Preasráitis

Seolann an tAire Sláinte comhaontas nua a bhfuil mar aidhm leis rátaí vacsaínithe a fheabhsú agus an éiginnteacht faoi vacsaíní a laghdú

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, seoladh inniu (an Mháirt) ar an gComhaontas Vacsaíní, a bhfuil mar aidhm leis borradh a chur faoin nglacadh le vacsaíní óige agus an éiginnteacht faoi vacsaíní a laghdú.

I measc an Chomhaontais beidh gairmithe cúram sláinte, déantóirí beartais, tathantóirí othar, mic léinn, agus ionadaithe ó na príomhghrúpaí a dtéann éiginnteacht faoi vacsaíní i bhfeidhm orthu.

Dúirt an tAire: “Ba cheart dúinn breathnú ar an méid mór a d’fhulaingíodh leanaí, teaghlaigh agus sochaí 50 bliain ó shin de dheasca na ngalar sin atá inchoiscthe trí vacsaíniú sa lá atá inniu ann chun a chuimhneamh nach mór dúinn leanúint le hinfheistíocht a dhéanamh inár gclár vacsaínithe agus le hé a chur chun cinn.

“Bíonn rátaí vacsaínithe ar fud na tíre ag laghdú agus is amhlaidh gur ag teacht ar ais atá galair ar chuireamar deireadh leo roimhe seo. Ní mór dúinn dul i mbun birt. Ní féidir linn ár maidí a ligean le sruth de bharr rath an chláir imdhíonta óige go dtí seo.

“Cuirfidh an Comhaontas seo leis an méid mór atá bainte amach againn go dtí seo leis an vacsaín HPV, mar ar mhéadaigh rátaí ó 51% go 70% laistigh de thréimhse ghairid ama. Chomh maith leis sin, cinnteoidh sé go mbeidh faisnéis chruinn fhianaisebhunaithe ag tuismitheoirí faoi vacsaíní.”

Tháinig Grúpa Stiúrtha le chéile cheana féin chun obair an Chomhaontais Vacsaíní a threorú. Áirítear leis raon leathan eagraíochtaí, amhail Barnardo’s, Unicef Ireland, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Ionad Pavee agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn, mar aon le tuismitheoirí, dochtúirí, altraí, cnáimhsigh agus cógaiseoirí. Cuirfear tuilleadh eagraíochtaí leis a luaithe a chomhaontófar fís, luachanna agus aidhmeanna an Chomhaontais.

Rinne an Roinn Sláinte taighde ar vacsaíniú chun eolas a dhéanamh d’obair an Chomhaontais Vacsaíní.

Léiríodh an méid seo a leanas sa taighde:
• chreid formhór mór na rannpháirtithe sa taighde go mbaineann ríthábhacht lena leanbh a vacsaíniú;
• tá fíorábhair imní ag tuismitheoirí faoin úsáid a bhaintear as vacsaíní;
• bhí gairmithe cúram sláinte ar an bhfoinse faisnéise ba mhó iontaoibh; agus
• bhí fadhbanna sonracha nach mór aghaidh a thabhairt orthu ag grúpaí soghonta.

Labhair Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, ag an seoladh freisin agus d’fháiltigh sí roimh bhunú an Chomhaontais Vacsaíní. Dúirt an tAire Byrne: “Bunchuid de dhaoine sa phobal a chosaint ar bhagairtí ar a sláinte agus a bhfolláine is ea an glacadh le vacsaíní a mhéadú. Is cuid dhílis í sin d’fhís an chláir Éire Shláintiúil, mar a ndírímid go príomha ar chosc.

“Cuid ríthábhachtach den obair seo is ea imdhíonadh toisc go gcuireann vacsaíní cosc ar leathadh galar tógálach. Tá sé an-tábhachtach freisin go dtugtar na fíricí do thuismitheoirí agus do theaghlaigh agus go gcloiseann siad an teachtaireacht go n-éiríonn le vacsaíní agus go sábhálann siad beatha daoine.
Ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar na riachtanais shonracha atá ag grúpaí soghonta agus freagairt dóibh sin agus ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh cláir vacsaínithe a sholáthar ar bhealaí ina gcuirtear a stíl maireachtála san áireamh, agus aird á tabhairt againn ar shaincheisteanna amhail easpa dídine, litearthacht agus deacrachtaí teanga.”

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Míochaine, go neartódh an Comhaontas nua an rannpháirtíocht atá ar bun ar fud pobal sa vacsaíniú agus go gcuirfeadh sé leis an gcaidreamh atá ag dochtúirí, ag altraí agus ag gairmithe cúram sláinte eile cheana féin agus iad ar an bhfoinse faisnéise vacsaíní is mó iontaoibh do thuismitheoirí agus dá leanaí.

D’fhógair an tAire Harris gur aontaigh Coláiste Ríoga Lianna na hÉireann lena Bhonn as Tathant Othar a athainmniú go ‘Bonn Tathanta Laura Brennan’ chun aitheantas a thabhairt don tathantóir sin nach maireann as an méid a chuir sí leis an nglacadh leis an vacsaín HPV a mhéadú. D’fhreastail tuismitheoirí Laura ar sheoladh an Chomhaontais Vacsaíní.

