Preasráitis

Seolann an Taoiseach an straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú – freagairt atá faoi stiúir ag an tsláinte i leith úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn 2017-2025

Chuaigh an Taoiseach Leo Varadkar i bpáirt le Simon Harris, an tAire Sláinte, agus le Catherine Byrne, an tAire Stáit, inniu chun an straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú – freagairt atá faoi stiúir ag an tsláinte i leith úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn 2017-2025” a sheoladh.

Leagtar amach sa straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú” an treo a leanfaidh beartas an rialtais i leith úsáid drugaí agus alcóil suas go dtí an bhliain 2025.  Is é aidhm na straitéise nua ná cur chuige comhtháite sláinte poiblí a sholáthar i leith úsáid drugaí agus alcóil, rud a bheidh dírithe ar stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn laistigh den tsochaí.

Is é atá sa straitéis ná Plean Gníomhaíochta uaillmhianach 50 pointe don tréimhse 2017 go 2020. Foráiltear léi do dhul i mbun tuilleadh gníomhartha idir na blianta 2021 agus 2025 freisin chun a chinntiú go mbeidh an straitéis ábhartha do riachtanais a thiocfaidh chun cinn sa todhchaí.

Is é fís na straitéise ná tír níos sláintiúla agus níos sábháilte a dhéanamh d’Éirinn, agus cuirfidh na gníomhartha atá leagtha amach inti le sláinte, le folláine agus le sábháilteacht mhuintir na hÉireann a fheabhsú sna blianta atá le teacht.

Ag seoladh na straitéise dó, dúirt an Taoiseach, “Má tá an fhís um Poblacht na Deise chun bheith éifeachtach, is gá go rachaidh sí i bhfeidhm ar gach duine.  Má chóireáiltear mí-úsáid substaintí agus andúil i ndrugaí mar shaincheist sláinte poiblí, agus ní mar shaincheist ceartais choiriúil amháin, beifear in ann cabhrú le daoine aonair, le teaghlaigh agus le pobail.  Laghdófar an choireacht freisin toisc go mbeidh daoine ábalta a saol a chur le chéile arís.  Mar sin, beidh sé chun tairbhe do gach duine dínn.

“Tá fadhb againn in Éirinn maidir le mí-úsáid substaintí.  Tá méadú suntasach tagtha ar rátaí úsáide drugaí in Éirinn le deich mbliana anuas agus tá na méaduithe is mó le feiceáil i measc daoine óga.  Léiríonn na fadhbanna sin gur gá dúinn idirghabháil go héifeachtach chun an dochar a bhaineann le mí-úsáid substaintí a laghdú agus gur gá dúinn na bunchúiseanna leis an éileamh ar dhrugaí a chomhrac.  Is ionann an straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú” agus freagairt uile-rialtais i leith na faidhbe a bhaineann le húsáid drugaí agus alcóil in Éirinn.  Aithnítear inti a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do phobail i bpríomhstruchtúir chinnteoireachta ionas go gcuirfidh an taithí agus an t-eolas atá acu le réitigh a fhorbairt ar na fadhbanna a bhaineann le mí-úsáid substaintí ina gceantar féin.  Leagtar béim inti gur gá freagairt atá faoi stiúir ag an tsláinte a ghlacadh i leith úsáid drugaí agus alcóil, rud atá bunaithe ar sheirbhísí a sholáthar atá dírithe ar an duine aonair agus a chuireann athshlánú agus téarnamh chun cinn.

“Fáiltím roimh an tionscnamh a léirigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, agus iad ag tabhairt na straitéise seo ar aghaidh chun freagairt don fhadhb a bhaineann le mí-úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn.   Oibreoidh an Rialtas seo chun Poblacht na Deise a thógáil, rud a rachaidh i bhfeidhm ar shaol daoine. Díreoidh sé go príomha ar dhaoine nach raibh an oiread sin deiseanna acu san am atá thart.”

