Preasráitis

Seolann Simon Harris, an tAire Sláinte, an Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026

Is é an aidhm atá leis an bplean uaillmhianach 10 mbliana rátaí marthanais a bheidh i measc na gceann is airde san Eoraip a bhaint amach trí dhíriú ar chosc, ar luathdhiagnóisiú, ar chóireáil agus ar cháilíocht na beatha

#cancerstrategy17

Rinne Simon Harris, an tAire Sláinte, an leagan nua de Straitéis Náisiúnta Ailse na hÉireann a sheoladh inniu (Dé Céadaoin), tar éis don Rialtas í a cheadú le déanaí. Is straitéis uaillmhianach deich mbliana í.

Is é aidhm na Straitéise Náisiúnta Ailse 2017 – 2026 cásanna ailse a chosc ar fud an phobail, cásanna ailse a luathdhiagnóisiú agus an cúram is fearr is féidir a chur ar fáil d’othair agus cáilíocht a mbeatha a uasmhéadú.

Leagtar ceithre sprioc amach sa Straitéis:

  • Ualach na hAilse a Laghdú;
  • An Cúram is Fearr is Féidir a Chur ar Fáil;
  • Rannpháirtíocht Othar agus Cáilíocht a mBeatha a Uasmhéadú; agus
  • Athrú a Chumasú agus a Áirithiú.

Ag seoladh na Straitéise dó, dúirt an tAire Harris, “Is beag teaghlach atá ann in Éirinn nach ndeachaigh ailse i bhfeidhm ar a shaol. Ar an drochuair, is eol go maith dúinn an cruachás, an phian agus an caillteanas a ghabhann léi. Is dúshlán é ar gá dúinn go léir dul i ngleic leis mar thír. Tá an-dul chun cinn déanta faoin Straitéis Náisiúnta Ailse atá ann cheana i ndáil le feabhas a chur ar sheirbhísí oinceolaíochta máinliachta, radaíochta agus míochaine, ar chlinicí mear-rochtana agus ar scagthástáil ailse. A bhuí leis an dul chun cinn sin, tá feabhas tagtha ar thorthaí othar agus ar rátaí marthanais araon. Mar sin féin, is gá dúinn an chéad chéim eile a ghlacadh anois.”

Áirítear iad seo a leanas leis na príomh-mholtaí atá sa Straitéis:

  • Go bhforbródh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá á reáchtáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) feidhm um ailse a chosc i gcomhar leis an mórthionscnamh um Éire Shláintiúil.
  • Go gcuirfí acmhainn chuí ionscópachta ar fáil sna hospidéil ionas go bhféadfaí an clár BowelScreen (an Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige) a leathnú chuig gach duine idir 55-74 bliain d’aois faoi dheireadh na bliana 2021.
  • Go bhforbrófaí plean chun feabhas a chur ar na conairí cúraim idir cúram príomhúil agus cúram tánaisteach le haghaidh ailsí sonracha.
  • Go bhforbródh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá á reáchtáil ag FSS critéir atreoraithe chun a chinntiú go mbeadh rochtain dhíreach ag liachleachtóirí ginearálta ar dhiagnóisic ailse laistigh d’amlínte comhaontaithe.
  • Go gceapfaí Ceannaire Náisiúnta um Dhiagnóisic Mhóilíneach Ailse le haghaidh urchóideachtaí soladacha agus leachtacha.
  • Go gcuirfí saoráid aoisoiriúnach d’ógánaigh agus d’aosaigh óga a bhfuil ailse orthu ar fáil laistigh den ospidéal nua do leanaí.
  • Go neartófaí na naisc idir seirbhísí ailse agus go n-éascófaí an obair sin trí Cheannaire Cliniciúil Náisiúnta um Oinceolaíocht Gheiriatrach a cheapadh.
  • Go mbeadh am cosanta ag Comhairleoirí Ailse agus ag Ardchleachtóirí Altranais ionas go bhféadfaidís spéiseanna taighde a shaothrú ina bpost nua.
  • Go gceapfaí Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta um Altranas Ailse chun tacú le cleachtas agus le taighde.
  • Go ndéanfadh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse atá á reáchtáil ag FSS forbairt, foilsiú agus faireachán a dhéanamh ar chlár táscairí náisiúnta cáilíochta cúram sláinte, ar táscairí iad a bheadh ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire, “Leanfaidh ualach na hailse ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí araon de bheith ag fás mura gcuirimid feabhas suntasach ar an dóigh a ndéanaimid cásanna ailse a chosc, a luathdhiagnóisiú agus a chóireáil. Meastar go méadóidh an líon cásanna ailse faoi 50% i measc na bhfear agus faoi 40% i measc na mban in Éirinn faoin mbliain 2025. Meastar go méadóidh sé faoi dhó, beagnach, faoin mbliain 2040 freisin. Leagtar sprioc uaillmhianach amach sa Straitéis seo, agus é mar aidhm againn bheith sa cheathairíl is airde san Eoraip ó thaobh rátaí marthanais ailse de faoi dheireadh thréimhse na Straitéise. Is le bearta um ailse a chosc a thairgtear an cur chuige fadtéarmach is costéifeachtaí i leith rialú ailse. Mar a tharlaíonn, is féidir 30-40% de chásanna ailse a sheachaint trí fheabhas a chur ar aiste bia, trí thuilleadh aclaíochta a dhéanamh, trí úsáid alcóil a laghdú, trí nochtadh do radaíocht ultraivialait a íoslaghdú agus, ar ndóigh, trí thobac a sheachaint.”

Dúirt an tAire freisin, “Má táimid chun ár spriocanna a bhaint amach, beidh géarghá ann le cásanna ailse a luathdhiagnóisiú. Imríonn scagthástáil ailse ról ríthábhachtach maidir leis an líon idirghabhálacha cóireála a theastaíonn a laghdú agus maidir le torthaí rathúla a bhaint amach.  Moltar sa Straitéis nua go leanfaí ar aghaidh le scagthástáil ailse a leathnú. Tá BreastCheck (an Clár Scagthástála Náisiúnta Cíoch), lena gcumhdaítear mná idir 50-64 bliain d’aois faoi láthair, á leathnú anois chuig mná idir 65 bliana d’aois agus 69 mbliana d’aois, agus an dá aois sin san áireamh. Moltar go leathnófaí BowelScreen chuig gach duine idir 55-74 bliain d’aois freisin. Aidhm eile atá leis an Straitéis nua is ea a chinntiú go bhfaighidh othair an cúram riachtanach ar bhealach tráthúil ó shainfhoireann chliniciúil sa láthair is fearr is féidir.  Maidir leis sin, moltar sa Straitéis go leathnófaí seirbhísí oinceolaíochta radaíochta agus míochaine. Moltar inti freisin go gcomhchruinneofaí seirbhísí máinliachta sna hionaid ainmnithe.”

Cúis áthais ar leith don Aire Harris ba ea gur tugadh an-aird ar thuairimí othar le linn fhorbairt na Straitéise. Dúirt sé, “Tá thart ar 150,000 duine sa tír seo faoi láthair a tháinig slán ó ailse. Méadóidh an figiúr sin de réir mar a mhéadaítear minicíocht na gcásanna ailse agus de réir mar a thagann feabhas ar chóireálacha. Chuir an Fóram Othar Ailse ionchur láidir eolach ar fáil agus an Straitéis á forbairt. Bhí an t-ionchur sin ríthábhachtach maidir le sinn a chumasú straitéis a fhorbairt atá freagrúil do riachtanais othar faoi láthair agus a bheidh freagrúil do riachtanais othar amach anseo. Leanfaidh othair ar aghaidh le tionchar a imirt nuair a chuirfear an Coiste Comhairleach Othar Ailse ar bun, áit a mbeidh ról ag ionadaithe othar i gceapadh beartas agus i bpleanáil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil inniu leis na baill de Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Ailse as an tiomantas a bhí acu don obair seo. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Ollamh John Kennedy, Cathaoirleach an Ghrúpa, as an gceannaireacht dhochloíte agus as an léargas a thug sé le linn an phróisis.”

