Preasráitis

Seolann an tAire McEntee an t-athbhreithniú dar teideal ‘Forbairt agus Tionchar na Tacaíochta Sláinte arna Treorú ag Piaraí: Athbhreithniú ar Áras Folláin agus Gateway’

Rinne Helen McEntee TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, seoladh inniu ar an athbhreithniú ar Áras Folláin agus Gateway i Scoil Altranais agus Cnáimhseachais Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar tionscadail iad atá á dtreorú ag piaraí. Is é teideal an athbhreithnithe ná ‘Forbairt agus Tionchar na Tacaíochta Sláinte sa Phobal: Athbhreithniú ar Áras Folláin agus Gateway’. Scrúdaítear san athbhreithniú forbairt agus tionchar dhá cheann de na tionscadail phobalbhunaithe sheanbhunaithe in Éirinn atá á dtreorú ag piaraí. Ba é Meabhairshláinte Éireann i gcomhpháirt leis an Rannóg Meabhairshláinte in FSS a d’eagraigh an taighde. Ba é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a rinne é.

Dúirt an tAire McEntee: ‘Léirítear sa tuarascáil seo gurb ann do thorthaí rídhearfacha ar na seirbhísí tacaíochta piaraí a dtairgeann Áras Folláin agus Gateway iad. Ar aon dul le Fís don Athrú, inar tugadh tacaíocht d’úsáideoirí seirbhíse na hacmhainní atá ar fáil iontu féin agus ina líonraí sóisialta a aithint, is leis na tionscadail seo a chumasaítear gach duine a bhfuil baint acu leo. Molaim an obair iontach atá ar bun acu.’