Preasráitis

Labhraíonn an tAire Sláinte ag Comhdháil Náisiúnta Chomhairlí na nDaoine Scothaosta

Labhair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, ag Comhdháil Náisiúnta Chomhairlí na nDaoine Scothaosta i gCo. Chill Mhantáin inniu.

Ag an imeacht, tugtar le chéile grúpa éagsúil daoine scothaosta agus cleachtóirí Aoisbhá ó gach cearn den tír chun plé a dhéanamh ar na dúshláin dhifriúla atá rompu agus, rud suntasach, ar an dul chun cinn a rinneadh sa bhliain seo a chuaigh thart.

Beidh aosú an daonra ar cheann de na forbairtí sochaíocha is mó a fheicfimid in Éirinn riamh.

Tá sé tuartha go mbeidh 1.4 milliún duine in Éirinn 65 bliana d’aois nó níos sine faoin mbliain 2041, rud a fhágann go mbeidh an t-aoisghrúpa sin freagrach as 22 faoin gcéad den daonra iomlán. Tá Aoisbhá Éireann ar thús cadhnaíochta na hoibre ar shochaithe Aoisbhácha a chruthú ar fud na tíre chun freagairt don fhorbairt dhéimeagrafach sin.

Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tAire Harris: “Cosúil leis an ngá atá ann le dea-shláinte, ní le daoine scothaosta amháin a bhaineann an t-aosú. Mar sin féin, is amhlaidh go méadaíonn na dúshláin atá romhainn de réir mar a théimid in aois. Is ábhair é sin a bpléann an Clár Aoisbhá leis agus a gcuireann daoine scothaosta a gcuid tuairimí in iúl ina leith.”

“Nílimid anseo chun plé a dhéanamh ar na dúshláin amháin, áfach. Cruthaíonn aosú an daonra deiseanna suntasacha dúinn freisin. Tarraingíonn sé aird ar an ngá atá ann le rialtais áitiúla dhea-fhorbartha ar féidir leo dul i bhfeidhm ar gach duine inár sochaí. Tríd an méid sin ar fad, is féidir linn na hathruithe riachtanacha a chur chun feidhme chun a chinntiú go leanfaidh Éire lena bheith ina háit den scoth chun dul in aois inti.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, “Tá sé tábhachtach go gcuirfí tuairimí agus barúlacha daoine scothaosta san áireamh nuair a bhíonn athruithe á dtabhairt isteach lena n-imreofar tionchar díreach ar cháilíocht a mbeatha”.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Is í Aoisbhá Éireann, a n-óstálann Comhairle Contae na Mí í thar ceann na hearnála rialtais áitiúil, a chomhordaíonn an Clár Aoisbhá, ar clár náisiúnta é anois.

Faoi chuimsiú chreat na samhla ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá na 31 chlár cathrach agus contae ag gabháil orthu féin tabhairt faoi chomhphleananna gníomhaíochta lena dtugtar aghaidh ar réimsí amhail an timpeallacht thógtha, seirbhísí tithíochta agus sláinte, an t-iompar agus an fhostaíocht. Gnéithe bunúsacha den fhís atá leagtha amach ag an gclár is ea sláinte agus folláine. Dírítear go mór ann freisin ar ghníomhartha agus forbairtí i réimsí eile. Mar shampla, trí phobail tharraingteacha shábháilte agus spásanna aoisbhácha a chruthú agus trí ghníomhartha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht agus éagothroime, tacófar le daoine de gach aois saol níos sláintiúla, níos gníomhaí agus níos nasctha a chaitheamh.

Agus é faoi cheannaireacht na bPríomhfheidhmeannach údaráis áitiúil, tá rialachas an chláir bunaithe ar Chomhghuaillíochtaí Aoisbhácha ilghníomhaireachta, a fhaigheann tacaíocht ó Chomhairlí Daoine Scothaosta atá ionadaíoch agus a imríonn ról gníomhach mar chomhpháirtithe deartha. Is é an rud atá le déanamh againn anois samhlacha áitiúla dea-chleachtais a mhéadú ó scála ionas gur féidir tionscnaimh chruthaithe aoisbhácha a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an líonra i gcoitinne. Áiríodh iad seo a leanas, i measc nithe eile, leis na tionscnaimh sin;

  • Cláir for-rochtana, chairdis agus mhalartaithe scileanna idirghlúine, lena dtugtar deiseanna do dhaoine scothaosta ról gníomhach a imirt i líonraí sóisialta agus sibhialta.
  • Cláir um Ghnólachtaí Aoisbhácha, lena dtacaítear le gnólachtaí áitiúla cleachtais um aosú dearfach a ghlacadh.
  • Cláir um Áiteanna Oibre Aoisbhácha, lena dtacaítear le gnólachtaí cur ar chumas oibrithe scothaosta obair ar feadh tréimhse níos faide, dul ar scor de réir a chéile, etc.
  • Cláir Aoisbhácha um ‘Do Ghnó Féin a Chur ar Bun’, Cláir Fiontar do Sheanóirí agus Painéil Mheantóirí do Sheanóirí, lena dtacaítear leis an aistriú scileanna agus taithí.