Preasráitis

Seolann an Rialtas an chéad Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil de chuid na hÉireann riamh

Seolann an Rialtas an chéad Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil de chuid na hÉireann riamh

Conas spreagadh a thabhairt do leathmhilliún duine níos mó aclaíocht rialta a dhéanamh 

Tá €5.5m imfhálaithe le haghaidh an Phlean sa bhliain 2016

Sheol an Rialtas inniu an chéad Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil de chuid na hÉireann riamh. Is é is aidhm dó spreagadh a thabhairt laistigh de dheich mbliana do leathmhilliún Éireannach níos mó ar a laghad aclaíocht rialta a dhéanamh.

Ba iad Leo Varadkar, an tAire Sláinte, Paschal Donohoe, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Kathleen Lynch, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte, Cúram Príomhúil agus Cúram Sóisialta (Míchumas agus Daoine Scothaosta), agus Michael Ring, an tAire Stáit le freagracht as Turasóireacht agus Spórt, a sheol an plean in Ionad Pobail, Óige agus Aclaíochta an Bhaile Bhoicht i mBaile Átha Cliath.

Is é an phríomhsprioc ná an líon daoine atá ag déanamh aclaíocht rialta a mhéadú faoi 1% sa bhliain thar dheich mbliana (50,000 duine sa bhliain nó leathmhilliún duine san iomlán) trí ghnáthchuid den saol laethúil a dhéanamh den aclaíocht agus trí níos mó deiseanna le bheith gníomhach a thabhairt do dhaoine.

Dúirt na hAirí gur ar spraoi agus ar thaitneamh atáthar ag leagan na béime. Is sprioc thábhachtach í mar nach ndéanann seachtar as gach deichniúr aosach go leor aclaíochta. Imfhálaíodh €5.5 milliún ar a laghad i gcistiú sna trí Roinn chun an Plean a chur chun feidhme sa bhliain 2016. Cuimseoidh sé sin bearta spóirt, tionscnaimh Éire Shláintiúil, cistiú cláir Spórt Éireann agus tionscadail oideachais.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe: 

  • An líon daoine atá ag déanamh aclaíocht rialta a mhéadú faoi 50,000 duine gach bliain sa chéad deich mbliana romhainn;
  • Feachtas bliantúil nua chun spreagadh a thabhairt do níos mó daoine gníomhaíocht fhisiciúil a dhéanamh, lena n-áirítear feachtais sna meáin chumarsáide agus Seachtain nua Gníomhaíochta Fisiciúla a bheidh mar chuid den tSeachtain Eorpach Spóirt;
  • Tacú le 500 grúpa nua siúil pobail agus an Clár um Bratach na Scoileanna Glasa a leathnú chuig 500 scoil sa bhreis;
  • Gheobhaidh gairmithe sláinte tuilleadh oiliúna i ngníomhaíocht fhisiciúil a úsáid chun riochtaí ainsealacha a chosc nó a chóireáil;
  • Forbairt a dhéanamh ar Get Ireland Walking trí thionscnaimh nua amhail Get Ireland Swimming, Get Ireland Cycling agus Get Ireland Running a chur ar bun;
  • Méadófar an suíomh Gréasáin getirelandactive.ie mar ionad ilfhreastail le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil, lena n-áirítear bunachar sonraí poiblí ina gcoimeádfar sonraí faoi shaoráidí náisiúnta spóirt agus caitheamh aimsire;
  • Déanfar iarracht iarraidh ar fhostóirí tionscnaimh um Áit Oibre Shláintiúil a spreagadh trí ghníomhaíochtaí siúil agus aclaíochta, trí dheasca seasaimh agus trí bhearta eile;
  • Soláthrófar níos mó gníomhaíochta fisiciúla do dhaoine faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach trí threoirlínte agus ábhair thacaíochta;
  • Forbrófar treoirlínte nua maidir le hiompraíocht neamhghníomhach, lena n-áirítear rabhaidh faoi na contúirtí a bhaineann le neamhghníomhaíocht ar feadh tréimhse fhada;
  • Tabharfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta creat curaclaim nua chun críche le haghaidh Corpoideachais ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí;
  • Seolfar ábhar nua scoile darb ainm ‘Folláine’ i mí Mheán Fómhair an bhliain seo chugainn mar chuid den tSraith Shóisearach nua agus áireofar Corpoideachas leis;
  • Cuirfear stíleanna maireachtála sláintiúla chun cinn i mbunscoileanna agus i meánscoileanna. Úsáidfear gníomhaíocht fhisiciúil mar uirlis oideachasúil, ag an leibhéal bunscoile go háirithe, agus cuirfear Seirbhís Tacaíochta um Fhorbairt Ghairmiúil le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil ar bun do mhúinteoirí.

