Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le Orkambi

Is cúis áthais do Simon Harris, an tAire Sláinte, gur chuir Vertex, cuideachta chógaisíochta, in iúl d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le déanaí go bhfuil sé ag iarraidh dul i mbun idirbheartaíochta le FSS an athuair maidir le druga darb ainm Orkambi. Ag labhairt dó ó chruinniú le hAirí Sláinte an Aontais Eorpaigh (AE) i Liospóin inniu (Dé Céadaoin) maidir le praghsáil drugaí, dúirt an tAire:

“Tá sé ráite agam arís agus arís eile gur gá do Vertex comhoibriú le FSS ar bhealach fiúntach a thugann aghaidh ar an gcroí-shaincheist a bhaineann le praghas agus inacmhainneacht an druga lena mbaineann.  Sa chomhthéacs sin, is gá don chuideachta tairiscint i bhfad níos fearr a dhéanamh dúinn an babhta seo. Níor tharla sé sin go dtí seo agus táim ag iarraidh ar an gcuideachta an athuair comhoibriú linn.  Bhí mé sásta a chloisteáil, áfach, gur chuir Vertex in iúl do FSS go bhfuil sé ag iarraidh dul i mbun idirbheartaíochta léi an athuair maidir le Orkambi.

“Le linn cruinniú le roinnt de mo chomhghleacaithe in AE, tharraing mé aird ar an ardphraghas do-ghlactha a chuireann Vertex ar an druga lena mbaineann, rud a fhágann nach bhfuil Orkambi inrochtana ag othair fiobróise cistí in Éirinn ná ag othair eile ar fud na hEorpa. Tá rún daingean agam tuilleadh oibre a dhéanamh ina leith sin le mo chomhghleacaithe san Eoraip agus i dtíortha eile.

“Ba mhaith liom go bhfaigheadh othair fiobróise cistí rochtain ar na cóireálacha is fearr is féidir. Is é sin an phríomhthosaíocht atá agam go fóill.”