Preasráitis

FOILSÍONN LYNCH ATHBHREITHNIÚ AN tSAINGHRÚPA AR AN ACHT MEABHAIR-SHLÁINTE, 2001

Inniu, Déardaoin an 5 Márta 2015, d’fhoilsigh Kathleen Lynch Uasal T.D., an tAire Stáit le freagracht as Cúram Príomhúil, Cúram Sóisialta (Míchumas agus Daoine Scothaosta) agus Meabhairshláinte, Athbhreithniú an tSainghrúpa ar an Acht Meabhair-Shláinte, 2001.  Tá cur i gcrích an athbhreithnithe sin ar aon dul le gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais lenar gealladh go ndéanfaí athbhreithniú i gcomhairle le húsáideoirí seirbhíse, le cúramóirí agus le páirtithe leasmhara eile agus caighdeáin chearta an duine mar bhonn eolais dó.

Ghlac an Sainghrúpa, a chuir tús lena chuid oibre i mí Lúnasa 2012, tuarascáil tosaigh a rinne an Grúpa Stiúrtha mar phointe tosaithe. Measadh sa tuarascáil sin na príomh-shaincheisteanna lena n-athbhreithniú tuilleadh.  Tá 165 moladh déanta ag an nGrúpa, a mbaineann an chuid is mó díobh le hathruithe ar ár reachtaíocht um meabhairshláinte.  Féachann na hathruithe go háirithe le bogadh amach ón léirmhíniú ar an reachtaíocht atá ann cheana, ar léirmhíniú é a bhíonn atharthaíoch go minic, go léirmhíniú ina bhfuil sé, a mhéid is féidir, faoin duine aonair an cinneadh deiridh a dhéanamh ar cibé a mheasann sé/sí a bheith lena leas agus ina bhfaigheann sé/sí an cháilíocht seirbhíse is fearr is féidir chun an caighdeán is airde de mheabhairshláinte a bhaint amach.  Anuas air sin, cuireann na moltaí bealach ar aghaidh atá praiticiúil agus réadúil ar fáil, rud ar féidir leis a chinntiú gur láidir atá na cosaintí atá riachtanach do reachtaíocht um meabhairshláinte agus go gcomhlíonann siad go hiomlán an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, is féidir leis a chinntiú go bhféadfaidh na daoine leochaileacha sin a dteastaíonn cúram agus cóireáil uathu leas a bhaint as an gcúram agus as an gcóireáil sin sa timpeallacht is oiriúnaí.

Agus í ag fáiltiú roimh bhrí mholtaí an athbhreithnithe, dúirt an tAire Lynch, “Cé gur fhreastail Acht 2001 go maith orainn, ní mór dúinn a chuimhneamh gur achtaíodh é cúig bliana sular foilsíodh Fís don Athrú agus sé bliana sular foilsíodh an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.  Rinne an dá cheann de na doiciméid thábhachtacha sin caighdeáin a shocrú bunaithe ar choincheap an téarnaimh agus ar an neamhspleáchas is mó is féidir a bheith ag daoine faoi mhíchumas le gur féidir leo a gcinntí féin faoi iontráil agus faoi chóireáil a dhéanamh.”

Dúirt an tAire, “Fáiltím go háirithe roimh an aitheantas nach mór gach iarracht a dhéanamh aird a thabhairt ar chinntí a dhéanann daoine ag a bhfuil cumas agus ag a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte, ar aon dul lenár reachtaíocht bheartaithe um chumas.  San am atá thart, ba go rómhinic agus go ró-éasca a chuamar i muinín cur chuige um ‘leasanna is fearr’ ina ndearna daoine eile cinntí tábhachtacha ar iontráil agus ar chóireáil thar ceann daoine ag a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte.  Déanann an t-athbhreithniú bealach ar aghaidh a leagan amach arb é is aidhm dó guth níos láidre a thabhairt don duine aonair agus aitheantas a thabhairt go bhféadfadh go mbeadh tacaíocht ag teastáil ó na daoine sin chun a gcuid mianta a chleachtadh.  De bhreis air sin, táim sásta a fheiceáil go bhfuiltear ag moladh go neartófar na cosaintí reatha arna gcur ar fáil faoin Acht do na daoine sin a dteastaíonn iontráil agus cóireáil ainneonach uathu.  Is maith is eol dom ó dhul i mbun comhrá le húsáideoirí seirbhíse nach féidir áibhéil a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le cosaintí láidre éifeachtacha a bheith i bhfeidhm maidir le coinneáil agus cóireáil gan toiliú mar thoradh ar an méid suntasach a chuireann siad le dínit an duine.”