Labhair Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, ag an seoladh freisin. Dúirt sí, “Tá áthas orm a fheiceáil gurb amhlaidh, faoin Straitéis nua seo, go bhforbróidh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse in FSS feidhm um ailse a chosc agus go stiúrfaidh sé an obair chun forbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar bheartais agus ar chláir atá dírithe ar ailse a chosc. Is gá dúinn a chuimhneamh gur féidir linn go léir tionchar a imirt ar an riosca ailse agus gur féidir linn ailse a chosc trí roghanna níos sláintiúla stíl mhaireachtála a dhéanamh.”

Dúirt an tOllamh John Kennedy, an Cathaoirleach ar Ghrúpa Stiúrtha na Straitéise Ailse, “Féachaim ar an Straitéis seo mar threoirphlean is féidir a leanúint chun seirbhísí ailse a fhorbairt thar an gcéad 10 mbliana eile, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar an dul chun cinn idirnáisiúnta a bhíonn á dhéanamh ar an ngalar a chomhrac.”

Dúirt Mairéad Mangan, an t-ionadaí ón bhFóram Othar Ailse: “Uaireanta, bíonn an saol an-uaigneach do dhaoine a tháinig slán as ailse. Mar sin, is mórúdar misnigh é go raibh ról ag othair i bhforbairt na straitéise seo agus go gcuirtear béim láidir inti ar sheirbhísí marthanais, síocoinceolaíochta agus síceasóisialta.”

Dúirt Tony O’Brien, Ard-Stiúrthóir FSS: “Agus mé ag fáiltiú roimh an tríú straitéis ailse seo, tá aird agam ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta faoi straitéisí roimhe seo. Tá an dul chun cinn sin le feiceáil san fheabhas suntasach atá tagtha ar rátaí marthanais sa tír seo. Tá FSS lántiomanta do leibhéil dul chun cinn den chineál céanna a bhaint amach thar an gcéad deich mbliana eile. Beidh sé mar aidhm againn ár seirbhísí a fhorbairt, tionscnaimh nua a cheapadh, taighde cliniciúil a fheabhsú agus feabhas eile a chur ar cháilíocht, ar thorthaí cóireála agus ar rátaí marthanais i measc othair ailse na hÉireann.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí 

  1. Cúlra

An Gá atá ann leis an Straitéis

Meastar go méadóidh an líon cásanna ailse in Éirinn thar thréimhse na Straitéise, agus é ag méadú faoi dhó, beagnach, faoin mbliain 2040.  Is é an phríomhchúis atá leis sin ná go mbíonn ár ndaonra ag méadú agus ag aosú i gcónaí agus go méadaíonn an riosca ailse de réir mar a théitear in aois.  A bhuí leis na feabhsuithe atá tagtha ar chóireálacha ailse, bíonn ag méadú ar an líon daoine a thagann slán as ailse freisin. Tá 150,000 duine ann in Éirinn faoi láthair a tháinig slán as an ngalar.  Cé go bhfuil sláinte mhaith ag cuid mhór de na daoine sin, is amhlaidh, mar gheall ar an líon méadaithe cásanna ailse agus ar chomhghalrachtaí a thagann chun cinn de réir mar a théitear in aois, go mbíonn brú suntasach á chur ar ár seirbhísí sláinte ar fad.

