Preasráitis

Is ard fós atá an tsástacht leis an saol agus an nascacht shóisialta i measc daoine scothaosta, cé gur ábhar imní é an leibhéal cógais Sainaithníodh eochairtháscairí do Thaistealaithe Éireannacha agus do dhaoine faoi mhíchumas intleachta den chéad uair riamh

Tá naonúr as gach deichniúr in Éirinn os cionn 56 bliana d’aois cinnte de go bhfuil cara nó gaol acu ar féidir leo brath air/uirthi agus glacann 88% d’aosaigh scothaosta páirt i ngníomhaíochtaí fóillíochta sóisialta gach seachtain. Is fionnachtana iad sin ón dara Tuarascáil Náisiúnta Táscairí ar Aosú Dearfach ar foilsigh an Roinn Sláinte í agus ar sheol Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, í. Léirítear sa tuarascáil freisin go mbíonn 32% de dhaoine scothaosta ag tógáil cúig chógas ar oideas nó níos mó ar bhonn laethúil.

I dtuarascáil na bliana seo, tugtar táscairí forlíontacha do dhá ghrúpa i sochaí na hÉireann nach ndearnadh dóthain ionadaíochta dóibh sa chéad tacar táscairí sa bhliain 2016: Taistealaithe Éireannacha agus daoine faoi mhíchumas intleachta.

Leagtar béim sna táscairí ar roinnt píosaí dea-scéala faoi shaol na ndaoine faoi mhíchumas intleachta atá ag aosú. Mar shampla, i measc daoine faoi mhíchumas intleachta a bhí 40 bliain d’aois nó níos sine, ghlac 96% díobh páirt i ngníomhaíocht shóisialta amháin nó níos mó in aghaidh na seachtaine, agus b’íseal a bhí úsáid caitheamh tobac agus alcóil: caitheann 7% de dhaoine faoi mhíchumas intleachta tobac agus ní ólann 62% díobh alcól in aon chor.

Ar an drochuair, is neamhghníomhach nó tearcghníomhach atá 85% de dhaoine faoi mhíchumas intleachta atá 40 bliain d’aois nó níos sine agus tá droch-chnámhshláinte ag geall le triúr as gach ceathrar (74%).

Is féidir le hobair go mall sa saol dul chun tairbhe go mór do leibhéil ioncaim agus is féidir léi a bheith ina táscaire ar shláinte agus folláine níos fearr. Dá ainneoin sin, léirítear sna táscairí do Thaistealaithe Éireannacha atá 40 bliain d’aois nó níos sine gurbh ionann an ráta fostaíochta ina measc agus 13%, dar le Daonáireamh 2016.

Tá rochtain ag 88% de Thaistealaithe Éireannacha scothaosta ar sholáthar uisce píobaithe, ach deir 56% de dhaoine sa ghrúpa sin go bhfuil dea-shláinte acu (i gcomparáid le meán náisiúnta atá cothrom le 80%).

Mar sin féin, tá galar ainsealach ar 58% de Thaistealaithe Éireannacha atá 40 bliain nó níos sine agus deir trian amháin díobh go bhfuil deacrachtaí acu éadaí a chur orthu, folcadh nó bogadh timpeall an tí – is táscaire ar mhíchumas é sin.

Bunsprioc inghnóthaithe de chuid an phlean Sláintecare is ea an tuarascáil, áit a ndéantar faireachán ar threochtaí agus athruithe i leibhéil rannpháirtíochta, sláinte agus slándáil na ndaoine scothaosta in Éirinn. Chomh maith leis sin, is gníomh críochnaithe eile é de chuid an Phlean Gníomhaíochta Sláintecare 2019 freisin.

