Preasráitis

Ráiteas ón Aire Simon Harris TD

Tá Simon Harris TD, an tAire Sláinte, tar éis a chomhbhrón a chur in iúl faoi bhás an Ollaimh Aongus Curran.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris, “Bhí brón orm a chloisteáil inniu go bhfuair an tOllamh Curran bás. Máinlia a raibh an-mheas air agus sármhúinteoir do chuid mhór mac léinn leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bhí ann. Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh dá theaghlach, dá dhaoine muinteartha agus dá chuid comhghleacaithe. Ar dheis Dé go raibh a anam.”