Áirítear iad seo a leanas le príomhghníomhartha na straitéise “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú”:

·     Saoráid treorach insteallta faoi mhaoirseacht a thabhairt isteach i lár cathrach Bhaile Átha Cliath;

·     Meitheal a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar na cineálacha malartacha cur chuige atá ann maidir le cainníochtaí beaga drugaí neamhdhleathacha a shealbhú lena n-úsáid phearsanta;

·     Clár a chistiú chun feasacht an phobail a mhéadú ar an dochar atá bainteach le halcól;

·     Scéim spriocdhírithe nua seirbhísí don ógra a thabhairt isteach do dhaoine óga atá i mbaol mí-úsáid substaintí i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch;

·     Seirbhísí andúile i ndrugaí agus in alcól a leathnú, lena n-áirítear seirbhísí cónaithe;

·     Ceathrar Altraspeisialtóirí Cliniciúla agus beirt Chomhairleoirí do Dhaoine Óga a earcú chun obair na bhfoirne ildisciplíneacha atá i bhfeidhm ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois a chomhlánú;

·     Seachtar cnáimhseach breise idirchaidrimh dhrugaí a earcú chun tacú le mná torracha ag a bhfuil spleáchas ar alcól;

·     Meitheal a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí inar féidir roghanna dul chun cinn a fheabhsú do dhaoine atá ag fágáil scéimeanna cóireála, príosúin nó fostaíochta pobail, d’fhonn forbairt a dhéanamh ar chlár nua um chúram agus fostaíocht faoi thacaíocht.

·     Díreoidh Clár Oibre an Bhuan-Fhochoiste ar dtús ar Imeaglú atá bainteach le Drugaí, ar feitheamh an toraidh ar na meastóireachtaí atá á ndéanamh ag an nGarda Síochána agus an Líonra Náisiúnta um Thacaíocht Teaghlaigh faoi seach ar na Creataí um Imeaglú atá bainteach le Drugaí a Thuairisciú.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte, “Meastar go bhfuil suas le 1.35 milliún óltóir dochrach againn in Éirinn inniu. Bhain aosach amháin as gach ceathrar triail as druga neamhdhleathach uair amháin ar a laghad sa saol freisin. Tá sé soiléir gur gá dúinn gníomhaíocht a dhéanamh anois chun dul i ngleic leis an bhfadhb ollmhór atá againn sa tír seo maidir le húsáid drugaí agus alcóil. Má táimid chun an dochar uafásach a dhéantar a laghdú agus chun téarnamh a chothú, is gá dúinn a chinntiú go mbeidh ár n-iarrachtaí uile dírithe ar an duine aonair agus faoi stiúir ag an tsláinte. Is gá dúinn a chinntiú freisin go bhféachfar sa straitéis uaillmhianach seo le gníomhaíocht a dhéanamh agus le torthaí a bhaint amach.

Dúirt an tAire freisin, “Fáiltím roimh an bhéim atá á cur sa straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú” ar rochtain a mhéadú ar sheirbhísí cóireála agus athshlánúcháin le haghaidh úsáid drugaí agus alcóil.  Tá áthas ar leith orm go dtugtar gealltanais shonracha sa straitéis chun seirbhísí a leathnú do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois agus chun tuilleadh Cnáimhsigh Idirchaidrimh Dhrugaí a cheapadh chun obair le mná torracha ag a bhfuil fadhbanna mí-úsáide substaintí. Is gá dúinn go léir obair le chéile anois chun freagairt don fhadhb drugaí agus alcóil atá againn in Éirinn agus chun a chinntiú go gcuirfear na gníomhartha inghnóthaithe uaillmhianacha atá sa straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú” chun feidhme ina n-iomláine ar mhaithe le gach duine sa tír.”

Dúirt Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, “Tá ardleibhéal úsáide alcóil againn in Éirinn agus gabhann a lán Éireannach do phatrúin dhochracha ólacháin lena mbaineann mórchostais sláinte, shóisialta agus eacnamaíocha.  Fáiltím roimh an bhfíric go gcuirfear acmhainní ar fáil do na Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil faoin straitéis seo ionas gur féidir leo leanúint le feasacht an phobail a mhéadú ar an dochar atá bainteach le halcól.”

Dúirt John Carr, an Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta Drugaí, “D’oibrigh raon leathan earnálacha, geallsealbhóirí agus leasanna le chéile agus an straitéis seo á forbairt.  Má bhainimid leas as an bhfuinneamh sin an athuair, níl aon amhras orm go mbeimid in ann na spriocanna uaillmhianacha atá sa straitéis seo a ghnóthú.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

#ReducingHarm #SupportingRecovery – tá an tuarascáil iomlán ar fáil lena híoslódáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte ag www.health.gov.ie.

