Preasráitis

Ráiteas ón Aire Simon Harris maidir leis an athrú ar úinéireacht Ghrúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann

Cuireann Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte roimh an ráiteas a eisíodh ar maidin maidir leis an athrú ar úinéireacht Ghrúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann. Thug sé faoi deara gur forbairt an-suntasach é don earnáil cúram sláinte.

Ag labhairt dó roimh an bhfógairt ó Shiúracha Reiligiúnacha na Carthanachta go bhfuil sé ar intinn acu deireadh a chur lena rannpháirtíocht le Grúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann, dúirt an tAire gur dea-scéala é uainiú an chinnidh stairiúil seo.  Téann an cinneadh i ngleic go díreach le hábhair imní maidir leis an tionchar a bheidh ag ceisteanna reiligiúnacha ar an Ospidéal Náisiúnta nua Máithreachais agus léiríonn sé arís eile an ról cuiditheach atá á imirt ag na Siúracha chun an tionscadal ríthábhachtach seo a éascú”.

Tá an Roinn Sláinte ag leanúint de bheith ag obair le Grúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann agus leis an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i ndáil leis an tionscadal.  Tabharfaidh an tAire an t-eolas is déanaí ar an tionscadal don Rialtas an tseachtain seo chugainn.