An Straitéis a Fhorbairt

Ionas go bhféadfadh sí a chinneadh cé na príomhréimsí ar cheart díriú orthu sa Straitéis nua, d’fhostaigh an Roinn Sláinte Grúpa Meastóireachta idirnáisiúnta chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar ár seirbhísí ailse. Sa tuarascáil ón nGrúpa Meastóireachta (a foilsíodh go luath sa bhliain 2015), tarraingíodh aird ar an dul chun cinn a rinneadh faoin Straitéis a foilsíodh sa bhliain 2006, go háirithe bunú an Chláir Náisiúnta Rialaithe Ailse agus na n-ocht n-ionad ainmnithe ailse. Sainaithníodh inti freisin, áfach, gur ghá aird a thabhairt ar roinnt réimsí éagsúla.  Áiríodh leo sin an gá a bhí ann le seirbhísí máinliachta a lárú tuilleadh, le haghaidh a thabhairt ar easnaimh foirne i ngach réimse den chúram ailse agus le seirbhís agus le tacaíocht chuimsitheach síocoinceolaíochta a chur ar fáil.  Ag an am céanna, d’ullmhaigh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse tuarascáil mhionsonraithe ar an obair a bhí déanta aige óna bhunú sa bhliain 2007.

Reáchtáil an Roinn Comhairliúchán Poiblí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na Straitéise.  Tugadh cuireadh do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí a chur isteach faoi láidreachtaí agus faoi laigí na seirbhísí ailse agus moltaí a dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí feabhas a chur orthu.  Ba iad na príomh-shaincheisteanna a tarraingíodh anuas ná an gá atá ann le seirbhísí a athchumrú (an bonneagar daonna agus an bonneagar fisiciúil araon), le tuilleadh tacaíochta sóisialta agus airgeadais a chur ar fáil agus le seirbhísí pobalbunaithe a fhorbairt. Leagadh béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le bearta um ailse a chosc agus le feasacht an phobail a mhéadú.

Cuireadh Grúpa Stiúrtha na Straitéise Ailse ar bun i mí Aibreáin 2015, agus é comhdhéanta de raon leathan daoine a bhí ag gabháil do sheirbhísí ailse. Bhí sé de dhualgas ar an nGrúpa moltaí a dhéanamh do leagan nua den Straitéis Náisiúnta Ailse. Cuireadh Fóram Othar Ailse ar bun freisin. Rinne na baill den Fhóram ionadaíocht d’othair agus d’eagraíochtaí a raibh taithí acu ar a lán cineálacha ailse agus a tháinig ó raon leathan áiteanna. Rinneadh ionadaíocht don Fhóram ar an nGrúpa Stiúrtha ionas go bhféadfaí ionchur othar a éascú agus ionas go bhféadfaí a chinntiú go mbeadh gach ball den Fhóram ar an eolas go hiomlán i gcónaí faoi na saincheisteanna a bhain le forbairt na Straitéise.

  1. Fís agus Spriocanna na Straitéise

Is é seo a leanas fís na Straitéise:

“Agus sinn ag obair le chéile, déanfaimid ár ndícheall ailse a chosc agus feabhas a chur ar chóireáil, ar shláinte agus folláine, ar eispéireas agus ar thorthaí gach duine a bhfuil ailse orthu agus gach duine a tháinig slán aisti”. 

Leagtar ceithre sprioc amach sa Straitéis, ar spriocanna iad a bheidh ríthábhachtach maidir le comhlíonadh na físe sin. Tá roinnt cuspóirí ag gabháil le gach sprioc freisin. Is iad seo a leanas spriocanna na Straitéise:

  • Ualach na hAilse a Laghdú;
  • An Cúram is Fearr is Féidir a Chur ar Fáil;
  • Rannpháirtíocht Othar agus Cáilíocht a mBeatha a Uasmhéadú; agus
  • Athrú a Chumasú agus a Áirithiú.

Ualach na hailse a laghdú

Cosc

  • Is le bearta um ailse a chosc a thairgtear an cur chuige fadtéarmach is costéifeachtaí i leith rialú ailse. Tá 30% – 40% de chásanna ailse inchurtha i leith tosca inathraithe stíl mhaireachtála agus comhshaoil.
  • Comhtháthófar bearta um ailse a chosc leis na mórthionscnaimh shláinte agus folláine atá ar siúl faoin gclár um Éire Shláintiúil, lena n-áirítear na tionscnaimh atá dírithe orthu seo a leanas: Tobac, Alcól, Aiste Bia agus Aclaíocht. Forbróidh an Clár Náisiúnta Rialaithe Sláinte feidhm um ailse a chosc freisin.

