Preasráitis

Seolann na hAirí Beartas um Ailse Chraicinn agus iarrann siad ar dhaoine a gcraiceann a chosaint

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, an chéad phlean um ailse chraicinn a chosc d’Éirinn a sheoladh inniu.

Is é aidhm an phlean dul i ngleic leis an gcineál ailse is coitianta in Éirinn. Diagnóisítear níos mó ná 11,000 cás ailse craicinn gach bliain agus meastar go méadóidh an figiúr sin faoi dhó faoin mbliain 2045.

Dírítear sa phlean ar an bhfíric go bhféadfaí formhór na n-ailsí craicinn a chosc. Tugtar aghaidh sa phlean ar an bhfeasacht ar ailse chraicinn a chosc, agus is iad leanaí, oibrithe lasmuigh, daoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí fóillíochta lasmuigh agus úsáideoirí leaba ghréine na grúpaí tosaíochta a shainaithnítear ann.

Ag labhairt dó agus an beartas á sheoladh aige, dúirt an tAire Harris: “Cé gurb annamh a smaoinímid faoi ailse chraicinn nuair a chloisimid gur diagnóisíodh go bhfuil ailse ar dhuine, is amhlaidh gurb í an cineál ailse is coitianta in Éirinn inniu agus go ndiagnóisítear níos mó ná 11,000 cás gach bliain.

“Ós rud é go raibh leath na n-aosach in Éirinn thíos le griandó am éigin anuraidh, is gá dúinn athmhachnamh radacach a dhéanamh ar ár ndearcadh i leith na gréine agus an ghriandathaithe. Is gá do dhaoine a thuiscint go bhféadfaí formhór na n-ailsí craicinn a chosc agus is gá dóibh bheith ar an eolas faoi na hiompraíochtaí is féidir linn a ghlacadh chun ár gcraiceann féin agus craiceann ár leanaí a chosaint.”

Is í an Roinn Sláinte a chuir an plean le chéile, ag obair di i gcomhar leis an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse agus le geallsealbhóirí tábhachtacha amhail Ranna eile Rialtais agus eagraíochtaí náisiúnta a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí tosaíochta, lena n-áirítear Cumann Ailse na hÉireann, Fondúireacht Marie Keating, Foras Craicinn na hÉireann agus Breakthrough Cancer Research.

Dúirt an tAire Harris freisin: “Tá an cosc ina chuid dhílis den Straitéis Náisiúnta Ailse1 uainn mar gurb é an cur chuige fadtéarmach is cost-éifeachtúla i leith rialú ailse.

“An cur chuige comhpháirtíochta a ghlac an clár Éire Shláintiúil agus na príomhpháirtithe uile á dtabhairt le chéile aige, bhí sé ríthábhachtach maidir leis an bplean seo um ailse chraicinn a fhorbairt agus beidh sé tábhachtach arís maidir leis an bplean a chur i bhfeidhm chun minicíocht mhéadaitheach na hailse craicinn a aisiompú agus, ar deireadh, chun beathaí a shábháil.”

Léiríodh sa taighde a rinneadh don phlean go gceapann a lán daoine gurb í grian the an rud is cúis le hailse chraicinn. Tarlaíonn sé, áfach, go mbíonn radaíocht ultraivialait ar an bpríomhthoisc riosca taobh thiar d’ailsí craicinn.

Astaítear radaíocht ultraivialait go nádúrtha ón ngrian, fiú amháin i ndálaí scamallacha. Tagann sí ó fhoinsí saorga amhail leapacha gréine freisin. D’fhéadfaí formhór na n-ailsí craicinn a bhfuil nochtadh dochrach do radaíocht ultraivialait ina chúis leo a chosc trí nósanna cosanta craicinn a ghlacadh, áfach.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Byrne: “Is daoine gealchraicneacha iad formhór na ndaoine a chónaíonn in Éirinn agus bímid in ardbhaol damáiste radaíochta ultraivialaite toisc go ndónn ár gcraiceann go héasca agus nach ngriandathaímid go maith. Is gá dúinn athrú a dhéanamh ar ár nósanna agus ar an dóigh a bhféachaimid le griandath a tharraingt orainn. Is gá dúinn tosú ar ár gcraiceann a chosaint gach lá freisin, beag beann ar an aimsir.

“Dírítear sa phlean ar ghrúpaí tosaíochta amhail leanaí, oibrithe lasmuigh, daoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí fóillíochta lasmuigh agus úsáideoirí leaba ghréine. Is dochrach go háirithe atá nochtadh do radaíocht ultraivialait le linn na hóige, agus is eol dúinn go méadaíonn griandó le linn na hóige go mór an baol go dtiocfadh meileanóma ar dhuine níos déanaí sa saol. Baineann ríthábhacht le craiceann a chosaint le linn na hóige, mar sin.

“Agus sinn amuigh faoin ngrian idir 11am agus 3pm, is gá dúinn cosaint gréine ardfhachtóra a bheith orainn, is é sin, fachtóir 30 ar a laghad d’aosaigh agus fachtóir 50 ar a laghad do leanaí. Is gá dúinn éadaí fadmhuinchilleacha, hataí gréine agus spéaclaí gréine a bheith orainn freisin nó is gá dúinn fanacht amach as an ngrian.”

Dúirt an Dr Tríona McCarthy, Sainchomhairleoir i Leigheas Sláinte Poiblí leis an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse: “Gach bliain in Éirinn, diagnóisítear go bhfuil meileanóma ar níos mó ná 1,000 duine agus go bhfuil ailse chraicinn nach meileanóma í ar níos mó ná 10,000 duine. Cé go bhfuil sé tuartha go méadóidh an líon sin tuilleadh, is féidir linn cuid mhór a dhéanamh chun an treocht a aisiompú.  Leagtar amach sa Phlean seo um Ailse Chraicinn a Chosc na gníomhartha is féidir linn a dhéanamh chun timpeallacht a chruthú ina gcosnaímid ár gcraiceann ar an iomarca radaíochta ultraivialaite mar ghnás.”

