Preasráitis

Foilsíonn na hAirí an chéad tacar sonraí maidir le cearrbhachas in Éirinn

Foilsíonn na hAirí an chéad tacar sonraí maidir le cearrbhachas in Éirinn
 

  • Rinne dhá dtrian den daonra cearrbhachas sa 12 mhí atá imithe thart
  • Is iad ticéid chrannchuir agus scríobchártaí an cineál is coitianta cearrbhachais
  • Beidh na sonraí ina mbonnlíne chun cabhrú le ceapadh beartais agus le gníomhaíocht sa todhchaí

Rinne Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, agus David Stanton TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Comhionannas, Inimirce agus Imeascadh, an chéad tacar sonraí maidir le fairsinge an chearrbhachais in Éirinn a fhoilsiú inniu. Tá na sonraí foilsithe i bhFeasachán 7 den Suirbhé ar Leitheadúlacht Drugaí 2014/15 agus tá siad bunaithe ar an obair allamuigh a rinneadh idir mí Lúnasa 2014 agus mí Lúnasa 2015.

Ag labhairt dó faoi na torthaí, dúirt an tAire Stanton: “Tosaíochtaí de chuid an Rialtais iad nua-aoisiú ár reachtaíochta maidir le cearrbhachas agus rialáil níos fearr an tionscail chearrbhachais. Tá sé sin tábhachtach go háirithe don chéatadán beag de dhaoine a bhféadann cearrbhachas drochthionchar a imirt ar réimsí suntasacha dá saol, lena n-áirítear a meabhairshláinte, a sláinte fhisiciúil, a bhfostaíocht, a n-airgeadas agus a gcaidreamh le daoine eile. Leis an suirbhé seo agus le bailiú leantach na sonraí sin sa todhchaí, cabhrófar go mór linn an fhadhb a thuiscint agus beimid in ann ár n-idirghabhálacha a phleanáil dá réir.”
 
Mar thoradh ar an suirbhé, beidh bonnlíne sonraí ann chun cabhrú le ceapadh beartais agus le pleanáil agus gníomhaíocht sa todhchaí i leith an chearrbhachais. Meastar go bhfoilseofar torthaí tosaigh an chéad suirbhé eile sa 12 mhí romhainn. Cumhdófar an tréimhse 2018/19 leis na torthaí sin.

Agus í ag treisiú an ghá atá ann le staitisticí iontaofa, dúirt an tAire Byrne: “Léirítear sna staitisticí go nglacann a lán daoine in Éirinn páirt i gcineálacha éagsúla cearrbhachais gan aon fhadhbanna a bheith acu. Ar son an chéatadáin bhig de dhaoine a bhfuil fadhb acu le cearrbhachas, teastaíonn uainn bearta a laghdóidh cearrbhachas fadhbach agus an tionchar atá aige ar dhaoine aonair agus a ndaoine muinteartha. Chuige sin, baineann an-tábhacht le sonraí a bhailiú. Fionnachtain shuimiúil ón suirbhé ba ea gurbh airde leitheadúlacht gach cineáil chearrbhachais i measc státseirbhísigh shinsearacha mheánbhainistíochta, bainisteoirí agus daoine a bhfuil a ngnóthas féin acu agus gurbh ísle an leitheadúlacht i measc oibrithe láimhe leathoilte agus neamhoilte, daoine faoi oiliúint agus printíseach. Léiríonn sé sin go bhfuil ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise ina chuid riachtanach dá chinntiú gurb oiriúnach don fheidhm atá an cur chuige beartais agus reachtaíochta a ghlacaimid i leith aghaidh a thabhairt ar an réimse casta athraitheach seo.”

Tá Grúpa Oibre Idir-Rannach ag athbhreithniú fhorálacha na Scéime Ginearálta den Bhille um Rialú Cearrbhachais, 2013, agus cuirfidh an tAire Stanton an tuarascáil ón nGrúpa faoi bhráid an Rialtais ar ball lena ceadú.

Ag féachaint dó ar aghaidh ar an tuarascáil sin, dúirt an tAire Stanton: “Sa tuarascáil ón nGrúpa Oibre, pléifear na saincheisteanna a bhaineann le cur chuige nua-aimseartha ceadúnúcháin a thabhairt isteach i leith gach gníomhaíochta cearrbhachais, fógraíocht san áireamh. Pléifear inti freisin na saincheisteanna a bhaineann le húdarás rialála neamhspleách a bhunú agus le cosaint tomhaltóirí agus daoine soghonta a bhreisiú. Léirítear sna figiúirí a eisíodh inniu go nglacann céatadán ard den daonra páirt i gcearrbhachas go pointe éigin, rud a leagann béim ar an ngá atá ann le rialáil agus le bearta cosanta. Tá sé beartaithe agam Bille um Chearrbhachas agus Crannchuir (Leasú) a leagan faoi bhráid an Rialtais ar ball le haghaidh ceadú chun foilsiú. Leis an mBille sin, déanfar tograí le haghaidh leasuithe tábhachtacha ar an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956.”

