Preasráitis

Ráiteas ó Simon Harris, an tAire Sláinte

Cosúil le gach duine eile, baineadh an anáil díom nuair a chuala mé faoin tragóid uafásach a tharla ag Ospidéal Ginearálta an Náis inniu. Thug mé cuairt ar an ospidéal anocht chun mo chomhbhrón a chur in iúl do theaghlach an duine a fuair bás.

Chomh maith leis sin, bhí mé ag iarraidh tacú leis an tsáriarracht atá déanta ag an bhfoireann san Ospidéal inniu agus a chur in iúl go bhfuil súil agam go dtiocfaidh na paraimhíochaineoirí a gortaíodh chucu féin go hiomlán.

Chuir Ard-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) mé ar an eolas faoin scéal agus dúirt sé liom go ndéanfar roinnt imscrúduithe ar an eachtra anois.

Táim ag smaoineamh faoi theaghlach an fhir nach maireann agus faoi na paraimhíochaineoirí a gortaíodh.