Preasráitis

Ráiteas ó Finian McGrath T.D., an tAire Stáit le freagracht as Míchumas

Is mian le Finian McGrath TD, an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, a chomhbhrón a chur in iúl do theaghlach an chónaitheora a fuair bás in Áras Attracta an 8 Bealtaine 2016. De réir faisnéise a fuair sé ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), tá sé de thuiscint ag an Aire gur tugadh fógra do gach ceann de na húdaráis ábhartha faoin eachtra thragóideach sin agus go bhfuil imscrúdú iomlán á dhéanamh anois ar na cúinsí taobh thiar di.