Dúirt an tAire Varadkar: “I gcúrsaí Sláinte, is iondúil a bhítear ag díriú ar na fadhbanna laethúla a dtéimid i ngleic leo. Ní bheimid in ann na fadhbanna sin a shárú ná buiséid a chur faoinár smacht san fhadtéarma, áfach, mura bhfeabhsaímid ár sláinte mar dhaoine aonair agus mar thír. Is é freagracht phearsanta an ghné is tábhachtaí de shaol sláintiúil ach tá ról le himirt ag an Rialtas freisin. Is le Éire Shláintiúil a bhaineann sé sin. Is éard atá ann ná an clár tras-Rialtais agus trasearnála arb é is aidhm dó ár sláinte a fheabhsú. Táimid ag déanamh beart cheana féin i roinnt réimsí amhail caitheamh tobac, alcól, sláinte ghnéasach agus úsáid leapacha gréine. Tá sé amhlaidh anois go socraítear leis an bPlean Náisiúnta seo um Ghníomhaíocht Fhisiciúil sprioc uaillmhianach chun spreagadh a thabhairt do leathmhilliún duine laistigh de dheich mbliana saol níos gníomhaí a bheith acu. Táim muiníneach go bhféadaimid an sprioc sin a bhaint amach. 

“Is éard atá sa Phlean freisin ná eiseamláir iontach de Rialtas comhcheangailte lena mbaineann an Roinn Sláinte, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is minice anois a oibríonn Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí ina n-aonar agus táimid ag tabhairt gealltanais inniu go n-oibreoimid le chéile ar an tsaincheist.”

D’fháiltigh an tAire Donohoe roimh fhoilsiú an Phlean. Dúirt sé: “Chun spreagadh a thabhairt do gach duine sa tír tuilleadh gníomhaíochta fisiciúla a dhéanamh, caithfidh gach duine dínn oibriú le chéile ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal áitiúil agus is eiseamláir iontach de chomhar agus comhpháirtíocht trasearnála é an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil. Is é cuspóir an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil a chinntiú go bhféadann gach duine dínn bearta simplí a dhéanamh chun ár leibhéil ghníomhaíochta fisiciúla a mhéadú, go háirithe na daoine sin nach dtugann faoi ghníomhaíocht fhisiciúil de shaghas ar bith.  Is é aidhm an phlean leibhéil rannpháirtíochta ar fud an phobail a mhéadú. Aithnímid, áfach, gur féidir go mbeidh tionscnaimh spriocdhírithe ar leith ag teastáil chun leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú agus chun an bhearna a laghdú i roinnt grúpaí.  Cuirfear cistiú is fiú geall le €4 mhilliún ar fáil le haghaidh bearta spóirt sa bhliain 2016 chun gníomhartha sa Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil a sholáthar.  Beidh mé ag leithdháileadh geall le €1 mhilliún de chistiú clár Spórt Éireann le haghaidh oifigigh forbartha ilspóirt a fhostú chun tacú le soláthar na gclár ag leibhéal áitiúil  Tá sé beartaithe freisin go leithdháilfear cistiú is fiú geall le €3 mhilliún le haghaidh cláir spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste. Is as Cistiú Cuntas Díomhaoin a ndéanann an tAire Alan Kelly, comhghleacaí liom, maoirseacht air a leithdháilfear an cistiú sin.”