An dul chun cinn atá déanta go dtí seo

Ón mbliain 2011 i leith, tá cuid mhór déanta ag an Rialtas chun feabhas a chur ar an rochtain ar chóireáil agus chun raon níos leithne seirbhísí a sholáthar dóibh sin a fhulaingíonn fadhbanna sláinte de dheasca úsáid alcóil agus drugaí eile.

Tá fáil níos leithne ann ar chóireáil meatadóin anois, go háirithe i gceantair ionchathrach agus sna codanna sin den tír ag a bhfuil na rátaí is airde ó thaobh úsáid hearóine de.

Thacaigh na Tascfhórsaí Áitiúla agus Réigiúnacha Drugaí agus Alcóil le seirbhísí pobalbhunaithe atá comhtháite agus inrochtana a fhorbairt agus a leathnú. A bhuí leis an tacaíocht sin, tá rochtain mhéadaithe áitiúil ann anois ar thionscnaimh um dhochar a laghdú, amhail cóireáil meatadóin agus malartú steallairí, mar aon le seirbhísí agus tacaí uileghabhálacha eile amhail comhairle agus faisnéis, tacaíocht teaghlaigh, cúram leanaí agus teiripí comhlántacha.

Mar gheall ar an gcistiú breise a cuireadh ar fáil, tá tuilleadh leapacha cónaithe andúile ar fáil anois le haghaidh seirbhísí cóireála, díthocsainithe agus iarchúraim a sholáthar.

Leithdháileadh níos mó ná €6 mhilliún ar thionscnaimh dhrugaí sa bhliain 2016, lenar áiríodh suim €5 mhilliún do thionscadail de chuid na dTascfhórsaí agus thart ar €1 mhilliún don Choiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól, don Líonra Náisiúnta um Thacaíocht Teaghlaigh agus don Fheachtas Géarchéime Drugaí atá á reáchtáil ag CityWide.

Leithdháileadh suim bhreise €3 mhilliún i mBuiséad 2017 chun tacú leis na nithe seo a leanas:
·        saoráid treorach insteallta faoi mhaoirseacht a thabhairt isteach i lár cathrach Bhaile Átha Cliath (a mheastar a bheidh ar oscailt faoi dheireadh na bliana 2017);
·        méadú céimnithe a dhéanamh, ó ráithe 3 den bhliain 2017 i leith, ar an bhfáil ar chóireáil buípreanoirfín/nalocsóin mar chóireáil mhalartach do na grúpaí sainaitheanta othar nach bhfuil cóireáil meatadóin oiriúnach dóibh;
·        bearnaí a líonadh sa soláthar seirbhísí andúile do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois; agus
·        tuilleadh áiteanna díthocsainithe a chur ar fáil i suíomhanna pobail agus cónaithe an bhliain seo chugainn.

Is gá dúinn tuilleadh a dhéanamh, áfach. Tá gá ar leith ann le rochtain níos leithne a sholáthar ar sheirbhísí andúile ar fud na hÉireann agus le leanúint leis an raon roghanna cóireála atá ar fáil a éagsúlú ar mhaithe le riachtanais reatha agus le riachtanais amach anseo a chomhlíonadh. Tá seoladh na straitéise seo ar an gcéad chéim den obair sin.

