Preasráitis

Seolann Simon Harris, an tAire Sláinte, Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta nua maidir le hAilse Ubhagáin agus maidir le hAilse Éasafagais

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, dhá cheann de Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta nua a sheoladh inniu (Déardaoin) chun cabhrú le gairmithe cúram sláinte othair a bhfuil ailse an acomhail éasafagaigh nó éasafagagastraigh orthu a dhiagnóisiú, a chéimniú agus a chóireáil agus othair a bhfuil ailse ubhagáin orthu a dhiagnóisiú agus a chéimniú.

Ba iad grúpaí ildisciplíneacha a d’fhorbair na treoirlínte le tacaíocht ón gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá faoi stiúir ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ba é an Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil sa Roinn Sláinte a dhearbhaigh iad ó thaobh cáilíochta de. Bhí forbairt na treoirlíne maidir le hailse ubhagáin faoi chomhchathaoirleacht ag an Dr Josephine Barry agus ag an Dr Ciarán Ó Riain. Bhí forbairt na treoirlíne maidir le hailse an acomhail éasafagaigh agus éasafagagastraigh faoi chathaoirleacht ag an Ollamh John Reynolds.

Mórdhúshlán cúram sláinte ar fud an domhain go fóill is ea an ailse. Is againn in Éirinn atá ceann amháin de na rátaí is airde san Eoraip ó thaobh ailse ubhagáin de agus ó thaobh ailse éasafagais de araon. Tá na rátaí sin cothrom le 16.1 duine agus 7.9 duine in aghaidh 100,000 duine faoi seach agus meastar go méadóidh minicíocht na hailse ubhagáin agus na hailse éasafagais araon. Is é moladh 37 sa Straitéis Náisiúnta Ailse 2017 – 2026 an bunús do Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta maidir le cúram ailse a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Leagtar béim sa Straitéis Náisiúnta Ailse ar chosc, ar luathdhiagnóisiú, ar chóireáil agus ar cháilíocht na beatha.

Ag labhairt dó ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Harris, “Tá an-dul chun cinn déanta faoinár Straitéis Náisiúnta Ailse, agus treo beartais fianaisebhunaithe soiléir tugtha ag an Roinn Sláinte agus cur chun feidhme láidir déanta ag an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse. Tháinig feabhas suntasach ar rátaí marthanais ailse in Éirinn le blianta beaga anuas freisin.

“Leagadh béim sa Straitéis Ailse go bhféadfaí, trí luathdhiagnóisiú a bhreisiú, réimse na hailse in Éirinn a athrú trí mhortlaíocht a laghdú agus trí mharthanas agus cáilíocht na beatha a fheabhsú. Tá Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta dianfhorbartha, cosúil leis na cinn atá á seoladh againn inniu, ina modh trínar féidir a chinntiú go bhfaighidh ár saoránaigh an cúram is fearr is féidir, is cuma cén riocht leighis atá orthu agus cén chuid den tír ina bhfuil cóireáil á cur orthu. Rud tábhachtach domsa is ea go bhfuil siad ina modh trínar féidir othair a chumhachtú cinntí eolasacha a dhéanamh ar a gcúram féin.

“Gné thábhachtach dár gcuid oibre ina leith sin is ea na treoirlínte nua seo, a chuirfear chun feidhme ina n-iomláine ar fud na seirbhíse sláinte anois agus a úsáidfear chun an galar a chóireáil ar bhealach níos fearr agus níos sábháilte ar fud na hÉireann. Tá na treoirlínte bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil agus ar na torthaí ó chomhairliúchán poiblí iomlán, agus rinne saineolaithe idirnáisiúnta athbhreithniú orthu. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag an gCoiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil maidir le sábháilteacht othar agus cáilíocht a chur ar aghaidh agus clár oibre na hÉireann um éifeachtacht chliniciúil a chothú faoi chathaoirleacht an Ollaimh Karen Ryan. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse agus le gach duine a chuir leis na treoirlínte atá á seoladh inniu.”

Dúirt an Dr Josephine Barry, Raideolaí Comhairleach le haghaidh ailse ubhagáin in Ospidéal Ollscoile Chorcaí agus Comhchathaoirleach ar an nGrúpa Forbartha Treoirlíne, “Sa doiciméad seo, tugtar do ghairmithe sláinte treoirlínte atá cothrom le dáta maidir leis an dea-chleachtas in othair a meastar go bhfuil ailse ubhagáin orthu a dhiagnóisiú agus a chéimniú. Dírítear ann freisin ar na gnéithe géiniteacha den ailse ubhagáin”.

Dúirt an Dr Ciarán Ó Riain, Histeapaiteolaí Comhairleach in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath, agus an Comhchathaoirleach eile ar an nGrúpa, “D’fhéadfadh go mbeadh ailse ubhagáin ar an gcéad léiriú ar dhá cheann de na siondróim is coitianta ó oidhreacht a bhíonn taobh thiar de roinnt cineálacha difriúla ailse a fhorbairt. Moltar sa treoirlíne seo go dtairgfí tástáil d’fhoghrúpaí cuí ban chun a fháil amach cé acu is ann nó nach ann do shóchán BRCA ina measc. Tugann an méid sin deis dúinn gabháil do chinnteoireacht lán-chomhroinnte agus rogha eolasach a thairiscint d’othair a rioscaí sláinte féin a bhainistiú de réir a mianta agus a luachanna. Tugann sé deis dúinn freisin cur chuige réamhghabhálach a ghlacadh i leith shláinte na mban a bhfuil ailse ubhagáin orthu agus i leith shláinte a dteaghlaigh”.

