Preasráitis

Rinne Kathleen Lynch TD seirbhís comhairleoireachta nua a sheoladh inniu do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Rinne Kathleen Lynch TD, an tAire Stáit le Freagracht as Meabhairshláinte, Cúram Príomhúil agus Cúram Sóisialta (Míchumas agus Daoine Scothaosta) seirbhís comhairleoireachta nua a sheoladh inniu do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dúirt sí, “Mar Aire le Freagracht as Meabhairshláinte, tá lúcháir orm an tionscnamh nua tábhachtach seo a sheoladh, rud a chuirfidh meabhairshláinte dhearfach chun cinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh”. Agus í solúbtha agus furasta le húsáid, is é is aidhm don tseirbhís nua na dúshláin a bhaineann le saol nua-aimseartha an choláiste a léiriú. Chomh maith leis sin, cabhróidh sí go mór le mic léinn déileáil le cibé brúnna meabhairshláinte a mhothóidh siad ó am go chéile.

Meastar go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte ag duine amháin as gach ceathrar nó cúigear dúinn am éigin inár saol. Tá sé tábhachtach a thuiscint, áfach, nach teip phearsanta é meabhairghalar agus gur féidir é a chóireáil. Dúirt an tAire, “Leanann an Rialtas seo ar aghaidh le tús áite a thabhairt do Mheabhairshláinte. Ón mbliain 2012 i leith, tá thart ar €125m curtha ar leataobh againn le haghaidh forbairtí nua ar fud na tíre. Tá suim eile €35m áirithithe agam don bhliain 2016 freisin. San am i láthair, tá ár gcuid seirbhísí á nuachóiriú againn ar mhaithe le tuilleadh béime a chur ar chúram pobalbhunaithe – lena n-áirítear seirbhísí comhairleoireachta a fhorbairt i gcomhar le Cúram Príomhúil, mar aon le sainsoláthar níos fearr meabhairshláinte do leanaí agus d’aosaigh araon”.

Dúirt an tAire freisin, “Ní hé amháin go n-ardaíonn an tionscadal in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, feasacht ar shaincheisteanna meabhairshláinte i gcoitinne, ach léiríonn sé an obair iontach a bhíonn á déanamh ag daoine aonair, ag comhlachtaí reachtúla agus ag comhlachtaí neamhreachtúla ar fud na tíre, agus iad ag soláthar réitigh phraiticiúla chun cabhrú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu”.

Dúirt sí freisin, “Deirim i gcónaí gur féidir leis an stiogma atá ag baint go stairiúil le fadhb meabhairshláinte, gur féidir leis an stiogma sin bheith ar an rud is measa do dhuine a bhfuil fadhb meabhairshláinte aige.  Tá an-dul chun cinn déanta againn le blianta beaga anuas maidir le hathrú a dhéanamh ar an dearcadh agus ar an gcur chuige a thógtar i leith meabhairshláinte, ach is féidir linn an méid sin a fheabhsú go fóill. Cosúil leis an dearcadh atá i réim in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is gá dúinn cultúr a spreagadh nach mbíonn leisce ar dhaoine atá i gcruachás cabhair a lorg ann; meicníocht Luath-Idirghabhála a bheith i bhfeidhm againn, rud trínar féidir cabhair a sholáthar; agus coincheapa na meabhairshláinte dearfaí agus an téarnaimh a chur chun cinn ar shlí eile nuair is féidir.”

Mar fhocal scoir, mhol an tAire obair na mac léinn a bhí páirteach sna gearrthóga físe a fhorbairt don tionscadal nua. Dúirt sí: “Trí aghaidh daoine a chur ar na fadhbanna, tabharfar spreagadh do chuid mhór daoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu teacht chun cinn agus cabhair a lorg. Ba cheart go gcabhródh an tionscadal le coláistí eile tionscnaimh mheabhairshláinte den chineál céanna a fhorbairt nó a thabhairt chun foirfeachta freisin. Ba cheart a chuimhneamh go mbíonn sé ríthábhachtach i gcónaí glacadh le cur chuige cothromaithe agus freagrach i leith shaol an choláiste. Cé gur féidir go mbíonn na dúshláin ag athrú, is fearr ná riamh atá na deiseanna dearfacha atá ar fáil do mhic léinn iad sin a shárú”.