An gá atá ann leis an straitéis

Tá athrú tagtha ar chineál agus ar scála na faidhbe drugaí ó theacht isteach na straitéise don tréimhse 2009-2016.   Teastaíonn uainn straitéis atá cothrom le dáta anois ionas gur féidir linn freastal ar na patrúin reatha ó thaobh úsáid drugaí agus alcóil.
Fuarthas amach sa suirbhé ar leitheadúlacht drugaí 2014/15 gur bhain aosach amháin as gach ceathrar (26.4%) in Éirinn triail as druga neamhdhleathach uair amháin ar a laghad sa saol.  Faoi mar atá ag tarlú i dtíortha Eorpacha eile, is airde i bhfad an úsáid atá á baint as cannabas ná an úsáid atá á baint as aon chineál eile druga neamhdhleathaigh. Maidir leis sin, bhain 6.5% d’aosaigh in Éirinn úsáid as cannabas sa bhliain seo a chuaigh thart.  Tugann treochtaí le deich mbliana anuas le fios go bhfuil méadú tagtha ar an úsáid atá bainte as drugaí le déanaí agus ar an úsáid atá á baint astu faoi láthair. Bhí na méaduithe is mó le feiceáil i measc daoine óga idir 15-34 bliain d’aois.    Cé go bhfuil úsáid hearóine cobhsaí anois, tá sí ina fadhb shuntasach in Éirinn go fóill.   Tá thart ar 10,000 duine ag baint leas as cóireáil meatadóin faoi láthair.

Tá patrúin nua maidir le húsáid drugaí agus le cineálacha gaolmhara dochair ag teacht chun cinn le deich mbliana anuas. Is gá iad sin a chur san áireamh nuair atáthar ag forbairt freagairt éifeachtach i leith na faidhbe drugaí.  Áirítear leo sin iompraíochtaí ardriosca a bhaineann le húsáid substaintí; úsáid mhéadaithe as cannabas agus eacstais, go háirithe i measc daoine óga; agus méadú i bhfadhbanna atá bainteach le cannabas agus a d’fhéadfadh a bheith ag teacht leis an úsáid mhéadaithe as cineálacha níos cumasaí de channabas luibhe a tháirgtear sa tír seo.

Ceann de na torthaí is géire a bhaineann le húsáid fhadhbach drugaí is ea nimhiú atá bainteach le drugaí is cúis le cailleadh na beatha.  An tInnéacs Náisiúnta um Básanna atá Bainteach le Drugaí (NDRDI), ar bunachar sonraí náisiúnta faireachais é ina dtaifeadtar básanna atá bainteach le drugaí agus básanna i measc úsáideoirí drugaí (lena n-áirítear na básanna sin arb iad Heipitíteas C agus VEID is cúis leo), léirítear ann gur mhéadaigh an líon básanna arbh é ródháileog ba chúis leo ó 301 bhás sa bhliain 2005 go 354 bhás sa bhliain 2014. Is ionann é sin agus méadú 17.6%.

An Straitéis a Fhorbairt

An 8 Nollaig 2015, chuir an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí Coiste Stiúrtha ar bun chun comhairle a chur ar fáil agus straitéis nua á forbairt. Chomh maith leis sin, cheap an tAire Stáit cathaoirleach neamhspleách chun obair an Choiste a stiúradh. Thionóil an Coiste Stiúrtha ceithre fhócasghrúpa chun go mbeifí in ann dul i dteagmháil leis na comhlachtaí reachtúla, pobail agus deonacha a bhfuil ról acu i gcomhlíonadh chuspóirí na Straitéise.  Iarradh ar gach ceann de na fócasghrúpaí a gcuid tuairimí a thabhairt faoina ábhartha a bhí an straitéis don tréimhse 2009-2016 agus aon bhearnaí ar cheart aghaidh a thabhairt orthu a shainaithint.  Bunaíodh fócasghrúpa chun scrúdú a dhéanamh ar gach ceann de na réimsí seo a leanas:
–                  Laghdú soláthair;
–                  Oideachas agus Cosc;
–                  Leanúntas cúraim, a chuimsíonn cóireáil, athshlánú agus téarnamh; agus
–                  Fianaise agus an dea-chleachtas.

