Preasráitis

Osclaíonn an tAire Harris agus an tAire Byrne imeacht a bhfuil mar aidhm leis dul i ngleic le murtall agus gníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú trí phleanáil agus forbairt

Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, comhdháil a oscailt inniu ina bhféachtar ar an dóigh ar féidir lenár dtimpeallacht fhisiciúil dul i bhfeidhm ar shláinte agus folláine.

Le linn an imeachta, cloisfear ó raon eagraíochtaí spóirt agus pobail, ó phleanálaithe agus ó ailtirí, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó bhaill foirne údaráis áitiúil maidir leis an dóigh ar féidir leo obair le chéile chun pobail níos sláintiúla a dhearadh.

Beidh na daoine seo a leanas i measc na gcainteoirí ag an imeacht: an Dr Lorraine D’Arcy ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Jason Taylor, Dearthóir agus Pleanálaí Uirbeach; Philip Jackson agus David Dwyer ó Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann; Michael Walsh, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, a labhróidh faoi Ghlasbhealach Phort Láirge; agus Philip Moyles, Cathaoirleach ar an gCoiste ‘No Fry Zone 4 Kids’.

Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tAire Harris go bhfuil murtall, go háirithe murtall i measc leanaí, ar cheann de na fadhbanna is tromchúisí atá ag bagairt ar an tír agus ar sheirbhísí sláinte.

Dúirt an tAire Harris, “Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis gach ar féidir linn a dhéanamh chun gníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú sa phobal. Nithe amhail cosáin atá breá mór, lánaí rothar sábháilte agus limistéir áineasa inrochtana, tugann siad go léir spreagadh do shaoránaigh roghanna sláintiúla a dhéanamh agus saol níos sláintiúla a chaitheamh. Tá dúshláin le sárú againn freisin maidir leis na mórthosca murtallaigineacha, lena n-áirítear an timpeallacht bia, agus maidir leis an dóigh a normalaímid iompraíochtaí sláintiúla.

“Ar leibhéal beartais straitéisigh, rinneamar cheana féin cuid mhór de na ceangail agus na hailínithe is gá a dhéanamh. Dúshlán tábhachtach agus, go deimhin, deis thábhachtach dúinn go léir atá anseo inniu anois is ea a fheiceáil conas is féidir linn na físeanna náisiúnta sin a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach ar leibhéal áitiúil.

“Chun déanamh amhlaidh, beidh ardleibhéal comhoibrithe ar fud an rialtais ag teastáil agus beidh ar earnálacha difriúla réitigh a chruthú lena gcothófar stíleanna maireachtála sláintiúla, cáilíocht níos fearr na beatha agus rannpháirtíocht leis na pobail agus na daoine den phobal a bhainfidh tairbhe. Cuirim fáilte mhór roimh an imeacht inniu, áit a dtaispeántar an leibhéal tiomantais atá ann cheana féin do ról a thabhairt do gach duine i sláinte agus folláine.”

Is iad ‘Ceangail, Comhoibrigh, Cruthaigh” téamaí an imeachta, rud a d’eagraigh an grúpa trasrialtais a dhéanann maoirseacht ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil.

Dúirt Shane Ross TD, an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, “Mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, tá rún daingean agam feabhas a chur ar na spásanna ina gcónaímid ionas go mbeidh aclaíocht ina gnáthchuid den saol iontu. Téann gréasáin iompair dhea-phleanáilte, lena n-áirítear lánaí rothar ainmnithe leithscartha agus Glasbhealaí sábháilte áille, chun mórthairbhe dár gcáilíocht beatha, dár sláinte fhisiciúil agus dár meabhairshláinte. Maidir leis sin, is croíchuid de shainchúram reatha mo Roinne é na céadta ciliméadar de lánaí rothar agus de Ghlasbhealaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Léiríonn an rath ar fhorbairtí amhail Glasbhealach Phort Láirge dúinn go n-úsáidfidh daoine taitneamhachtaí lena gcuirtear stíl mhaireachtála shláintiúil chun cinn má thógaimid iad. Ag an bhfóram seo, tugtar sárdheis dúinn obair le chéile chun feabhas a chur ar na spásanna ina gcónaímid agus chun sláinte agus folláine gach duine a chur i gcroílár ár bpróisis phleanála.”