Dúirt Joan Moore agus Valerie Timmons, a rinne ionadaíocht don Chumann Éireannach um Rannpháirtíocht an Phobail agus Rannpháirtíocht Othar san Oinceolaíocht Ghínéiceolaíoch (ISGOPPI) ar an nGrúpa Forbartha Treoirlíne, “Ba mhór an onóir dúinn gur iarr ISGOPPI orainn ionadaíocht a dhéanamh d’othair reatha agus d’othair amach anseo ar Ghrúpa Forbartha Treoirlíne an Chláir Náisiúnta Rialaithe Ailse. Tá súil againn go mbainfear diagnóisiú níos luaithe amach agus go gcuirfear feabhas ar na torthaí do mhná a bhfuil ailse ubhagáin orthu mar thoradh ar an obair sin.”

Dúirt an tOllamh John Reynolds, Cathaoirleach an Ghrúpa Forbartha Treoirlíne um Ailse Éasafagais/Ailse an Acomhail Éasafagaigh agus Éasafagagastraigh, “Tháinig méadú suntasach ar mhinicíocht na hailse éasafagais in Éirinn agus sa Domhan Thiar, agus tá murtall, tobac agus dian-aife aigéid ar na príomhthosca taobh thiar den mhéadú sin. Is mór an eagla roimh an ailse éasafagais toisc gur gnách go dtagann sí chun cinn ag céim dhéanach agus go mbíonn cóireáil an-chasta, go háirithe máinliacht an-chasta, i gceist léi. Is ionann na Treoirlínte seo agus mórfhiontar ildisciplíneach idir speisialtóirí éasafagais agus ionadaithe othar ar thaobh an Chláir Náisiúnta Rialaithe Ailse. Leagtar amach iontu an dul chun cinn a rinneadh ar chéimniú, ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil, rud is bun le caighdeán nua-aimseartha cúraim ar fud na Lárionad ainmnithe uile in Éirinn. Tugann an dul chun cinn sin misneach dúinn gur féidir linn rátaí leighis a fheabhsú.”

Dúirt an Dr Eve O’Toole, Treoraí um Threoirlínte sa Chlár Náisiúnta Rialaithe Ailse, “Sna treoirlínte fianaisebhunaithe seo, comhtháthaítear an dea-chleachtas reatha le saineolas cliniciúil agus le luachanna othar chun bealaí inar féidir cúram a sholáthar a mholadh.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá na treoirlínte ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

An Coiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil (CNÉC)

Comhpháirt thábhachtach de shábháilteacht othar is ea éifeachtacht chliniciúil. Tríd an bhfianaise is fearr ar sholáthar seirbhíse a chomhtháthú ach úsáid a bhaint as próiseas um éifeachtacht chliniciúil, cuirtear cúram sláinte chun cinn atá cothrom le dáta, éifeachtach agus comhsheasmhach. Áirítear le próisis éifeachtachta cliniciúla treoirlínte, iniúchóireacht agus treoir maidir le cleachtas.

Téarmaí Tagartha CNÉC

1. Ceannaireacht straitéiseach a thabhairt don chlár oibre náisiúnta um éifeachtacht chliniciúil.
2. Rannchuidiú leis na cláir oibre náisiúnta um shábháilteacht othar agus um fheabhsú cáilíochta.
3. Caighdeáin um threoir maidir le cleachtas cliniciúil a fhoilsiú.
4. Treoir maidir le Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus maidir le hIniúchóireacht Chliniciúil Náisiúnta a fhoilsiú.
5. Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchtaí Cliniciúla Náisiúnta a chur in ord tosaíochta agus a dhearbhú ó thaobh cáilíochta de.
6. Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchtaí Cliniciúla Náisiúnta a choimisiúnú.
7. Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus Iniúchtaí Cliniciúla Náisiúnta a ailíniú le luamháin chur chun feidhme.
8. Tuairisc thréimhsiúil a thabhairt ar chur chun feidhme agus ar thionchar na dTreoirlínte Cliniciúla Náisiúnta agus ar fheidhmíocht na hIniúchóireachta Cliniciúla Náisiúnta.
9. Fochoistí a bhunú do shreafaí oibre CNÉC.
10. Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú.

Tá tuilleadh faisnéise faoin gCoiste Náisiúnta um Éifeachtacht Chliniciúil agus faoi na Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

An Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá faoi stiúir ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Cuireadh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse ar bun sa bhliain 2007 chun a chinntiú go ndéanfaí na gnéithe uile den bheartas ailse a sholáthar a mhéid ab fhéidir. Leanann an Clár ar aghaidh le seirbhísí ailse a atheagrú ar mhaithe le torthaí níos fearr a bhaint amach d’othair. Is é an aidhm atá le rialú ailse ná ailse a chosc, ailse a chóireáil agus rátaí marthanais agus an caighdeán saoil a fheabhsú i measc daoine a mbuaileann ailse iad tríd an eolas a ghnóthaítear trí thaighde, trí fhaireachas agus trí mheastóireacht ar thorthaí a aistriú ina straitéisí agus ina ghníomhartha.

Tá tuilleadh faisnéise faoin gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse ar fáil ar shuíomh Gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.