Preasráitis

Seolann Marcella Corcoran Kennedy TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann

Rinne Marcella Corcoran Kennedy TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, seoladh foirmiúil inniu i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath ar an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann.

Tá an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann á sheoladh faoi choimirce Éire Shláintiúil. Is é atá in Éire Shláintiúil ná tionscnamh faoi stiúir an Rialtais arb é an aidhm atá leis sochaí Éireannach a chruthú inar féidir le gach duine dea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte a bheith acu, áit a bhfuil folláine tábhachtach ag gach céim den tsochaí agus a dtacaítear léi. Is é atá i dtionscadal na gCathracha Sláintiúla ná gluaiseacht dhomhanda de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Bunaíodh an tionscadal den chéad uair sa bhliain 1987. Bhí aon chathair déag páirteach ann ag an am sin. Tá an coincheap bunaithe ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht áitiúil agus ar an ról lárnach a ghlacann an rialtas áitiúil agus Údaráis Áitiúla i gcúrsaí sláinte agus i bhforbairt inbhuanaithe.

Chomh maith leis sin, bhí an tAire i gceannas ar bhronnadh na ndeimhnithe creidiúnaithe chuig an Líonra ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ar Chomhairle Cathrach Chorcaí, ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus ar Chomhairle Contae Uíbh Fhailí. Rinne an tAire comhghairdeas leis na Contaetha as gabháil orthu féin a bheith ina n-áiteanna níos sláintiúla do gach duine dá saoránaigh trí dhul i mbun oibre ar Éire Shláintiúil: an Creat Náisiúnta le haghaidh Sláinte agus Folláine Fheabhsaithe 2013-2025 a chur chun feidhme. Dúirt sí ina dhiaidh sin:

“Mar gheall ar an taithí a ghnóthaigh mé roimhe seo mar chomhalta tofa d’Údarás Áitiúil, is maith is eol dom go bhfuil cumas ar leith ag Údaráis Áitiúla chun an bhearna a laghdú idir an beartas náisiúnta agus an cur chun feidhme áitiúil. Is eol dom go bhfuil an-tionchar agus an-chumhacht ag Údaráis Áitiúla sa phobal agus aithním go bhfuil acmhainneacht ollmhór acu ó thaobh Éire níos sláintiúla a fhorbairt de. Táim den tuairim dhaingean nach mbeimid in ann fís Éire Shláintiúil a bhaint amach gan páirt a bheith glactha ag gach Údarás Áitiúil in Éirinn sa tionscadal. Baineann Éire Shláintiúil le tacaíocht agus cumhacht a thabhairt do phobail agus do dhaoine aonair saol níos sláintiúla a bheith acu agus cuid ríthábhachtach den obair sin is ea go nglacann Údaráis Áitiúla agus na Coistí Áitiúla Forbartha Pobail páirt inti”.

Mhínigh Elisabeth Bengtsson, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte: “tá sé ríthábhachtach, ó thaobh Bhiúró Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip de, go leantar le líonraí náisiúnta, cathracha agus contaetha a chur ar aghaidh agus a neartú d’fhonn na Líonraí Náisiúnta um Chathracha Sláintiúla a leathnú tuilleadh i Réigiún na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus ar fud an domhain. Baineann tábhacht le dearbhuithe agus le straitéisí ar leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta mar fhorais choiteanna tuisceana. Chun iad a bhaint amach agus chun fíorathruithe a chothú, áfach, ní mór iad a léirmhíniú agus a chur le gníomhartha ar an leibhéal áitiúil mar a gcaitheann daoine a saol agus mar ar féidir leo a gcuid tuairimí a chur in iúl”.

Dúirt Iníon Bengtsson ina dhiaidh sin: “is é atá i seoladh an Líonra um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann inniu ná léiriú ar an tiomantas leanúnach atá ag Éirinn do dhlúthpháirtíocht a mhéadú agus do sholáthar, nuálaíocht agus foghlaim a fheabhsú ar fud na hEorpa le linn Éire Shláintiúil, Sláinte 2020 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme le haghaidh sláinte agus cothromas sláinte a fheabhsú do chách.  Tá an-bhród orm, dá bhrí sin, bheith anseo inniu thar ceann na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun fáilte a chur roimh an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha na hÉireann, an ball nua dár Líonra Náisiúnta.”

Dúirt an tUas. Joe Stokes, Cathaoirleach an Líonra: “Faoi stiúir ag an mBeartas Náisiúnta agus i gcomhar le gníomhaireachtaí atá ann cheana, is é aidhm an Líonra an dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le sláinte agus folláine a chur chun cinn, béim a leagan ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar shláinte agus folláine agus féachaint le dul i bhfeidhm ar an mbeartas náisiúnta”. Dúirt an tUas. Stokes go bhfuil “an nasc leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an ionadaíocht uirthi iontach tábhachtach d’Éirinn”.
Dúirt an Dr Stephanie O’Keeffe, Stiúrthóir na Rannóige um Shláinte agus Folláine in FSS: “is fairsing atá clár oibre Éire Shláintiúil. Tá roinnt mhaith réimsí i gceist le sláinte ár bpobail a fheabhsú agus le héagothromaíochtaí sláinte a laghdú. Áirítear leis na réimsí sin cruthú post, táirgeadh bia, beartas maidir leis an gcomhshaol, le hiompar agus le tithíocht, nuálaíocht teicneolaíochta, forbairt pobail agus iompraíocht an duine. Is ceannairí agus comhpháirtithe tábhachtacha iad ár nÚdaráis Áitiúla i sláinte phobal na tíre a chur chun cinn agus a fheabhsú”. Leag an Dr O’Keeffe béim freisin ar “chumas uathúil na gCoistí Áitiúla Forbartha Pobail chun riachtanais phobal na háite a thuiscint agus freagairt dóibh”.