Maidir le haosaigh atá 56 bliana d’aois nó níos sine, is amhlaidh, ar leibhéal náisiúnta:
–        gurb ard fós atá rannpháirtíocht shóisialta in Éirinn, áit a nglanann 82% de dhaoine páirt i ngníomhaíocht shóisialta gach seachtain
–        gur mhéadaigh an ráta oibre deonaí go 41% agus tá sé i measc na rátaí is airde san Eoraip
–        gur mhéadaigh an ráta rannpháirtíochta in oideachas foirmiúil agus oiliúint go 9%

Maidir le haosú sláintiúil:
–        is ard fós atá an tsástacht leis an saol, agus í cothrom le 86%
–        tugadh an vacsaíniú in aghaidh an fhliú do 62% de dhaoine os cionn 65 bliana d’aois, figiúr a bhí faoi bhun na sprice náisiúnta 75%
–        is de réir sceidil atá rátaí scagthástála BreastCheck, áit a mbíonn 83% de dhaoine incháilithe á scagthástáil
–        níl aon athrú tagtha ar an ráta ilchógaisíochta (an céatadán d’aosaigh atá ag tógáil 5 chógas nó níos mó), agus é cothrom le 32%
–        níl aon athrú tagtha ar an ráta gníomhaíochta fisiciúla ísle (39%) ná ar an ráta murtaill (33%)
–        léirítear sna táscairí nua do chúram deireadh saoil an gá neamhchomhlíonta atá ann le cúram sa bhliain deiridh den saol: 30% i gcás seirbhísí comhghaolmhara cúram sláinte, 15% i gcás cúram pobail, agus 16% i gcás cúnamh baile.

Maidir le slándáil:
–        mothaíonn 72% de dhaoine go bhfuil siad sábháilte ina gceantar áitiúil agus iad ina n-aonar san oíche
–        mothaíonn 65% de dhaoine go bhfuil méid suntasach comhtháthaithe shóisialta ann ina gcomharsanacht
–        ní bhíonn deacrachtaí ach ag 10% de dhaoine agus iad ag iarraidh limistéir áineasa nó limistéir ghlasa a rochtain
–        laghdaigh faoina leath ó bhí an bhliain 2013 ann an céatadán de theaghlaigh ina bhfuil duine 65 bliana d’aois nó níos sine a mbíonn deacrachtaí aige/aici a t(h)each a choinneáil sách te. Agus é cothrom le 5%, tá sé i measc na rátaí is ísle san Eoraip

Ag labhairt dó ar an lá, dúirt an tAire Daly: “Bíonn daonra na hÉireann ag méadú agus ag aosú, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí fós go dtuigimid conas a aosaímid chun go mbeimid in ann tacú le daoine aosú go maith. Baineann tábhacht leis an tuiscint sin de réir mar a oibrímidne go léir le chéile chun an plean Sláintecare a chomhlíonadh. Leagtar díriú sa phlean ar thionscnaimh um chosc agus um shláinte an daonra chun tacú le daoine cónaí go neamhspleách ina bpobal féin ar feadh na tréimhse is faide is féidir.

“Is é atá sa dara Tuarascáil Náisiúnta Táscairí ar Aosú Dearfach ná uirlis shuntasach is féidir leis an Rialtas, Údaráis Áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí ina hiomláine a úsáid chun a mheasúnú conas a mhothaíonn daoine agus iad ag aosú in Éirinn sa lá atá inniu ann. Cuid amháin de chur chuige níos leithne i leith aosú dearfach in Éirinn is ea an tuarascáil seo agus is ardán tábhachtach í ar ar féidir tuairimí daoine scothaosta a chur in iúl.

“Mar a admhóidh gach duine atá anseo ar maidin, áfach, ní mór leanúint le han-chuid oibre, lena n-áirítear an fhorbairt atá á déanamh ag FSS ar Phlean Náisiúnta Sláinte Taistealaithe, chun spriocanna na Straitéise um Aosú Dearfach a bhaint amach. Baineann na spriocanna sin le hábhar fós sa lá atá inniu ann. Agus leas á bhaint as an bhfianaise agus na léargais a léirítear sna tuarascálacha seo, spreagaim gach duine dínn ár ndícheall a dhéanamh eispéireas sábháilte tarraingteach sásúil a dhéanamh d’aosú in Éirinn.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tugtar gealltanas sa Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach (2013) agus sa Chreat Éire Shláintiúil go ndéanfar an cineál sin faireacháin. Is féidir torthaí faireacháin a úsáid chun tacú san am i láthair agus san am atá le teacht le dea-phleanáil agus le dea-fhorbairt beartais agus straitéise le haghaidh aosú dearfach in Éirinn ar bhealach atá fiúntach agus dírithe ar an duine.

