Preasráitis

Freastalaíonn an tAire Helen McEntee ar an bhFóram Bliantúil Seanóirí de chuid Chomhaontas Aoisbhá Chill Chainnigh

D’fhreastail Helen McEntee TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, ar an bhFóram Bliantúil Seanóirí de chuid Chomhaontas Aoisbhá Chill Chainnigh inniu, áit ar sheol sí na torthaí ar an tionscadal Memory Matters. Is é Aoisbhá Éireann a bhainistíonn an Clár do Chathracha agus Contaetha Aoisbhácha. Is é aidhm an Chláir spreagadh a thabhairt do phobail tacaíocht a thabhairt do dhaoine dul in aois ar bhealach gníomhach, agus iad a chumasú déanamh amhlaidh, trí fhorbairt a dhéanamh ar bheartais, ar sheirbhísí agus ar struchtúir lena sainaithnítear go bhfuil raon leathan inniúlachtaí agus acmhainní ag daoine scothaosta.

Is ionann an tionscadal Memory Matters agus tionscadal pobalbhunaithe dhá bhliain do Chontae Cheatharlach agus do Chontae Chill Chainnigh. Fuair sé comhchistiú ag Genio Trust, ar eagraíocht dhaonchairdiúil é a thacaíonn le hathrú sóisialta agus le tionscadail i réimse an néaltraithe agus na meabhairshláinte. Agus é á reáchtáil ag Clár Chomhaontas Aoisbhá Chill Chainnigh, tosaíodh an tionscadal i lár na bliana 2014 agus cuireadh é i gcrích i bhFómhar na bliana 2016. Ba é príomhchuspóir an tionscadail taighde dearadh agus tástáil a dhéanamh ar bhealaí nua chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu fanacht sa bhaile agus ina bpobal féin.
Ag labhairt di ag an bhFóram, dúirt an tAire: “Tá lúcháir orm bheith anseo chun freastal ar an bhFóram Bliantúil Seanóirí de chuid Chomhaontas Aoisbhá Chill Chainnigh. Tá lúcháir orm freisin ról a bheith agam sna torthaí ar an tionscadal ‘Memory Matters’ a sheoladh. Toisc gur ríluachmhar an t-eolas, an taithí agus na scileanna a ghnóthaíonn siad ar feadh a saoil, níor cheart féachaint riamh ar dhaoine scothaosta mar ualach ar an tsochaí. Ina theannta sin, níor cheart gannmheas a dhéanamh ar a ríthábhachtaí a bhíonn sé saincheisteanna a shainaithint agus cinntí a dhéanamh ar leibhéal áitiúil, agus is é sin an rud atá i gceist leis an obair a dhéanann Aoisbhá Éireann. Tá sé soiléir gur ag daoine scothaosta atá an t-eolas is fearr chun áit níos fearr le dul in aois inti a dhéanamh d’Éirinn.

Is dóigh go méadóidh leitheadúlacht an néaltraithe taobh le haosú an daonra, rud ar fianaise é gur gá dúinn an riocht féin agus an difear a dhéanann sé do dhaoine aonair agus don tsochaí ina hiomláine a aithint agus a thuiscint. Is é an dúshlán atá romhainn an oiread tacaíochta is féidir a thabhairt do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus dá dteaghlach. I gcás an tionscadail Memory Matters anseo i gCeatharlach/Cill Chainnigh, díríodh ar thástáil a dhéanamh ar bhealaí nua chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu d’fhonn a fháil amach cé na nithe a n-éiríonn go maith leo agus cén dóigh a rachadh “seirbhís atá dírithe go fíor ar an duine” i bhfeidhm ar dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus ar a dteaghlach. Chun tacaíocht cheart a thabhairt don duine aonair, creideann an tionscal gur gá tacaíocht a thabhairt don duine aonair sin, dá dteaghlach, dá gcúramóirí agus don phobal ina gcónaíonn siad ag an am céanna.

Féachadh sa tionscadal Memory Matters ar na bealaí ina soláthraítear seirbhísí, go háirithe seirbhísí Cúnamh Baile, ar mhaithe lena chinntiú go dtuigfidh gach duine a chabhraíonn leis an duine fanacht sa phobal – baill dá dteaghlach, Cúntóirí Baile agus Altraí Sláinte Poiblí, a n-ionaid chúram lae, a bhfoireann béilí ar rothaí, a gcomharsana, agus gach duine a théann i bhfeidhm ar cháilíocht a mbeatha – cén fáth a bhfuil “me san fhocal deMEntia.”

CRÍOCH