Luathdhiagnóisiú

  • Baineann ríthábhachtach le cásanna a dhiagnóisiú a luaithe is féidir maidir le rátaí mortlaíochta a laghdú agus maidir le rátaí marthanais a mhéadú. Tá sé riachtanach go bhfuil an pobal agus gairmithe araon ar an eolas faoi na comharthaí rabhaidh agus faoina thábhachtaí atá sé iad a sheiceáil go luath. Is é aidhm na Straitéise rochtain níos fearr a thabhairt do liachleachtóirí ginearálta ar dhiagnóisic agus critéir luath-atreoraithe a chur ar fáil dóibh.

Scagthástáil

  • Leanfar ar aghaidh le hiarracht a dhéanamh a chinntiú go nglacfaidh daoine le coinní scagthástála ailse a thairgtear trí na cláir BreastCheck, CervicalCheck (an Clár Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs) agus BowelScreen.
  • Leanfar ar aghaidh leis an gclár BreastCheck a leathnú ó thaobh aoise de (chuig mná idir 65-69 bliain d’aois). Beartaítear an clár BowelScreen a leathnú chuig gach duine idir 55-59 bliain d’aois agus gach duine idir 70-74 bliain d’aois freisin.

An cúram is fearr is féidir a chur ar fáil

Feabhsuithe ar an tSamhail Chúraim

  • Is é an aidhm fhoriomlán go mbeidh samhlacha cúraim i bhfeidhm againn trína bhfaighidh othair an cúram riachtanach (diagnóisic, máinliacht, radaíocht, etc.) ar bhealach tráthúil ó shainfhoireann chliniciúil sa láthair is fearr is féidir.
  • A bhuí le dul chun cinn teicneolaíoch, bíonn feabhas ag teacht i gcónaí ar an dóigh a mbraitear cásanna ailse agus ar an dóigh a gcóireáiltear iad agus ar rátaí marthanais. Is féidir géanómaíocht, géineolaíocht ailse agus diagnóisic mhóilíneach a úsáid chun feabhas a chur ar dhiagnóisiú agus ar mhíochaine phearsantaithe freisin. Leagtar amach sa Straitéis na forbairtí a dhéanfar sna réimsí sin. 

An chóireáil cheart a chur ar fáil 

  • Sa Straitéis seo, cuirtear leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo trí thacaíocht a thabhairt don ról tábhachtach atá ag ionaid ainmnithe ailse i gcóireáil ailse. Déanfar seirbhísí máinliachta a lárú le haghaidh tuilleadh ailsí chun a chinntiú go gcuirfear an chóireáil is fearr is féidir ar fáil agus go mbainfear torthaí níos fearr amach.   Déanfar seirbhísí oinceolaíochta radaíochta a fhorbairt tuilleadh freisin.  Bainfear leas méadaithe as foirne ildisciplíneacha chomh maith.
  • Méadófar ualach agus castacht na hoinceolaíochta míochaine mar gheall ar an méadú a thiocfaidh ar chásanna ailse agus ar an líon othar a bheidh ag fáil cóireáil ghníomhach agus mar gheall ar na drugaí nua a bheidh ar fáil. Mar sin, déanfaidh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse scrúdú ar an tsamhail chúraim ba cheart a úsáid d’othair a dteastaíonn cógais bhéil frithailse uathu.
  • Díreofar go sonrach sa Straitéis ar sheirbhísí ailse do leanaí agus d’óganáigh/aosaigh óga. Leis an ospidéal nua do leanaí, tabharfar deis dúinn saoráid aoisoiriúnach a bhunú d’ógánaigh agus d’aosaigh óga a bhfuil ailse orthu.
  • Áirítear iad seo a leanas leis na réimsí eile a chumhdaítear sa Straitéis:
    • Urchóideachtaí haemaiteolaíocha/liomfóma
    • Ailsí annamha
    • Ailsí in othair scothaosta
    • Cúram síceasóisialta
    • Cúram maolaitheach

