Preasráitis

Osclaíonn an tAire Corcoran Kennedy an chomhdháil othar de chuid COPD Support Ireland

Rinne Marcella Corcoran Kennedy TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte ag an Roinn Sláinte, an chomhdháil othar de chuid COPD Support Ireland a oscailt inniu.

‘Cuirim fáilte roimh na dlúthnaisc atá ann idir Clár Cliniciúil Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) um COPD (Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach) agus COPD Support Ireland’, a dúirt an tAire. ‘Táthar ag leanúint ar aghaidh le hobair an Chláir Chliniciúil Náisiúnta chun seirbhísí níos fearr agus torthaí cóireála níos fearr a fhorbairt. Ba mhaith liom labhairt inniu faoi conas atá ag éirí leis an gclár maidir le haghaidh a thabhairt ar an ardlíon othar a bhíonn á ligean isteach san ospidéal.

‘Tá an Clár ag cur Taispeántóirí Cúraim Chomhtháite Riospráide i bhfeidhm inár suíomhanna cúraim phríomhúil,’ a dúirt an tAire freisin. ‘Fágann sé sin go bhfuil Altraspeisialtóirí Cliniciúla Riospráide agus Fisiteiripeoirí Sinsearacha á gceapadh chun cúram agus seirbhísí a sholáthar i gcúram príomhúil. Is beart an-dearfach é sin agus tabharfaidh sé aghaidh go sonrach ar an ardlíon othar a bhfuil COPD orthu a bhíonn á ligean isteach san ospidéal.’

Níos luaithe i mbliana, ceapadh Altraspeisialtóirí Cliniciúla Riospráide agus Fisiteiripeoirí Sinsearacha i 4 láthair a bhfuil naisc acu leis na hospidéil. Níos déanaí sa bhliain, cheadaigh FSS cistiú chun Altraspeisialtóirí agus Fisiteiripeoirí Sinsearacha a cheapadh chuig 6 shuíomh eile. Tá naisc ag na 6 shuíomh sin le hospidéil áirithe freisin – Ospidéal na hOllscoile, Maigh Eo, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ospidéal Leitir Ceanainn, Ospidéal Thamhlachta, Ospidéal San Séamas agus Ospidéal Loch Garman ina measc.  Tá an próiseas chun na gairmithe sláinte sin a earcú ar siúl faoi láthair. Measann FSS go líonfar na poist lena mbaineann faoi dheireadh na bliana.

‘Tá an Clár Cliniciúil Náisiúnta um COPD, atá faoi stiúir ag an Ollamh Tim McDonnell, ag cur seirbhísí chun cinn i réimsí eile freisin le haghaidh othar a bhfuil COPD orthu’, a dúirt an tAire. ‘Rinne an clár na nithe seo a leanas cheana féin:

  • chuir sé seirbhísí for-rochtana d’othair a bhfuil COPD orthu ar bun in 12 ospidéal géarmhíochaine;
  • dhréachtaigh sé roinnt Samhlacha Cúraim le haghaidh COPD, lena n-áirítear samhlacha le haghaidh seirbhísí For-Rochtana d’othair a bhfuil COPD orthu, seirbhísí Athshlánúcháin Scamhógaigh agus seirbhísí Spiriméadrachta;
  • d’íoc sé as líne chabhrach thacaíochta d’othair, rud atá á óstáil ag COPD Support Ireland agus a seoladh i mí Iúil anuraidh (tá an líne á gcistiú i gcomhar le líne thacaíochta den chineál céanna atá á cur ar fáil ag Cumann Asma na hÉireann);
  • d’fhorbair sé clár oideachais le haghaidh spiriméadrachta i gcomhar le Cumann Fiseolaithe Riospráide na hÉireann.

Dúirt an tAire freisin, ‘Ar ndóigh, tá cuid mhór oibre fós le déanaí i leith COPD. Tabharfaidh an Clár Cliniciúil Náisiúnta um COPD atá á reáchtáil ag FSS aird air sin i gcónaí.  Tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Tá gach ceann de na gníomhartha atá déanta cheana féin ina gcéimeanna tábhachtacha i dtreo seirbhísí agus cúram a fhorbairt do dhaoine a bhfuil COPD orthu.’

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Rinne Clár Cliniciúil Náisiúnta FSS um COPD na nithe seo a leanas cheana féin:

  • chuir sé seirbhísí for-rochtana d’othair a bhfuil COPD orthu ar bun in 12 ospidéal géarmhíochaine;
  • dhréachtaigh sé roinnt Samhlacha Cúraim le haghaidh COPD, lena n-áirítear samhlacha le haghaidh seirbhísí For-Rochtana d’othair a bhfuil COPD orthu, seirbhísí Athshlánúcháin Scamhógaigh agus seirbhísí Spiriméadrachta;
  • chuir sé tús le ceapadh a dhéanamh ar Threoirlínte Cliniciúla Náisiúnta maidir le COPD a Bhainistiú;
  • d’íoc sé as líne chabhrach thacaíochta d’othair, rud atá á óstáil ag COPD Support Ireland agus a seoladh i mí Iúil anuraidh (tá an líne á gcistiú i gcomhar le líne thacaíochta den chineál céanna atá á cur ar fáil ag Cumann Asma na hÉireann);
  • d’fhorbair sé clár oideachais le haghaidh spiriméadrachta i gcomhar le Cumann Fiseolaithe Riospráide na hÉireann;
  • d’fhorbair sé pleananna amhail an beart bainistíochta um ligean isteach othar a bhfuil COPD orthu in ospidéil ghéarmhíochaine; an Plean Náisiúnta Féinbhainistíochta do dhaoine a bhíonn ag freastal ar liachleachtóirí ginearálta; agus an Pas Riospráide do dhaoine a bhíonn ag freastal ar an ospidéal. Tá sé mar aidhm leis na pleananna sin feabhas a chur ar cháilíocht an chúraim d’othair a bhfuil COPD orthu agus laghdú a dhéanamh ar an líon othar a bhíonn á ligean isteach san ospidéal agus ar an am a bhíonn siad ag fanacht ann.

Bunaíodh an Clár Cliniciúil Náisiúnta um COPD sa bhliain 2010 faoi cheannaireacht chliniciúil an Oll. Tim McDonnell agus faoi stiúir ag an nGrúpa Comhairleach Cliniciúil um COPD a bhfuil an tOll. Stephen Lane mar chathaoirleach air. Is é aidhm an Chláir Chliniciúil Náisiúnta um COPD ná dearadh agus caighdeánú a dhéanamh ar chúram ardchaighdeáin a thabhairt d’othair a bhfuil COPD orthu in Éirinn trí raon gníomhartha agus tionscnamh, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí, ar threoirlínte cliniciúla, ar shamhlacha cúraim chomhtháite, ar ábhair oideachasúla agus ar thionscnaimh arb é is aidhm dóibh cúram príomhúil agus cúram tánaisteach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr agus trí dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí tábhachtacha chun cúram níos fearr a thabhairt do dhaoine a bhfuil COPD orthu.

Tá an Clár Cliniciúil Náisiúnta um COPD ag obair go dlúth leis an gClár Cúraim Chomhtháite um Ghalar Ainsealach a Chosc agus a Bhainistiú chun cúram príomhúil agus cúram tánaisteach d’othair a bhfuil COPD orthu a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.  I dteannta Ceannasaithe Cliniciúla eile um ghalair ainsealacha agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile, tá an tOll. McDonnell, an Ceannasaí Cliniciúil Náisiúnta don Chlár Cliniciúil Náisiúnta um COPD, ina bhall den Ghrúpa Stiúrtha don Chlár Cúraim Chomhtháite um Ghalar Ainsealach a Chosc agus a Bhainistiú.

Tobac

Tháinig an cosc ar thobac a chaitheamh i bhfeithiclí i láthair leanaí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016 agus tháinig Rialacháin lena dtrasuitear an Treoir Eorpach um Tháirgí Tobac i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2016. Foráiltear leis na Rialacháin do rialacha níos déine a leagan síos le haghaidh táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus, ó thaobh sláinte poiblí de, dírítear leo ar laghdú a dhéanamh ar a tharraingtí atá na táirgí sin, go háirithe do dhaoine óga.  Áirítear leo bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas: lipéadú, comhábhair, rianú, díolacháin trasteorann, agus toitíní leictreonacha, coimeádáin athlíonta, táirgí luibhe tobac agus táirgí núíosacha tobac a rialáil.

Tosaíocht fós is ea pacáistiú caighdeánaithe a thabhairt isteach le haghaidh táirgí tobac.  Tá leasuithe á ndéanamh ar an Acht chun an bonn reachtach a neartú.  Is é ár n-aidhm go gcuirfear na bearta chun feidhme a luaithe atá an próiseas reachtach curtha i gcrích. Ina theannta sin, táthar ag leanúint den obair ar Scéim Ghinearálta Bille a dhréachtú i dtaca le táirgí tobac agus córais chun nicitín neamhleigheasach a sholáthar, mar a d’fhormheas an Rialtas i mí an Mheithimh 2014.  Is iad cuspóirí an bheartais ná mionaoisigh a chosaint agus rochtain ar tháirgí tobac a shrianadh chun a choitianta atá caitheamh tobac a laghdú tuilleadh.

Léirítear i suirbhéanna a rinneadh le déanaí go bhfuil ag laghdú ar líon na ndaoine a bhíonn ag caitheamh tobac.   Aimsíodh sa Suirbhé Éire Shláintiúil don bhliain 2016 go mbíonn 19% den daonra (daoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine) ag caitheamh tobac ar bhonn laethúil.  Deir 4% sa bhreis go gcaitheann siad tobac ó am go chéile.  Sa Suirbhé ar Iompraíocht Leanaí in Aois Scoile, deir 8% de leanaí go mbíonn siad ag caitheamh tobac faoi láthair. Is laghdú é sin ó 12% sa bhliain 2010. Tá sé tábhachtach an dul chun cinn a choinneáil ar bun trí chosc a chur ar dhaoine óga an dúil a thógáil agus trí spreagadh a thabhairt do dhaoine a chaitheann tobac faoi láthair éirí as agus tacaíocht a thabhairt dóibh déanamh amhlaidh.