Cé go mbíonn roinnt mhaith daoine in Éirinn i mbun aclaíochta ar bhonn rialta, is ann do chéatadán suntasach den daonra nach ndéanann ach beagáinín aclaíochta nó nach ndéanann aclaíocht ar chor ar bith. Is soiléir atá an fhianaise:

  • Ní chomhlíonann ach 19% de leanaí bunscoile agus 12% de leanaí iar-bhunscoile na moltaí gníomhaíochta fisiciúla. Is é is dóichí nach gcomhlíonfaidh cailíní na moltaí agus laghdaíonn an dóchúlacht go gcomhlíonfaidh siad na moltaí de réir mar a théann siad in aois;
  • D’éirigh 10% de rannpháirtithe gníomhacha i spórt ar an mbunscoil as an spórt faoi dheireadh na chéad bhliana ar an iar-bhunscoil;
  • Tá leanbh amháin as gach ceathrar neamhaclaí, róthrom nó murtallach nó tá brú fola ardaithe acu;
  • Níl ach 32% de dhaoine fásta ag comhlíonadh na moltaí náisiúnta maidir le gníomhaíocht fhisiciúil.

Dúirt an tAire Lynch: “Chomh maith le cabhrú le do shláinte fhisiciúil a fheabhsú, bíonn gníomhaíocht fhisiciúil ríthábhachtach maidir le do mheabhairshláinte freisin. Cuireann gníomhaíocht fhisiciúil spionn maith ar dhaoine, laghdaíonn sí strus agus méadaíonn sí leibhéil fuinnimh.  Bíonn sí ina dea-bhealach chun bualadh le daoine agus ról níos gníomhaí a imirt sa phobal áitiúil.” Mhol an tAire Lynch do gach duine, is cuma cén aois iad nó cén cumas atá acu, gníomhaíocht a mbaineann siad taitneamh aisti a aimsiú. Dúirt sí: “Is féidir le daoine peil a imirt, dul ag snámh nó tabhairt faoi aon chineál gníomhaíochta eile. Ní gá do dhaoine spórt a imirt. Is féidir leat cur go mór le d’fholláine má théann tú amach ag siúl ar feadh leathuair an chloig go minic freisin.”

Dúirt an tAire Ring: “Is ar phobail faoi mhíbhuntáiste a dhíreofar an cistiú le haghaidh spóirt sa bhliain 2016 sa Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil.  Leanfaidh Spórt Éireann ar aghaidh ag tacú leis na Moil Spóirt Phobail. Triaileadh anuraidh iad trí na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt faoi Chistiú Cuntas Díomhaoin.  Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an tóir ar ghníomhaíochtaí amhail siúl, reathaíocht, rothaíocht agus snámh.  Leithdháilfear cistiú sa bhliain 2016 trí Spórt Éireann agus trí Cheann-Eagraíochtaí Rialaithe Spóirt ar mhaithe le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gclár Get Ireland Walking agus ar na cláir Get Ireland Cycling, Get Ireland Running agus Get Ireland Swimming.  Chomh maith leis sin, déanfar infheistíocht i gcláir chun aghaidh a thabhairt ar rátaí arda éirí as spórt i measc grúpaí sonracha.”

Ní féidir le haon eagraíocht amháin atá ag oibriú ina haonar muintir na tíre a dhéanamh níos gníomhaí. Beimid go léir páirteach i réiteach a bhaint amach, áfach, má oibríonn gach duine le chéile, lena n-áirítear pobail, gnóthais, clubanna spóirt, an Rialtas, gníomhaireachtaí Stáit agus daoine aonair. Sin é an fáth arb é raon leathan geallsealbhóirí a d’fhorbair an Plean. Tá siad seo a leanas i measc na ngníomhartha eile:

  • Cuirfear ceisteanna ar leibhéil ghníomhaíochta san áireamh nuair a bhíonn tosca riosca á scagadh sa tseirbhís sláinte;
  • Bunaithe ar an toradh dearfach atá ar idirghabhálacha chun caitheamh tobac a laghdú, forbrófar clár nua do ghairmithe sláinte ar na tairbhí sláinte a bhaineann le gníomhaíocht fhisiciúil, mar aon le clár Idirghabhála um Fhaisnéis faoi Ghníomhaíocht Fhisiciúil;
  • Tacú le cláir rannpháirtíochta nua, agus béim ar leith á cur ar phobail faoi mhíbhuntáiste;
  • Cuirfear gníomhaíocht fhisiciúil ar áireamh i bpleanáil agus i gcleachtas cúraim fhadtéarmaigh i seirbhísí sláinte agus sóisialta;
  • Forbairt a dhéanamh ar chlár nua um fhorbairt ghairmiúil leanúnach sa chorpoideachas, lena n-áirítear soláthar do ghairmithe luathfhoghlama;
  • Treoirlínte nua a dhréachtú maidir le gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn san oideachas luath-óige;
  • Straitéisí siúil agus rothaíochta a fhorbairt i ngach ceantar áitiúil agus aclaíocht, bealaí rothaíochta agus páirceanna a chur ar áireamh i bpleanáil baile;
  • Sraith straitéisí um Áit Oibre Shláintiúil a fhorbairt d’fhostóirí, agus iad ag baint le gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn ag an obair;
  • Clár taighde a fhorbairt ar na nithe a bhfuil ag éirí leo maidir le gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn;
  • Iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna nua cistiúcháin phoiblí agus phríobháidigh d’eagraíochtaí spóirt agus gníomhaíochta.