Rannpháirtíocht othar agus cáilíocht a mbeatha a uasmhéadú 

Rannpháirtíocht Othar

  • Cuirfear rannpháirtíocht othar i gceapadh beartas agus i soláthar seirbhíse chun cinn ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Cuirfear Coiste Comhairleach Othar Ailse ar bun freisin.

Marthanas

  • Tá gá ann le cláir mharthanais a fhorbairt agus a chur chun feidhme d’othair a tháinig slán as ailse. Cuirtear béim sa Straitéis ar cháilíocht na beatha a uasmhéadú do na hothair sin.
  • Tairgfear Pleananna Cóireála Othair agus Pleananna Cúraim Achoimre d’othair chun tacú leo freisin, ar pleananna iad lena gcumasófar dóibh a gcúram a fhéinbhainistiú.

Athrú a Chumasú agus a Áirithiú

Rialachas/An Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse

  • Leanfaidh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse ar aghaidh le ceannaireacht agus treo a thabhairt chun a chinntiú go mbeidh tosaíochtaí seirbhíse ag teacht le torthaí inmhianaithe. Díreoidh sé go príomha ar sheirbhísí a chistiú agus a choimisiúnú. Déanfaidh sé maoirseacht agus athbhreithniú feidhmíochta ar na seirbhísí freisin.

Taighde

  • Beidh sé mar aidhm leis an Straitéis a chinntiú go mbeidh an taighde ailse ag teacht leis na tosaíochtaí rialaithe ailse agus go gcomhtháthófar é le cúram ailse. Tá sé beartaithe méadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht Éireannach a bhfuil ailse orthu i dtrialacha cliniciúla freisin.

Pleanáil Fórsa Saothair

  • Díreofar go mór ar phleanáil fórsa saothair mar chuid den Straitéis. Ag an tús, cuirfear béim ar aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann i réimsí amhail altranas, oinceolaíocht mhíochaine agus úireolaíocht agus orthu sin atá ann i ngairmeacha eile cúram sláinte agus cúraim shóisialta.
  1. Cur Chun Feidhme

Is é an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse a bheidh i gceannas ar an Straitéis a chur chun feidhme, agus tacaíocht beartais á fáil aige ón Roinn Sláinte. Beidh ról ag gníomhaireachtaí agus ag geallsealbhóirí eile – amhail an Chlárlann Náisiúnta Ailse agus an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála – i ngnéithe ar leith den chur chun feidhme chomh maith.

Is iad an Roinn agus an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme na Straitéise. Oibreoidh an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse i gcomhar leis na Grúpaí Ospidéal, leis na hEagraíochtaí Sláinte Pobail agus leis an lucht Cúraim Phríomhúil chun a chinntiú go soláthrófar seirbhísí ailse ar ardchaighdeán ag gach leibhéal.

Foilseoidh an Roinn tuarascáil bhliantúil ghonta ar chur chun feidhme na Straitéise (foilseofar an chéad cheann ag deireadh na bliana 2018). Pléifear sa tuarascáil sin le cur chun feidhme na moltaí agus lena mhéid atá na Príomhtháscairí Feidhmíochta á gcomhlíonadh.

Déanfar athbhreithniú ar mholtaí na Straitéise ag deireadh na bliana 2021, arb é lárphointe thréimhse na Straitéise é. Beidh sé mar aidhm leis an athbhreithniú sin a chinntiú gur cuí go fóill a bheidh aidhmeanna agus treo na Straitéise.

An Straitéis Náisiúnta Ailse 2017 – 2026

An óráid ón Aire Harris