Mar fhocal scoir, leag an tAire béim ar leith ar a thábhachtaí atá gníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar an úsáid fhadhbach a bhainimidne in Éirinn as alcól agus d’iarr sí go maolófaí an áit lárnach atá ag alcól i sochaí na hÉireann.  Dúirt sí go mbíonn trí bhás ann gach lá de bharr mí-úsáid alcóil, gur toisc í i leath na bhféinmharuithe go léir a dhéantar agus gurbh í úsáid alcóil ba chúis le ceann amháin as gach deich gcás ailse chíche idir an bhliain 2001 agus an bhliain 2010. Is eol dúinn ó Shuirbhé Éire Shláintiúil, áfach, nach bhfuil ach 27% de mhná eolach ar an mbaint atá ag alcól le hailse chíche.

Dúirt an tAire Corcoran Kennedy go dtabharfaí leis an mBille Sláinte Poiblí (Alcól) cúnamh dúinn aistriú cultúrtha a dhéanamh ar an dóigh a bhféachaimid ar alcól agus ar an dóigh a n-úsáidimid é agus go gcuirfear feabhas ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an phobail dá bharr.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tionscadal na gCathracha Sláintiúla

Gluaiseacht dhomhanda de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte is ea tionscadal na gCathracha Sláintiúla. Bunaíodh é sa bhliain 1986.  Is é atá i gceist leis an tionscadal go n-oibríonn Údaráis Áitiúla ar son sláinte agus folláine a fheabhsú trí bheartais pholaitiúla, go n-oibríonn siad i gcomhar le geallsealbhóirí áitiúla agus go dtacaíonn siad le tionscadail nuálacha. Is é is príomhsprioc thionscadal Chathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte ná béim a leagan ar an tsláinte mar eochairthosaíocht ar chláir oibre shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla na nÚdarás Áitiúil.

Agus forbairt á déanamh aige ar obair Líonra na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Chathracha Sláintiúla na hEorpa, tá an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann ag féachaint ina chuid oibre le struchtúr a fhorbairt agus tacaí a chur ar fáil chun Éire Shláintiúil a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil.  Is é aidhm an Líonra an dea-chleachtas a spreagadh maidir le sláinte ar feadh an tsaoil a chur chun cinn, a bheith ina fhóram trína bhféadann saincheisteanna áitiúla dul i bhfeidhm ar an mbeartas náisiúnta agus tuairimí phobal na hÉireann a chur in iúl laistigh de Líonra na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Chathracha Sláintiúla na hEorpa.

Tá ionadaithe ag an Líonra um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann ó raon eagraíochtaí is geallsealbhóirí, lena n-áirítear Ranna Rialtais, FSS, an Institiúid um Shláinte Phoiblí agus Cónaidhm Spórt na hÉireann, mar aon le hionadaithe áitiúla polaitiúla agus pobail.

An Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann

Agus forbairt á déanamh aige ar obair Líonra na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Chathracha Sláintiúla na hEorpa, tá an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann ag féachaint ina chuid oibre le struchtúr a fhorbairt agus tacaí a chur ar fáil ar leibhéal áitiúil chun Éire Shláintiúil: an Creat Náisiúnta le haghaidh Sláinte agus Folláine Fheabhsaithe 2013-2025 a chur chun feidhme.

Téann an iomaí toisc i bhfeidhm ar ár sláinte – an áit ina gcónaímid, ár dtimpeallacht, ár gcomhdhéanamh géiniteach, ár n-ioncam agus ár leibhéal oideachais agus ár gcaidreamh le cairde agus le daoine muinteartha.  De ghnáth, is lasmuigh de thionchar díreach na seirbhísí sláinte agus sóisialta a bhíonn na tosca sin (‘tosca sláinte’).

Áirítear le modh oibre agus smaointeoireachta an Líonra um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla ról a thabhairt don phobal áitiúil i gcinnteoireacht, éilítear beartais pholaitiúla agus forbairt eagrúcháin agus pobail leis agus aithnítear leis go bhfuil an próiseas chomh tábhachtach leis na torthaí atá air.

Is é an aidhm atá ag cathair shláintiúil nó contae sláintiúil:

  • sláinte agus folláine a fheabhsú trína timpeallachtaí fisiciúla agus sóisialta a fheabhsú ar bhonn leanúnach, agus
  • acmhainní pobail a fhorbairt a chabhraíonn le daoine tacaíocht a thabhairt dá chéile agus a lánchumas a bhaint amach.

Tá ionadaithe ag an Líonra Náisiúnta um Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann ó ranna rialtais, ó FSS, ón Institiúid um Shláinte Phoiblí agus ó Chónaidhm Spórt na hÉireann agus tá ionadaithe áitiúla polaitiúla agus pobail aige freisin.