Cuirfear grúpa cur chun feidhme ar bun go luath, agus é faoi stiúir na Roinne Sláinte agus na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Déanfar measúnú ar an bplean ar fad de réir a spriocanna tar éis trí bliana.

Críoch

Lúthchleasaithe a bhí i láthair ag an seoladh

Cathal Miller – Pararothaíocht

Chuaigh Cathal Miller san iomaíocht sna Cluichí Parailimpeacha 2008 agus 2012 i gcatagóir C5. Chríochnaigh sé san 8ú háit sa Rás Bóthair i Londain, san 8ú háit sa Tóraíocht Aonair 4 km agus san 11ú háit sa Triail Ama. Tá Cathal ina chóitseálaí anois don scuad forbartha agus bíonn sé an-ghníomhach maidir le Pararothaíocht a chur chun cinn agus a fhorbairt in Éirinn. Tá sé ina bhall de Chumann Rothaíochta Chluain Tairbh agus tá sé 47 bliana d’aois.  Bhí Cathal ar an iompróir brataí d’fhoireann na hÉireann sna Cluichí Parailimpeacha sa bhliain 2012.

Ciara Doogan

Tá saol an-mhaith sa spórt i ndán do Chiara. Is as Dún na nGall di agus tá sí i mbun staidéir ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sí díreach tar éis comórtas sóisearach a fhágáil. Bhí sí ina ball d’Fhoireann Bua na hÉireann agus í ina rothaí óg, agus tá sí ag dul san iomaíocht i gcomórtais idirnáisiúnta óige ó bhí sí thart ar 15 bliana d’aois. Sa bhliain 2015, chuaigh sí san iomaíocht i gCraobhchomórtas Sóisearach an Domhain. Cé go bhfuil sí ina rothaí sóisearach, tá ag éirí go maith léi agus í san iomaíocht leis na rothaithe sinsearacha is fearr in Éirinn.

John Travers – Lúthchleasaíocht

Tá John Travers ina lúthchleasaí Éireannach a bhíonn ag dul san iomaíocht in imeachtaí meánachair. Chríochnaigh sé sa seachtú háit sa rás 1500 méadar sa Chraobhchomórtas Eorpach faoi Dhíon sa bhliain 2015.

TUILLEADH FAISNÉISE

Cé chomh gníomhach agus ba cheart dúinn a bheith?

Tá na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn (an Roinn Sláinte, 2009) bunaithe ar shainfhianaise idirnáisiúnta agus cuirtear síos iontu ar na leibhéil chuí ghníomhaíochta fisiciúla a theastaíonn chun cur leis an tsláinte do mhuintir na hÉireann.

Leanaí agus daoine óga (2 – 18 bliain d’aois)

Ba chóir do gach leanbh agus duine óg bheith gníomhach, ar leibhéal atá idir measartha agus dian, ar feadh 60 nóiméad ar a laghad in aghaidh an lae.  Ba chóir dóibh tabhairt faoi chleachtaí chun matáin a neartú, solúbthacht a fheabhsú agus cnámha a láidriú 3 huaire sa tseachtain.

Daoine fásta (18-64 bliain d’aois)

Ba chóir do dhaoine fásta tabhairt faoi ghníomhaíocht mheasartha ar feadh 30 nóiméad ar a laghad in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain (nó 150 nóiméad san iomlán sa tseachtain).

Daoine scothaosta (65 bliain d’aois nó níos sine)

Ba chóir do dhaoine scothaosta tabhairt faoi ghníomhaíocht measartha dian ar feadh 30 nóiméad ar a laghad in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain, nó 150 nóiméad san iomlán sa tseachtain agus iad ag díriú ar ghníomhaíocht aeróbach, ar mhatáin a neartú agus ar a gcothrom.

