Preasráitis

Seolann an tAire Marcella Corcoran Kennedy an dara Suirbhé Éire Shláintiúil ar shláinte an náisiúin

Rinne an tAire Marcella Corcoran Kennedy TD, an tAire Stáit sa Roinn Sláinte le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, seoladh inniu ar an Tuarascáil Achoimre ar an dara Suirbhé Éire Shláintiúil.

Bhí 7,500 duine a bhí 15 bliana d’aois nó ní ba shine agus a chónaíonn in Éirinn páirteach sa dara Suirbhé Éire Shláintiúil, ar suirbhé bliantúil é. Is sa Suirbhé sin a thugtar léargas cothrom le dáta dúinn ar shláinte an náisiúin agus a thugtar tuairisc ar roinnt mhaith iompraíochtaí stíl mhaireachtála amhail caitheamh tobac, úsáid alcóil, gníomhaíocht fhisiciúil, réim bia agus meabhairshláinte. Cuireadh ar áireamh i Suirbhé na bliana seo roinnt ábhar nua lena scrúdófaí gnéithe breise d’iompraíochtaí sláinte agus saincheisteanna amhail iltosca riosca agus eolas agus dearcthaí i leith iompraíochtaí sláinte.

Áirítear iad seo le roinnt torthaí nua ar Shuirbhé na bliana seo:

  • Cé gurb eol do 90% de na freagraithe gur toisc riosca le galar ae é alcól, ní heol ach do 27% de mhná go méadóidh an riosca go mbeidh ailse chíche orthu má ólann siad an iomarca alcóil
  • Ólann formhór (55%) na bhfear a ólann alcól sé dheoch nó níos mó (“ragús óil”) de ghnáth nuair a théann siad ag ól. Ólann níos lú ná bean amháin as gach cúigear (18%) alcól ag an leibhéal sin
  • Glacann níos lú ná bean amháin as gach deichniúr forlíontaí aigéid fhólaigh agus ní thógann ach 18% de mhná idir 25 bliana d’aois agus 34 bliana d’aois iad
  • Bíonn 18% de dhaonra na hÉireann neamhchosanta ar thoit thánaisteach ar bhonn laethúil
  • Cé nach ndeir ach 54% de na daoine a chónaíonn in Éirinn go mbeidís toilteanach cónaí le duine ag a bhfuil fadhb mheabhairshláinte, deir 83% de dhaoine go mbeidís toilteanach leanúint le caidreamh a bheith acu le cara leo ar tháinig fadhb mheabhairshláinte air
  • Caitheann daoine 6 huaire agus 36 nóiméad ina suí sa lá de ghnáth agus cé gur gnách a chaitheann fir níos mó ama ina suí ná mná, is gnách a chaitheann mná óga níos mó ama ina suí ná fir óga
  • Deir formhór na ndaoine (63%) gur mhaith leo níos mó gníomhaíochta fisiciúla a dhéanamh, cé go ndeir roinnt mhaith díobh go gcuireann brú ama de bharr oibre nó cúram a thabhairt bac orthu déanamh amhlaidh

Ag labhairt di ag an seoladh, d’fháiltigh an tAire Corcoran Kennedy roimh fhoilsiú na Tuarascála. Dúirt sí: “Leis na torthaí nua sa dara Suirbhé Éire Shláintiúil, tugtar fianaise an-úsáideach ar shaincheisteanna tábhachtacha stíl mhaireachtála a théann i bhfeidhm ar dhaoine a chónaíonn in Éirinn. Cé go bhfacthas roinnt torthaí an-dearfach sa Suirbhé seo, tá roinnt grúpaí i mbaol drochshláinte fós de bharr iompraíochtaí stíl mhaireachtála. Leis na torthaí seo, cuirfear ar chumas na Roinne Sláinte agus Ranna agus gníomhaireachtaí eile gníomhartha a dhíriú ar shláinte agus folláine a chur chun cinn agus a fheabhsú ach spriocdhíriú ar ghrúpaí atá i mbaol agus orthu sin atá thíos le héagothromaíochtaí sláinte.  Tá gealltanas an-soiléir tugtha ag an Rialtas do Chlár Éire Shláintiúil a chur chun feidhme, go háirithe sa Bhuiséad is déanaí, áit inar leithdháileadh €5m go sonrach ar rannpháirtíocht trasearnála a dhúiseacht agus táim ag súil le díriú a chur ar ghníomhartha sonracha agus ar thionscnaimh shonracha sna míonna le teacht.”