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Evelyn Cusack, Ceann na Réamhaisnéise le Met Éireann: “Tacaíonn Met Éireann go gníomhach leis an bPlean nua um Ailse Chraicinn a Chosc agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis na comhpháirtithe uile chun an Plean a chur chun feidhme. Foilsímid innéacs radaíochta ultraivialaite gach lá idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair. Ba cheart do dhaoine eolas a chur ar an innéacs. Bíonn an t-innéacs radaíochta ultraivialaite measartha ard ar laethanta scamallacha samhraidh freisin. Toisc go dtiteann na buaic-amanna dó idir 11am agus 3pm, tá sé an-tábhachtach go nglacfadh daoine réamhchúraimí breise idir na hamanna sin.”

Na Croítheachtaireachtaí maidir le hAilse Chraicinn a Chosc

Cuir eolas ar an innéacs radaíochta ultraivialaite: Nuair a bhaineann an t-innéacs radaíochta ultraivialaite 3 nó níos mó amach, is gá duit do chraiceann a chosaint. In Éirinn, bíonn an t-innéacs radaíochta ultraivialaite cothrom le 3 nó níos mó de ghnáth idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair. Tarlaíonn sé sin fiú amháin nuair a bhíonn an aimsir scamallach.  Coinnigh sábháilte trí theorainn a chur leis an méid ama a chaitheann tú faoin ngrian nuair a bhíonn na leibhéil radaíochta ultraivialaite is airde i réim, idir 11am agus 3pm de ghnáth.

Éadaí gan chnaipí: Cumhdaigh do chraiceann a mhéid is féidir agus bíodh ort t-léinte fadmhuinchilleacha a bhfuil bóna orthu agus éadaí atá déanta as ábhar mínfhite nach ligeann aon solas gréine tríothu.

Cuir ort uachtar gréine speictrim leathain (UVA/UVB): Cuir ort uachtar gréine atá uiscefhriotaíoch agus lena ngabhann fachtóir cosanta ar an ngrian agus ardchosaint ar UVA. Bain úsáid as fachtóir 30 ar a laghad d’aosaigh agus fachtóir 50 ar a laghad do leanaí. Cuir an t-uachtar gréine ort arís ag eatraimh rialta. Ós rud é nach féidir le haon uachtar gréine cosaint iomlán a thabhairt, ba cheart í a úsáid in éineacht le bearta cosantacha eile amhail éadaí agus an scáth.

Cuir ort hata a bhfuil duilleog air: Cosain d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál.

Téigh faoin scáth: Suigh faoi scáth na gcrann chun solas gréine díreach a sheachaint. Cuir scáth gréine ar do bhugaí nó do phram.
Coinnigh babaithe agus leanaí ar shiúl ó sholas gréine díreach.

Cuir ort spéaclaí gréine: Cosain do shúile ar dhochar trí spéaclaí gréine lena ngabhann cosaint ar radaíocht ultraivialait a chaitheamh.

Ná tarraing griandath ort d’aon turas. Seachain griandó. Ná bain úsáid as leaba ghréine riamh.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

An Straitéis Náisiúnta Ailse 2017 – 2026

NA PRÍOMHFHIONNACHTANA ÓN SUIRBHÉ AR AILSE CHRAICINN A CHOSC, a rinne an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse sa bhliain 2019

Fuarthas 1,051 fhreagra ar an suirbhé – 43% ó fhir agus 57% ó mhná
Iompraíochtaí Cosantacha ar an nGrian
Tá uachtar gréine ar an iompraíocht chosantach is coitianta ar an ngrian, rud a mbaineann beagnach dhá dtrian de na freagraithe (73%) úsáid as
Ní dhéanann beagnach duine amháin as gach deichniúr freagraithe (9%) aon bhearta cosanta craicinn ar bith
Griandó
Bhí 50% d’aosaigh thíos le griandó am éigin sa bhliain seo a chuaigh thart
I gcomparáid le cúigiú de na mná (21%), bhuail griandó níos mó ná aon trian de na fir (34%) agus iad ag obair lasmuigh
Bhuail griandó beagnach aon trian de na freagraithe (31%) le linn gníomhaíochtaí spóirt nó áineasa lasmuigh
Tuairim
Chomhaontaigh 93% de na freagraithe go bhféadfadh siad an baol go dtiocfadh ailse chraicinn orthu a laghdú trína gcraiceann a chosaint
Dúirt beagnach dhá dtrian (64%) de na freagraithe go mbraitheann siad níos sláintiúla nuair a bhíonn griandath orthu
Ba mhó mná ná fir (65% vs 55%) a chomhaontaigh go mbíonn cuma níos fearr orthu nuair a bhíonn griandath orthu
Mar an gcéanna, ba mhó mná ná fir (60% vs 51%) a chomhaontaigh go mbíonn siad níos muiníní nuair a bhíonn griandath orthu
Chomhaontaigh beagán os cionn leath na bhfreagraithe (52%) gur craiceann dhamáistithe í craiceann ghriandathaithe
Feasacht ar Rioscaí
Tá trí cheathrú (76%) de na freagraithe ar an eolas faoin mbaol ailse craicinn a bhaineann le leapacha gréine. Is airde an figiúr sin i measc na mban (80%) ná i measc na bhfear (71%)