Daoine fásta faoi mhíchumas

Ba chóir do dhaoine fásta faoi mhíchumas bheith chomh gníomhach agus is féidir leo. Ba chóir dóibh féachaint leis na treoirlínte do dhaoine fásta a chomhlíonadh, is é sin, tabhairt faoi ghníomhaíocht measartha dian ar feadh 30 nóiméad ar a laghad in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain.

Cúlra maidir leis an bPlean:

Forbraíodh Get Ireland Active – an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil de bhun gealltanais a tugadh sa chreat Éire Shláintiúil, an Creat le haghaidh Sláinte agus Folláine Fheabhsaithe in Éirinn 2013 – 2025.

Éire Shláintiúil ina tionscnamh faoi stiúir an Rialtais, rud arb é an aidhm atá leis sochaí Éireannach inar féidir le gach duine dea-shláinte fhisiciúil agus dea-mheabhairshláinte a bheith acu, áit a bhfuil folláine tábhachtach ag gach céim den tsochaí agus a dtacaítear léi. Tugadh Éire Shláintiúil isteach mar gheall ar ábhair imní gur romhainn atá todhchaí mhíshláintiúil – agus costas nach mbeimid in ann freastal air – de bharr stádas sláinte reatha na ndaoine a chónaíonn in Éirinn, treochtaí stíl mhaireachtála agus éagothroime sláinte ina measc. Is é an aidhm atá le Éire Shláintiúil faisnéis chruinn a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail faoin dóigh ar féidir leo feabhas a chur ar a sláinte agus ar a bhfolláine agus iad a chumhachtú agus a spreagadh tús áite a thabhairt don rogha shláintiúil i gcónaí.

An Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil

Forbraíodh an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil mar fhreagairt don fhianaise atá ag méadú go bhfuil neamhghníomhaíocht fhisiciúil ar cheann de na príomhthosca riosca ó thaobh sláinte de agus cuireadh an Plean le chéile bunaithe ar fhianaise agus ar chleachtas aitheanta idirnáisiúnta. Shainaithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil neamhghníomhaíocht fhisiciúil ar an gceathrú príomhthoisc riosca ó thaobh mortlaíocht dhomhanda de.

Ba é Grúpa Oibre faoi chomhchathaoirleacht na Roinne Sláinte agus na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt a chuir an Plean le chéile. Bhí an Grúpa Oibre comhdhéanta d’ionadaithe ó chuid mhór de na príomh-gheallsealbhóirí a bhfuil sé de fhreagracht orthu gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn. Chuathas i gcomhairle fhairsing le geallsealbhóirí ábhartha agus an Plean á fhorbairt freisin.

Amhail i gcás cuid mhór de na deitéarmanaint shóisialta sin a théann i bhfeidhm ar shaol daoine a chónaíonn in Éirinn agus a sainaithníodh in Éire Shláintiúil, tá ról tábhachtach ag a lán beartas idirnasctha agus ag cláir ar fud réimsí amhail sláinte, oideachas, spórt, gníomhaíocht fhisiciúil áineasa, iompar agus an timpeallacht maidir le gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn. Tá an dréacht-Phlean bunaithe go mór ar an bhfianaise idirnáisiúnta is fearr, go háirithe moltaí beartais ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ó Chairt Toronto um Ghníomhaíocht Fhisiciúil.

Tá an Plean struchtúrtha timpeall na n-ocht réimse théamacha seo a leanas:
1.        Feasacht an Phobail, Oideachas agus Cumarsáid
2.        Leanaí agus Daoine Óga
3.        Sláinte
4.        An Timpeallacht
5.        Áiteanna oibre
6.        Spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil sa phobal
7.        Taighde, Faireachán agus Meastóireacht
8.        Cur chun feidhme i gcomhpháirt

Agus é faoi stiúir ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gcomhpháirt le chéile, cuirfear grúpa trasearnála um maoirseacht agus cur chun feidhme ar bun chun ról ceannaireachta agus maoirseachta a ghlacadh le linn chur chun feidhme an Phlean.

Cuirfear tús leis na príomhghníomhartha sa Phlean le linn 2016.

[1] An Roinn Sláinte agus Leanaí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Na Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil d’Éirinn. 2009