Ina theannta sin, tá dhá fhorbairt nua ann sa tuarascáil a seoladh inniu:
–        táscairí nua a bhaineann le haosú sláintiúil a líonann na bearnaí táscaire a sainaithníodh sa bhliain 2016
–        táscairí forlíontacha do dhá ghrúpa i sochaí na hÉireann nach ndearnadh dóthain ionadaíochta dóibh sa tacar táscairí sa bhliain 2016: Taistealaithe Éireannacha agus daoine faoi mhíchumas intleachta.

I dteannta a chéile, tá na tuarascálacha seo ar an toradh atá ar chomhoibriú taighde idir an Roinn Sláinte (tríd an Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil, Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Aosú (TILDA), IDS-TILDA (an forlíontán míchumais intleachta a ghabhann le Staidéar Fadaimseartha na hÉireann um Aosú)), agus Ionad Pavee do Thaistealaithe agus don Phobal Romach. Ina theannta sin, is amhlaidh, ó bhí an bhliain 2015 ann, go bhfuil páirt glactha ag geall le 500 saoránach sa Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil chun na táscairí ar aosú dearfach agus na tacair tháscairí forlíontacha a fhorbairt.
Sa tuarascáil a seoladh inniu, tugtar próifíl náisiúnta chuimsitheach ar rannpháirtíocht, sláinte agus slándáil na ndaoine scothaosta in Éirinn sa bhliain 2018 agus sainaithnítear réimsí a raibh feabhas iontu agus réimsí nach raibh aon athrú iontu nó nach raibh ach athrú diomaibhseach iontu ón uair a foilsíodh an tuarascáil dheireanach i leith.

An Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil

Cuireadh an Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil ar bun chun ról tábhachtach a chomhlíonadh i gcur chun feidhme a dhéanamh ar Sprioc 4 den Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach (2013): Taighde ar dhaoine de réir mar a aosaíonn siad a chothú agus a úsáid chun eolas níos fearr a dhéanamh do fhreagairtí beartais i leith aosú an daonra in Éirinn. Is é is an Tionscnamh um Aosú Dearfach Sláintiúil ann ná clár comhpháirteach náisiúnta a bhfuil an Roinn Sláinte, The Atlantic Philanthropies, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus Clár Aoisbhá Éireann i gceannas air.
Cuireadh tús leis an Tionscnamh sa bhliain 2015, agus é mar chuspóir aige gníomhaíocht taighde a chur i gcrích i dtrí réimse:
–        Táscairí náisiúnta a fhorbairt ar shláinte agus folláine daoine scothaosta, rud as a bhfoilseofaí tuarascáil dhébhliantúil ar shláinte agus folláine daoine scothaosta in Éirinn
–        Ciste taighde a bhunú a bhfuil mar aidhm leis taighde breise spriocdhírithe a choimisiúnú chun na bearnaí sonraí sainaitheanta a líonadh chun gach táscaire a chumhdach, de réir mar a bhaineann siad le seirbhísí agus tacaí do dhaoine scothaosta sa todhchaí a dhearadh nó a chumrú, agus
–        Táscairí a fhorbairt ar leibhéal áitiúil trí úsáid a bhaint as sonraí náisiúnta atá miondealaithe de réir an chontae, nuair is féidir, nó trí úsáid a bhaint as sonraí breise a bailíodh sa cheantar áitiúil agus a foilsíodh i sraith tuarascálacha contae i gcontaetha roghnaithe.