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine ag an Roinn Sláinte: “Cé go bhfuil dul chun cinn déanta againn ar roinnt réimsí le roinnt bheag blianta anuas, is príomhchúiseanna le méaduithe ar riochtaí ainsealacha iad rátaí caite tobac, úsáid alcóil, patrúin itheacháin agus easpa gníomhaíochta fisiciúla. Léirítear sa Suirbhé seo dúinn go mbíonn na tosca riosca taobh thiar de dhrochshláinte ag cruinniú le chéile i gcásanna áirithe, agus dhá iompraíocht mhíshláintiúla nó níos mó ag líon suntasach daoine. Tá na sonraí ón Suirbhé seo ina sócmhainn an-luachmhar lena gcabhraítear leis an Roinn Sláinte agus lenár gcomhpháirtithe eile oibriú ar so

I gcás na ceithre chineál iompraíochta míshláintiúla a bhí á mbreithniú, léiríodh sa Suirbhé gurb é an cineál iompraíochta is coitianta díobh ná go n-itheann beagnach trí cheathrú (73%) den daonra níos lú ná cúig sciar de thorthaí agus de ghlasraí gach lá. Tá gach ceann de na trí chineál eile iompraíochta ag idir cúigiú cuid agus tríú cuid den daonra – is iad sin, ragús óil (28%), iompraíocht neamhghníomhach (26%) agus caitheamh tobac (23%).

Dúirt an Dr Holohan freisin, “Bíonn méadú ag teacht ar an líon daoine a bhfuil galar ainsealach orthu. Is eol dúinn, áfach, gur féidir formhór na ngalar ainsealach a chosc nó a athrú trí athruithe a dhéanamh ar ár stíl mhaireachtála. Is é an aidhm atá leis an gcreat Éire Shláintiúil tacú le daoine agus le pobail athruithe dearfacha den chineál sin a dhéanamh agus dul i bhfeidhm ar an mórthimpeallacht ag an am céanna ionas go mbeidh sé níos éasca ag gach duine an rogha shláintiúil a dhéanamh i gcónaí.”

Is é seo a leanas sampla de na torthaí tábhachtacha eile ar thángthas orthu:

  • Deir 84% de dhaoine a chónaíonn in Éirinn go bhfuil sláinte an-mhaith nó sláinte mhaith acu, cé go dtugann 28% díobh le fios go bhfuil tinneas nó riocht sláinte fadbhunaithe orthu
  • Caitheann 23% den daonra tobac
  • Itheann triúr as gach cúigear sneaiceanna gach lá agus itheann 42% den daonra 6 sciar bia nó níos mó gach lá
  • Ní itheann ach 27% den daonra cúig sciar de thorthaí agus de ghlasraí gach lá
  • Ólann 14% de dhaoine deochanna atá lán siúcra gach lá. Méadaíonn an figiúr sin go 22% i measc daoine idir 15 agus 24 bliana d’aois
  • Tugann 37% d’óltóirí alcóil le fios go n-ólann siad sé dheoch chaighdeánacha nó níos mó (“ragús óil”) de ghnáth nuair a théann siad ag ól
  • I gcás an 91% de dhaoine a cheapann nach dtugann siad faoi leibhéal leordhóthanach gníomhaíochta, deir siad gur mhaith leo bheith níos gníomhaí
  • Cé go gcaitheann 19% de dhaoine a chónaíonn in Éirinn tobac ar bhonn laethúil, leanann an ráta caiteoirí nua de bheith ag ardú go tapa. Caitheann 20% de dhaoine faoi bhun 25 bliana d’aois tobac faoi láthair
  • Déanann 67% d’fhir agus 39% de mhná faoi bhun 25 bliana d’aois ragús de ghnáth nuair a théann siad ag ól
  • Ardaíonn an meánlíon bliantúil de chuairteanna ar an liachleachtóir ginearálta ó 3.4 cuairt i measc daoine idir 15 agus 24 bliana d’aois go 8.4 cuairt i measc daoine atá 75 bliana d’aois nó níos sine. Ina theannta sin, chuaigh 27% de dhaoine i gcomhairle le comhairleoir leighis nó máinliachta sa 12 mhí seo a chuaigh thart
  • Tá aithne ag beagnach leath na ndaoine a chónaíonn in Éirinn ar dhuine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte aige

Dúirt an tAire Corcoran Kennedy, “Toisc gurb eol dúinn gur inchoiscthe atá formhór na ngalar ainsealach, is gá dúinn tuilleadh béime a chur ar fhadhbanna sláinte a chosc sula dtiocfaidh siad chun cinn. Tacaíonn na torthaí ón suirbhé seo le cur chun feidhme na bpríomhbheartas náisiúnta i réimsí amhail murtall, caitheamh tobac, alcól, gníomhaíocht fhisiciúil agus sláinte ghnéasach.  Mar sin, leanfaimid de bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe ar fud an Rialtais ar fad chun a chinntiú go n-éireoidh linn na beartais sin a chur chun feidhme, agus iad bunaithe ar shonraí ó na suirbhéanna Éire Shláintiúil.”

