Preasráitis

Ráiteas ón Aire Varadkar ar amanna feithimh diagnóisice

“Maidir leis an bhfaisnéis a tugadh don Teachta Dála Billy Kelleher, ba í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chuir an fhaisnéis sin ar fáil de bhun iarratais ó mo Roinn. Mar sin, is léir nach rabhthas ag éirí an fhaisnéis sin a cheilt. Ba í FSS a chuir ar fáil í. Agus mé i m’Aire Sláinte, caithfidh mé argóint ar son tuilleadh acmhainní don tseirbhís sláinte. Ní bhainim aon leas as cuma níos fearr ná níos measa a chur ar chúrsaí ná mar atá orthu i ndáiríre.

 

“Tá sé beartaithe ag FSS faisnéis maidir le hamanna feithimh diagnóisice a fhoilsiú arís eile sa todhchaí, ach tá sé tábhachtach go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus inchomparáide ar fud na n-ospidéal uile. Ní hamhlaidh atá an scéal faoi láthair.

 

“Tá sé tábhachtach a chuimhneamh freisin gur ag feitheamh le coinne ospidéil nó le gnáthamh máinliachta chomh maith atá a lán daoine atá ag feitheamh le scanadh. In ionad líon na ndaoine atá ar an liosta feithimh a ghannmheas, is minic a dhéantar na haon daoine a áireamh roinnt uaireanta.

“Ní fiú argóint faoi staitisticí, i mo thuairim. Aontaímid go léir gur do-ghlactha atá amanna feithimh d’othair phoiblí. Táim ag obair le FSS ar phleananna don bhliain seo chugainn, pleananna ina ndíreofar go sonrach ar dhaoine atá ag feitheamh le fada.

 

“Ar an drochuair, tá amanna feithimh fada d’othair phoiblí ina saintréith den tseirbhís sláinte ó na 1980í i leith. Mar a tharla, bhí a lán amanna feithimh i bhfad ní ba mheasa nuair a bhí Fianna Fáil in oifig. Ní hé amháin nár foilsíodh staitisticí ag an am sin, níor bailíodh iad fiú.”