Preasráitis

Molann Varadkar do dhaoine atá i mbaol agus d’oibrithe sláinte an vacsaín a fháil in aghaidh an fhliú

Tá Leo Varadkar, an tAire Sláinte, tar éis iarraidh ar dhaoine atá i mbaol ar leith – daoine scothaosta, mná torracha nó daoine a bhfuil galar ainsealach orthu ina measc – agus ar oibrithe sláinte freisin an vacsaín in aghaidh an fhliú a fháil.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Varadkar: “Le cúpla lá anuas, tá méadú tagtha ar líon na n-othar atá ag freastal ar lialanna liachleachtóirí ginearálta agus ar ospidéil de bharr tinneas atá cosúil leis an bhfliú.

“Is féidir le daoine éirí an-tinn de bharr an fhliú, ach bíonn an vacsaín ina bealach an-éifeachtach chun an tinneas a chosc. Tá an vacsaín tugtha do leathmhilliún duine cheana féin, ach tá ceathrú milliúin dáileog againn go fóill.

“Sin an fáth a bhfuilimid ag iarraidh ar na grúpaí seo a leanas freastal ar a liachleachtóir ginearálta nó ar chógaiseoir áitiúil chun an vacsaín a fháil.

· Daoine atá i mbaol mór, amhail daoine atá os cionn 65 bliain d’aois, mná torracha, nó daoine a bhfuil galar ainsealach orthu;

· Ba cheart do bhaill foirne cúram sláinte a bhíonn ag déileáil le hothair an vacsaín a fháil chun iad féin agus a gcuid othar a chosaint.

“Chomh maith leis sin, táimid ag iarraidh ar dhochtúirí úsáid a bhaint as na cógais frithvíreasacha de réir an phrótacail agus iad ag déileáil le hothair a bhfuil tinneas atá cosúil leis an bhfliú orthu.