iompraíochtaí sláinte in Éirinn.

Rinne Ipsos MRBI an Suirbhé Éire Shláintiúil thar ceann na Roinne Sláinte. Tugadh cuairt idir mí na Samhna 2014 agus mí Lúnasa 2015 ar 7,539 nduine a bhí 15 bliana d’aois nó ní ba shine ó shampla ionadaíoch teaghlach in Éirinn a roghnaíodh go randamach. Cuireadh ceisteanna orthu faoi ábhair éagsúla, lenar áiríodh sláinte ghinearálta, caitheamh tobac, alcól, réim bia agus cothú, gníomhaíocht fhisiciúil, bainistíocht meáchain, nascacht ó thaobh na sochaí de, folláine, an néaltrú agus sláinte ghnéasach.

Cuireadh fianaise ar fáil sa Suirbhé freisin ar shaincheisteanna amhail nascacht ó thaobh na sochaí de, an néaltrú agus folláine. Ar na torthaí suimiúla ar an Suirbhé Éire Shláintiúil tá na nithe seo:

  • Glacann 47% den daonra páirt i ngrúpa sóisialta
  • Deir 85% den daonra go bhfuil sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith acu ach, i gcás 28% de dhaoine, tá galar fadbhunaithe orthu nó tá fadhb shláinte acu
  • Tá aithne ag 50% den daonra ar dhuine amháin ar a laghad a bhfuil néaltrú air
  • Taifeadadh leibhéil ní b’airde de mheabhairshláinte dhearfach i measc fear ná i measc ban
  • Measadh gur dhóigh go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag 9% den daonra

Le foilsiú an tSuirbhé Éire Shláintiúil, cuirtear faisnéis luachmhar ar fáil faoi iompraíochtaí sláinte, folláine agus stíl mhaireachtála agus faoin dóigh a dtéann na hiompraíochtaí sin i bhfeidhm ar dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn.

De bhreis ar cheistneoir an tsuirbhé a chomhlánú, iarradh ar na daoine aonair ar cuireadh agallamh orthu tabhairt faoi mhodúl tomhais fhisiciúil. Rinne na hagallóirí airde, meáchan agus imlíne choime na bhfreagraithe a thomhas agus a thaifeadadh. Ghlac 6,144 fhreagraí (81%) san iomlán páirt sa mhodúl sin.

Tar éis dóibh ceistneoir an tsuirbhé a chomhlánú, iarradh ar fhreagraithe a bhí 17 mbliana d’aois nó ní ba shine ceistneoir féinchomhlánaithe ar shaincheisteanna a bhaineann le sláinte ghnéasach a chomhlánú. Ghlac 6,529 bhfreagraí (87% díobh sin a bhí 17 mbliana d’aois nó ní ba shine) san iomlán páirt sa mhodúl sin.

Áiríodh leis an Suirbhé modúl a bhaineann le feasacht ar an néaltrú mar thomhas bonnlíne chun cabhrú le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta maidir le Néaltrú.

Críoch

Nóta d’Eagarthóirí

Eolas cúlra faoin suirbhé:
Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte an Suirbhé Éire Shláintiúil chun nuashonrú a dhéanamh ar na sonraí a bhí ar fáil faoi raon saincheisteanna sláinte ó SLÁN 2007, an mórshuirbhé deireanach ar shláinte a rinneadh in Éirinn, i leith.

Tar éis próiseas tairisceana poiblí, coimisiúnaíodh Ipsos MRBI, an chuideachta neamhspleách taighde agus suirbhé tuairimí, chun an Suirbhé Éire Shláintiúil a dhéanamh gach bliain go ceann tréimhse trí bliana thar ceann na Roinne Sláinte.

Tá athruithe móra ar chúinsí eacnamaíocha agus sóisialta tagtha aníos in Éirinn ón mbliain 2007 i leith agus táthar ag cur ar fáil ar bhonn náisiúnta leis an Suirbhé Éire Shláintiúil foinse sonraí atá láidir, inchreidte agus tráthúil faoi raon iompraíochtaí sláinte. Bainfear úsáid as na sonraí sin chun buntacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun lear mór oibleagáidí idirnáisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin chun tuairisciú don ECFE, don AE agus don EDS.

Cuirtear ar fáil le torthaí an tSuirbhé faisnéis thábhachtach luachmhar agus foinse dhaingean sonraí ar féidir leis an Roinn Sláinte agus lena cuid geallsealbhóirí monatóireacht, tomhas agus meas a dhéanamh ar an dul chun cinn ar ghnéithe éagsúla den Chreat Éire Shláintiúil a chur chun cinn ina n-éadan agus le haghaidh eolas a dhéanamh do bheartas agus do thacaíocht agus soláthar clár agus cuntasacht a fheabhsú.

Éire Shláintiúil

Is é is Éire Shláintiúil ann ná tionscnamh atá treoraithe ag an Rialtas arb é is aidhm dó sochaí a chruthú in Éirinn inar féidir le gach duine sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte a bheith acu agus ina bhfuil meas ar fholláine agus ina dtacaítear léi ar fud na sochaí ar fad. Tháinig Éire Shláintiúil aníos de bharr buarthaí go bhfuilimid ag druidim le saol sa todhchaí atá fíor-neamhshláintiúil agus nach féidir linn íoc as de dheasca stádas sláinte reatha mhuintir na hÉireann, lena n-áirítear treochtaí stíl mhaireachtála agus éagothromaíochtaí sláinte. Is é aidhm Éire Shláintiúil faisnéis chruinn a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail faoi conas sláinte agus folláine a fheabhsú agus iad a chumhachtú agus a spreagadh ach an rogha is fusa a dhéanamh den rogha shláintiúil.