Dúirt Brendan Griffin TD, an tAire Stáit le freagracht as Turasóireacht agus Spórt, “Is é an sprioc dheiridh atá againn a chinntiú go dtabharfar spreagadh agus deiseanna maithe do gach duine bheith gníomhach go fisiciúil agus na tairbhí a ghabhann le stíl mhaireachtála shláintiúil a ghnóthú. Tá sé aitheanta le fada go bhfuil ról tábhachtach le himirt ag an timpeallacht thógtha agus nádúrtha san uaillmhian sin a bhaint amach. Bíonn tionchar suntasach ag ár dtimpeallacht fhisiciúil ar ár soghluaisteacht, ar ár neamhspleáchas agus ar ár gcáilíocht beatha agus is féidir léi cabhrú le daoine, nó bac a chur ar dhaoine, stíl mhaireachtála shláintiúil a shaothrú. Cuirim fáilte mhór roimh an imeacht geallsealbhóirí atá ar siúl inniu, toisc go bhfuil sé ríthábhachtach go n-oibreoimis níos dlúithe le chéile i gcónaí chun tús áite a thabhairt do shláinte phoiblí agus do ghníomhaíocht fhisiciúil agus limistéir uirbeacha agus thuaithe araon á bpleanáil agus á ndearadh againn.”

Dúirt Catherine Byrne TD, an tAire Stáit, “Faoin gcreat Éire Shláintiúil, táimid tiomanta do thimpeallacht níos sláintiúla a chruthú do gach saoránach agus do gach pobal. Is féidir leis an timpeallacht fhisiciúil agus leis an bpobal ina gcónaímid, ina n-oibrímid agus ina n-imrímid difear mór a dhéanamh dár sláinte agus tá sé an-tábhachtach, mar sin, go mbeadh dearadh ar ardchaighdeán ar ár dtithe agus ar ár spásanna poiblí agus go mbeadh siad so-rochtana. Tríd an imeacht inniu, táimid ag obair le chéile chun a chinntiú go mbeidh ag gach duine, idir óg agus aosta, an deis chun roghanna níos sláintiúla a dhéanamh go héasca laistigh dá bpobal féin. Ceann de na tosaíochtaí atá agamsa agus atá leis an gcreat Éire Shláintiúil is ea tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, go háirithe do leanaí, meáchan sláintiúil a choinneáil agus na tairbhí fisiciúla agus meabhairshláinte uile a ghabhann lena bheith gníomhach gach lá a ghnóthú”.

Tá ról ag raon leathan Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí i gcur chun feidhme an Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil agus an Bheartais agus an Phlean Gníomhaíochta maidir le Murtall. Is é atá i gceist leis an obair sin ná réimsí gníomhaíochta atá dírithe ar chúram sláinte a athchóiriú, ar chumarsáid, ar thaighde agus ar roghanna níos sláintiúla a chur chun cinn i scoileanna, in áiteanna oibre agus i bpobail. Tá gníomhartha a bhaineann leis an timpeallacht fhisiciúil i gceist léi freisin.

Leis an gCiste bliantúil Éire Shláintiúil, tacaítear le hÚdaráis Áitiúla faoi láthair tionscnaimh chomhpháirtíochta a chur chun feidhme ar leibhéal áitiúil chun tacú leis na beartais thábhachtacha faoin gcreat Éire Shláintiúil.

Méadóidh an Rialtas leithdháiltí cistiúcháin go mór thar an tréimhse 2018 go 2021, rud a rachaidh chun tairbhe don rothaíocht agus don siúl araon.

Áireofar iad seo a leanas leis na leithdháiltí méadaithe sin thar an tréimhse 2018 go 2021:

•             €110 milliún, a bheidh dírithe go sonrach ar an mbonneagar rothaíochta agus siúil inár mórlimistéir uirbeacha;
•             €135 mhilliún, a leithdháilfear ar bhearta iompair inbhuanaithe uirbigh; agus
•             €750 milliún, a leithdháilfear ar an gclár BusConects i mBaile Átha Cliath. Mar chuid de sin, soláthrófar thart ar 200 ciliméadar de lánaí rothar leithscartha, más féidir.
•             €53 mhilliún, a úsáidfear chun tacú le Glasbhealaí nua a fhorbairt i limistéir thuaithe, ar aon dul leis an Straitéis Glasbhealaí a foilsíodh le déanaí.

CRÍOCH