Rud eile ar baineadh leas as chun an straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú” a chur le chéile ba ea comhairliúchán poiblí ar reáchtáil RPS Project Communications (mar chuid de ghrúpa RPS) é thar ceann na Roinne Sláinte.  Ba é aidhm an chomhairliúcháin phoiblí dul i dteagmháil leis an bpobal i gcoitinne, le daoine a úsáideann seirbhísí, le teaghlaigh, le pobail agus le heagraíochtaí agus a gcuid tuairimí a fháil faoin bhfadhb drugaí in Éirinn chun eolas a dhéanamh don straitéis nua.  Fuarthas aiseolas don chomhairliúchán poiblí ó gheall le 3,000 rannpháirtí, a chuimsigh daoine aonair agus eagraíochtaí ó áiteanna fud fad na hÉireann.
Choimisiúnaigh an Bord Taighde Sláinte (HRB) an Lárionad um Shláinte Phoiblí in Liverpool John Moores University chun anailís treochtaí a ullmhú ar an staid drugaí in Éirinn agus chun tuarascáil a ullmhú ar an bhfianaise idirnáisiúnta is déanaí ar fhreagairtí i leith úsáid fhadhbach drugaí.
Anuas air sin, cheap an tAire painéal neamhspleách saineolaithe idirnáisiúnta chun athbhreithniú mear a dhéanamh ar an straitéis don tréimhse 2009-2016.  Rinne Paul Griffiths, Stiúrthóir Eolaíochta, EMCDDA (an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí), cathaoirleacht ar an bpainéal. Ar na baill eile den phainéal bhí an tOllamh Sir John Strang, Stiúrthóir, an Lárionad Náisiúnta um Andúil, King’s College London, agus Nicola Singleton, Anailísí Eolaíochta, EMCDDA.  Ba iad na príomhchuspóirí taobh thiar d’Athbhreithniú Mear na Saineolaithe ná scrúdú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus tionchar na straitéise agus béim a leagan ar réimsí lena mbreithniú agus an straitéis nua á forbairt.  Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte ag www.health.gov.ie.

Fís agus Spriocanna na Straitéise

Is é a leanas atá an Fhís atá leis an straitéis “Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú”:

“Éire atá níos sláintiúla agus níos sábháilte ina gcosnaítear sláinte agus sábháilteacht an phobail, ina laghdaítear na cineálacha dochair a dhéantar do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail de dheasca mí-úsáid substaintí agus ina dtugtar cumhacht do gach duine a dtéann mí-úsáid substaintí i bhfeidhm orthu a sláinte, a bhfolláine agus a gcáilíocht beatha a fheabhsú”

Leagtar cúig sprioc amach sa straitéis, ar spriocanna iad a bheidh ríthábhachtach maidir le comhlíonadh na físe sin. Tá cuspóirí ag gabháil le gach sprioc freisin. Is iad seo a leanas spriocanna na straitéise:
1.        Sláinte agus folláine a chur chun cinn agus a chosaint.
2.        Íoslaghdú a dhéanamh ar na cineálacha dochair a dhéantar de dheasca úsáid agus mí-úsáid substaintí agus athshlánú agus téarnamh a chur chun cinn.
3.        Aghaidh a thabhairt ar na cineálacha dochair a dhéanann margaí drugaí agus laghdú a dhéanamh ar rochtain ar dhrugaí le haghaidh úsáid dhochrach.
4.        Tacú le rannpháirtíocht daoine aonair, teaghlach agus pobal.
5.        Beartais agus gníomhartha a fhorbairt atá fónta, cuimsitheach agus bunaithe ar fhianaise.

Na príomhghníomhartha a bhaineann le Sprioc 1:

1.     Clár nua um Ghníomhaíocht an Phobail ar Alcól
2.     An Chomhdháil Náisiúnta um Oideachas in Úsáid Substaintí
3.     Treoirlínte Folláine a Thosú agus a Chur i bhFeidhm i Scoileanna
4.     Scéim Spriocdhírithe Seirbhísí don Ógra le haghaidh Pobail faoi Mhíbhuntáiste

Na príomhghníomhartha a bhaineann le Sprioc 2:

1.     Saoráid Treorach Insteallta faoi Mhaoirseacht a thabhairt isteach
2.     Seachtar Cnáimhseach breise Idirchaidrimh Dhrugaí a earcú
3.     Ceathrar Altraspeisialtóirí Cliniciúla agus beirt Chomhairleoirí do Dhaoine Óga a earcú chun obair na bhfoirne ildisciplíneacha do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois a chomhlánú
4.     Seirbhísí cóireála cónaithe a leathnú
5.     Clár Cliniciúil Meabhairshláinte Nua chun aghaidh a thabhairt ar Dhiagnóisiú Déach

Na príomhghníomhartha a bhaineann le Sprioc 3:

1.     Meitheal a chur ar bun chun breithniú a dhéanamh ar chineálacha cur chuige a ghlacfaí i leith méideanna beaga drugaí a shealbhú lena n-úsáid phearsanta agus tuairisc a thabhairt ar an ábhar tar éis 12 mhí
2.     Bearta a bhfuil mar aidhm leo tiomáint faoi thionchar drugaí a laghdú
3.     Cistiú a chur ar fáil sa chlár caiteachas caipitil le haghaidh saotharlann shaintógtha nua d’Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann a thógáil. Cuireadh €6m i leataobh chun an tionscadal a thosú lom láithreach

Na príomhghníomhartha a bhaineann le Sprioc 4:

1.     Uirlis tomhais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na coireachta atá bainteach le drugaí ar shaol an phobail
2.     Rannpháirtíocht an phobail i ngach struchtúr áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn
3.     Neartú a dhéanamh ar éifeachtacht an chláir um imeaglú atá bainteach le drugaí a thuairisciú

Na príomhghníomhartha a bhaineann le Sprioc 5:

1.     Clár tosaíochta um thaighde ar dhrugaí agus alcól a fhorbairt ar bhonn bliantúil
2.     Tacú le cleachtais agus soláthar seirbhíse atá fianaisebhunaithe

Tomhas Feidhmíochta

Córas Tomhais Feidhmíochta a chuimsíonn Samhail Leithdháilte Acmhainní (RAM) a thabhairt isteach chun go ndáilfear acmhainní ar bhealach níos cothromasaí ar réimsí Tascfhórsa agus chun go neartófar feidhmíocht na straitéise.

3. Cur Chun Feidhme

Cuirfidh coiste maoirseachta náisiúnta ceannaireacht agus treoir ar fáil chun a chinntiú go nglacfaidh baill foirne ó gach roinn agus gníomhaireacht ábhartha páirt i gcur chun feidhme na straitéise a chur ar aghaidh ag leibhéal áitiúil.  Tiocfaidh an coiste sin le chéile ar bhonn ráithiúil. Déanfaidh an tAire Stáit urraíocht air agus beidh sé comhdhéanta de bhaill ón earnáil pobail, ón earnáil dheonach agus ón earnáil reachtúil.    Beidh na téarmaí tagartha seo a leanas ag an gCoiste Maoirseachta Náisiúnta:

(a) Ceannaireacht, treoir, beartú tosaíochta agus slógadh acmhainní a thabhairt chun tacú le cur chun feidhme na straitéise;
(b) Feidhmíocht a thomhas chun soláthar na dtionscnamh drugaí a neartú agus chun an tionchar ar an bhfadhb drugaí a fheabhsú;
(c) Faireachán a dhéanamh ar an staid drugaí agus maoirseacht a dhéanamh ar chlár tosaíochta taighde chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí eolais;
(d) A chinntiú go mbainfear leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ó fhianaise agus ó dhea-chleachtas chun ullmhú a dhéanamh ar an mbeartas forbartha agus ar thionscnaimh lena dtugtar aghaidh ar an bhfadhb drugaí; agus
(e) Fochoistí a thionól, nuair is gá, chun tacú le cur chun feidhme na straitéise.

Cuirfear buan-fhochoiste ar thacaíocht cur chun feidhme ar bun faoi choimirce an choiste náisiúnta.   Socróidh an coiste náisiúnta téarmaí tagartha, nósanna imeachta oibriúcháin agus ballraíocht an bhuan-fhochoiste. Ón taobh ginearálta de, meastar go mbeidh freagracht ar an mbuan-fhochoiste as a chinntiú go mbeidh dea-rialachas ar bun ag na Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil, go bhfeidhmeoidh siad go maith agus go mbeidh siad cuntasach. Sa chomhthéacs sin, beidh ról ríthábhachtach aige in acmhainn na dTascfhórsaí Drugaí agus Alcóil a fhorbairt.   Tuairisceoidh an buanchoiste don choiste náisiúnta.

Cuirfidh an coiste maoirseachta náisiúnta fochoistí eile ar bun de réir mar is rogha leis chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha agus chun leas a bhaint as saineolas ábhartha chun go mbeidh sé in ann a phríomhfheidhmeanna a chomhlíonadh. Beidh ceangal ar na coistí sin tuairisciú don choiste náisiúnta.

“Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú – freagairt atá faoi stiúir ag an tsláinte i leith úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn 2017-2025”