Preasráitis

Mar chuid de thionscnamh nua, déanfar 250 gnáthamh catarachta sa bhreis in Ospidéal an Aonaigh i mbliana agus tiocfaidh méadú faoi dheich ar an líon sin an bhliain seo chugainn – an tAire Simon Harris

Chuir Simon Harris TD, an tAire Sláinte, fáilte inniu (Déardaoin) roimh an obrádlann catarachta a d’oscail Grúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh in Ospidéal an Aonaigh mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais ar Liostaí Feithimh. Is obrádlann neamhspleách í ina ndéanfar líon mór gnáthamh agus a bheidh faoi stiúir ag lianna comhairleacha.

Dúirt an tAire Harris, “Tá rún daingean agam dul i ngleic le liostaí feithimh.  Agus an Plean Gníomhaíochta ar Liostaí Feithimh á fhorbairt, d’iarr mé go dtabharfaí aird ar leith ar amanna feithimh a laghdú do roinnt speisialtachtaí ardéilimh, an chataracht ina measc.

“Tháinig rath ar cheann amháin de na tionscnaimh sin inniu nuair a osclaíodh an obrádlann catarachta thiomnaithe in Ospidéal an Aonaigh, agus gnáthamh máinliachta lae á fháil ag an gcéad ghrúpa othar ó Ospidéal Ollscoile Luimnigh.

“Tá muinín agam go mbeidh tionchar an-dearfach ag an bhforbairt nua seo ar liostaí feithimh a laghdú d’othair atá ag feitheamh le gnáthaimh chatarachta, go háirithe san iarthar láir.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann an-tiomanta in Ospidéal an Aonaigh as a cuid oibre crua agus guím gach rath ar an bhfoireann sa ghnó nua seo.”

CRÍOCH