Nótaí d’eagarthóirí

Choimisiúnaigh an Roinn Sláinte an Suirbhé Éire Shláintiúil chun sonraí a bhailiú faoi raon saincheisteanna sláinte.

Tar éis próiseas tairisceana poiblí, coimisiúnaíodh Ipsos MRBI, an chuideachta neamhspleách taighde agus suirbhé tuairimí, chun an Suirbhé Éire Shláintiúil a dhéanamh gach bliain go ceann tréimhse trí bliana thar ceann na Roinne Sláinte. Is é atá sa Tuarascáil seo ná achoimre ar na torthaí ón dara suirbhé. Cuirfear na torthaí sin leis na sonraí a bailíodh sa chéad suirbhé, ar foilsíodh na torthaí uaidh sa bhliain 2015.

Cuimsítear sa dara Suirbhé Éire Shláintiúil 7,498 n-agallamh a rinneadh le sampla ionadach den daonra atá 15 bliana d’aois nó níos sine. Rinneadh an obair allamuigh don suirbhé idir mí Mheán Fómhair 2015 agus mí na Bealtaine 2016. Cuireadh ceisteanna ar na freagraithe faoi ábhair éagsúla, lenar áiríodh sláinte ghinearálta, caitheamh tobac, alcól, réim bia agus cothú, gníomhaíocht fhisiciúil, meabhairshláinte agus folláine agus sláinte ghnéasach.

Úsáidtear sonraí ón gcéad Suirbhé Éire Shláintiúil agus ón Suirbhé seo chun eolas a thabhairt don treo beartais reatha. Úsáidfear iad freisin chun freagairtí beartais nua a fhorbairt bunaithe ar an bhfianaise shuntasach atá ann ar iompraíochtaí sláinte in Éirinn. Áirítear leis na freagairtí sin tacaíocht don Roinn Sláinte, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus do phríomh-gheallsealbhóirí eile beartais agus cláir a fhorbairt agus idirghabhálacha a sholáthar agus a cheapadh chun sláinte agus folláine a fheabhsú, a chur chun cinn agus a chosaint.

Tá athruithe móra ar chúinsí eacnamaíocha agus sóisialta tagtha aníos in Éirinn ón mbliain 2007 i leith agus táthar ag cur ar fáil ar bhonn náisiúnta leis an Suirbhé Éire Shláintiúil foinse sonraí atá láidir, inchreidte agus tráthúil faoi raon iompraíochtaí sláinte. Tá na sonraí sin á n-úsáid chun buntacú le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus chun lear mór oibleagáidí idirnáisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin chun tuairisc a thabhairt don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, don Aontas Eorpach agus don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Cuirtear ar fáil le torthaí an tSuirbhé faisnéis thábhachtach luachmhar agus foinse dhaingean sonraí ar féidir leis an Roinn Sláinte agus lena cuid geallsealbhóirí monatóireacht, tomhas agus meas a dhéanamh ar an dul chun cinn ar ghnéithe éagsúla den Chreat Éire Shláintiúil a chur chun cinn ina n-éadan agus le haghaidh eolas a dhéanamh do bheartas agus do thacaíocht agus soláthar clár agus cuntasacht a fheabhsú.

Éire Shláintiúil

Éire Shláintiúil ina tionscnamh faoi stiúir an Rialtais, rud arb é an aidhm atá leis sochaí Éireannach inar féidir le gach duine dea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte a bheith acu, áit a bhfuil folláine tábhachtach ag gach céim den tsochaí agus a dtacaítear léi. Tugadh an creat Éire Shláintiúil isteach mar gheall ar ábhair imní gur romhainn atá todhchaí mhíshláintiúil – agus costas nach mbeimid in ann freastal air – de bharr stádas sláinte reatha na ndaoine a chónaíonn in Éirinn, treochtaí stíl mhaireachtála agus éagothroime sláinte ina measc. Is é an aidhm atá leis an gcreat Éire Shláintiúil faisnéis chruinn a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail faoin dóigh ar féidir leo feabhas a chur ar a sláinte agus ar a bhfolláine agus iad a chumhachtú agus a spreagadh tús áite a thabhairt don rogha shláintiúil i gcónaí.

An Suirbhé Éire Shláintiúil 2016 – Achoimre ar Thorthaí