Beidh an Comhaontas ar oscailt d’eagraíochtaí agus daoine aonair a thacaíonn lena phrionsabail agus tabharfar ballraíocht an Chomhaontais chun críche idir seo agus mí na Nollag.

De bhreis ar an gComhaontas, buailfidh an tAire le cuideachtaí meán sóisialta chun plé a dhéanamh ar an obair atá á déanamh acu ar an mífhaisnéis faoi vacsaíní a chomhrac.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

1. Gan uisce glan a áireamh, tá vacsaíniú ar an idirghabháil is éifeachtaí le haghaidh beatha daoine a shábháil agus dea-shláinte a chur chun cinn.
2. Faoi láthair, bíonn vacsaíniú ag cosc idir 2 mhilliún bás agus 3 mhilliún bás gach bliain. Beifear in ann 1.5 milliún bás eile a sheachaint, áfach, má chuirtear feabhas ar chlúdach an vacsaínithe ar domhan.
3. Sa bhliain 1950, tuairiscíodh thart ar 5,000 cás rubella in Éirinn agus 500 cás diftéire agus 500 cás póilió. I gcodarsnacht leis sin, níor tuairiscíodh aon chásanna rubella, diftéire ná póilió sa bhliain 2017. Ba sa bhliain 1984 a tuairiscíodh an cás póilió is déanaí.
4. Má thagann ionfhabhtú meiningeacocúil C ar 1,000 duine, gheobhaidh 50 duine díobh bás. Má imdhíonaítear 1,000 duine, is amhlaidh, maidir le 50 duine díobh, go mbeidh míchompord, deirge agus at orthu san áit ar tugadh an t-instealladh dóibh nó go mbeidh fiabhras orthu.
5. Gheobhaidh duine bás i gceann amháin de gach 1000 cás bruitíní. Fuair 72 dhuine, idir leanaí agus aosaigh, bás de dheasca bruitíní i Réigiún na hEorpa sa bhliain 2018.
6. Tá laghdú 72% tagtha ar chásanna ionfhabhtú rótaivíris ón uair sin a tugadh an vacsaín isteach do leanaí sa bhliain 2016 i leith.
7. Bhí 69 gcás treacha ann sa bhliain 2017 i measc leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois. Ba cheart do gach bean thorrach an vacsaín treacha a fháil chun an chosaint is fearr a thabhairt dá leanbh sna míonna tosaigh den saol.
8. Gach bliain in Éirinn, buaileann ailse cheirbheacs 300 bean agus faigheann 90 duine díobh bás de dheasca an ghalair. Tugann an vacsaín HPV cosaint ar 7 gcinn as gach 10 n-ailse cheirbheacs.

Vacsaíní – Ceisteanna Coitianta

Cén fáth a bhfuil vacsaíní tábhachtach?
Tá vacsaíní tábhachtach chun cosaint ar Ghalair atá Inchoiscthe trí Vacsaíniú. Ullmhaíonn siad ár gcórais imdhíonachta chun freagairt do phataiginí a d’fhéadfadh ionfhabhtú a chruthú ar shlí eile nó, i gcás an Phalómaivíris Dhaonna, a d’fhéadfadh ailse a chruthú.

Cé na rioscaí a bheidh ann mura ndéantar vacsaíniú?
Daoine nár vacsaíníodh agus nár nochtadh do ghalar atá inchoiscthe trí vacsaíniú, tá siad in ardbhaol an ionfhabhtaithe agus, má thagann ionfhabhtú orthu, is é is dóichí go dtiocfaidh aimhréidheanna orthu i gcomparáid leo sin a vacsaíníodh. Tá an riosca ann freisin go dtabharfaidh siad a n-ionfhabhtú do dhaoine eile. Áirítear leo sin daoine sa phobal nach bhfuil in ann freagairt imdhíonach a fhorbairt chun galair thógálacha a chomhrac agus atá in ardbhaol na n-aimhréidheanna tromchúiseacha agus an bháis. Is i mbaol aimhréidheanna tromchúiseacha atá naíonáin nár vacsaíníodh go hiomlán.

An bhfuil vacsaíní sábháilte?
Tá. D’ainneoin na miotas atá mar chúis le hamhras i measc roinnt daoine, tá cruthúnas le fáil i gcorpas fairsing taighde ar a éifeachtaí agus a shábháilte atá vacsaíní. Is sábháilte atá na vacsaíní go léir a úsáidtear in Éirinn. Ní dhéanfaidh an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte ná an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach na vacsaíní a cheadúnú ach tar éis dóibh a chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus éifeachtach. Cuirtear vacsaíní ceadúnaithe trí thástáil chríochnúil i gcéimeanna difriúla trialacha sula gceadaítear iad lena n-úsáid. Ní mholfadh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh aon vacsaíní nó ní bheadh vacsaíní mar chuid den ghnáthsceideal imdhíonta óige dá mbeadh aon éiginnteacht ann faoina shábháilte atá siad.