Is féidir torthaí iomlána an tsuirbhé a léamh ar líne ANSEO;

https://health.gov.ie/blog/publications/prevalence-of-drug-use-and-gambling-survey-gambling-results/

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:
 
Príomhfhionnachtana an staidéir ar chearrbhachas
·              Is iad ticéid chrannchuir agus scríobchártaí an cineál is coitianta cearrbhachais. Thuairiscigh 56.7% de dhaoine go ndearna siad an cineál sin cearrbhachais sa bhliain atá imithe thart. Thuairiscigh 35.4% de dhaoine go ndéanann siad an cineál sin cearrbhachais ar bhonn míosúil (nó ar bhonn níos minice fós).
·              Is iad na daoine idir 55 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois na daoine is dóchúla a thuairiscigh go ndearna siad cearrbhachas sa bhliain atá imithe thart (72.4%). Is iad na daoine idir 35 bliana d’aois agus 44 bliana d’aois (70.5%) agus na daoine idir 45 bliana d’aois agus 54 bliana d’aois (69.4%) na daoine is dóchúla ina dhiaidh sin.
·              Cheannaigh geall le duine amháin as gach deichniúr idir 15 bliana d’aois agus 17 mbliana d’aois ticéad crannchuir nó scríobchárta sa bhliain atá imithe thart, agus chuir 9.4% geall le linn rás capall nó madraí.
·              B’airde leitheadúlacht gach cineáil chearrbhachais i measc na ndaoine sin i nGrúpa B (Státseirbhísigh shinsearacha mheánbhainistíochta, bainisteoirí agus daoine a bhfuil a ngnóthas féin acu) (71.4%) agus b’ísle an leitheadúlacht i measc na ndaoine sin i nGrúpa D (Oibrithe láimhe leathoilte agus neamhoilte, daoine faoi oiliúint agus printísigh) (60.4%).
·              Tá cearrbhachas ar líne nó thar an teileafón níos coitianta i measc daoine idir 25 bliana d’aois agus 34 bliana d’aois (5.7%) agus, ina dhiaidh sin, i measc daoine idir 18 mbliana d’aois agus 24 bliana d’aois (4.8%).
·              Tá cearrbhachas fadhbach níos coitianta i measc fear (1.4%) ná i measc ban (0.2%).
·              Glacann 0.8% den phobal i gcoitinne páirt i gcearrbhachas fadhbach.
·              Is coitianta cearrbhachas fadhbach i measc fir óga (2.9% i measc fir idir 25 bliana d’aois agus 34 bliana d’aois agus 1.9% i measc fir idir 18 mbliana d’aois agus 24 bliana d’aois).
·              Is ionann leitheadúlacht an chearrbhachais fhadhbaigh i measc ban agus níos lú ná 1% sna haoisghrúpaí go léir.
·              I bhfreagraí ar an gceistneoir DSM-IV ar chearrbhachas fadhbach, thuairiscigh 4.7% d’fhir agus 1.7% de mhná gur fhéach siad le caillteanais a chúiteamh sa 12 mhí atá imithe thart.

Cúlra
Chun críche an tsuirbhé seo, folaíonn cearrbhachas na gníomhaíochtaí seo a leanas:
·              Ticéad crannchuir nó scríobchárta a cheannach,
·              cluichí crannchuir a imirt ar líne,
·              cearrbhachas a dhéanamh i siopa geallghlacadóra nó cearrbhachas a dhéanamh ar líne nó thar an teileafón,
·              geall a chur le linn rás capall nó madraí,
·              cluichí a imirt i gcasaíne, nó imirt ar mheaisín cearrbhachais/sliotáin,
·              cluichí cárta a imirt le haghaidh airgid le cairde/daoine muinteartha, agus
·              biongó a imirt.

Is é an bhrí atá leis an téarma ‘leitheadúlacht’ san fheasachán seo ná an céatadán den daonra a rinne cearrbhachas le linn tréimhse ama ar leith.

Ba é a bhí sa suirbhé sin ar an bpobal i gcoitinne ná tionscadal comhoibríoch idir an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól agus comhghleacaithe sa Bhrainse um Fhaisnéis Phoiblí agus Taighde Sláinte sa Roinn Sláinte i dTuaisceart Éireann. Ba é Ipsos MRBI in Éirinn a rinne an obair allamuigh an babhta seo.

Rinneadh an obair allamuigh don suirbhé idir mí Lúnasa 2014 agus mí Lúnasa 2015. Bhí an sampla críochnaitheach a bailíodh comhdhéanta de 7,005 fhreagraí i bPoblacht na hÉireann. Tá staidéar breise don tréimhse 2018/2019 á dhéanamh i láthair na huaire faoi choimirce an Bhoird Taighde Sláinte.  Cuimseofar sa suirbhé sin rannán sonrach ar leitheadúlacht an chearrbhachais, áit a gcuirfear raon méadaithe ceisteanna.

Rinne an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ranníocaíocht le costas an tsuirbhé 2014/2015 agus leanfaidh sí le déanamh amhlaidh don suirbhé 2018/2019.