Preasráitis

Ráiteas ón Aire Varadkar maidir le Aviva Health Insurance

Cuirim fáilte roimh an gcinneadh ó Irish Life, atá faoi úinéireacht ag Great West Lifeco atá lonnaithe i gCeanada, Aviva Health Insurance a cheannach. Tá sé ina léiriú tacaíochta eile ó mhórchuideachta idirnáisiúnta do gheilleagar na hÉireann agus don mhargadh árachas sláinte in Éirinn. Cheannaigh AIG Laya Healthcare an bhliain seo caite.

Soláthraíonn earnáil árachas sláinte atá láidir agus iomaíoch rogha agus roghanna polasaí inacmhainne don phobal agus tagann na hinfheistíochtaí sna sála ar na hathruithe polasaí a tugadh isteach an bhliain seo caite le haghaidh Rátáil Phobail Saoil agus lascainí d’Aosaigh Óga. Ba iad na hathruithe sin a chuir ina luí ar 100,000 duine eile árachas sláinte a cheannach sa bhliain 2015.

Críoch