“Thug mé ordú do mo chuid oifigeach leanúint leis an scéim ghinearálta de bhille, lena léireofar na hathruithe sin ar an reachtaíocht athbhreithnithe, a dhréachtú ar bhonn an treochláir a chuireann an t-athbhreithniú seo ar fáil.   Is mian liom freisin a dheimhniú go bhfuil sé beartaithe agam déileáil ar leithligh agus laistigh de thréimhse níos giorra le hathrú ar an reachtaíocht maidir leis an úsáid as teiripe leictri-thritheamhach (ECT).  Faoi láthair, féadfar cúrsa ECT a thabhairt d’othair fiú más rud é go bhfuil cumas ag an othar sin agus go ndiúltaíonn sé/sí don chóireáil sin.  Creidim nach mór aird a thabhairt ar dhiúltú den chineál sin do chóireáil ECT (sa chás go bhfuil cumas ag an duine) agus tabharfaidh mé tograí luatha chuige sin ar aghaidh.”

“Mar fhocal scoir, is mian liom buíochas a ghabháil leis na baill den Sainghrúpa as a dtiomantas dár reachtaíocht um meabhairshláinte a athmhúnlú agus as a chinntiú go gcumhdaítear cosaintí láidre inár reachtaíocht um meabhairshláinte ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta ar son na ndaoine sin a d’fhéadfaí a mheas a bheith i measc na ndaoine is leochailí inár sochaí.”

CRÍOCH

Amharc ar Thuarascáil an tSainghrúpa ar an Athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte, 2001, anseo.

 

Achoimre ar roinnt de na príomh-mholtaí a moladh
lena gcur san áireamh sa Scéim Ghinearálta de Bhille a bheartaítear

 
·        Déanfar eolas don léirmhíniú ar reachtaíocht athbhreithnithe um meabhairshláinte le tacair Threoirphrionsabal (tacar amháin do dhaoine fásta agus tacar ar leith do leanaí) a chur san áireamh. Tiocfaidh siad isteach in ionad an bhreithnithe phríomha ar na leasanna is fearr atá sa reachtaíocht reatha.  Athróidh sé sin díriú an Achta ó dhíriú ar measadh go bhfuil cineál atharthaíoch aige go díriú a dhíríonn ar neamhspleáchas an duine. (Alt 2.1)

·        Ní bheifear in ann a thuilleadh duine a choinneáil ar an gcúis amháin go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas intleachta suntasach. (Alt 2.2)

·        Admhófar sa sainmhíniú ar mheabhairghalar gur riocht casta athraitheach é.  Chomh maith leis sin, admhaítear sa tuarascáil an tábhacht a bhaineann le hómós cuí a thabhairt don tuiscint atá ag an duine féin ar an meabhairghalar atá air/uirthi.  (Alt 2.2)

·        Chun admháil a dhéanamh ar an athrú i measc an phobail ó sheirbhís a bhí á soláthar ag Síciatraí Comhairleach go seirbhís atá a soláthar anois ag foireann ildisciplíneach a bhfuil Síciatraí Comhairleach i gceannas uirthi, tá foráil á déanamh againn gur cheart measúnú arna dhéanamh ag beirt Ghairmithe Meabhairshláinte ar a laghad a bheith i gceist le príomhchinntí áirithe faoin reachtaíocht athbhreithnithe, lena n-áirítear iontráil othar ainneonach.  (Alt 2.10)

·        Cé go nglactar leis ar an gcéad dul síos go bhfuil cumas ag an duine i ngach cás, ba cheart do na cliniceoirí cóireála, sa chás go n-aimsíonn measúnú foirmiúil ar chumas go bhfuil easpa cumais ag an duine, monatóireacht a dhéanamh air sin ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go dtabharfar an deis don duine a chinntí/cinntí féin a dhéanamh ar an gcóireáil a luaithe is a thagann cumas ar ais chuige nó chuici.  Tá tograí suntasacha sa Bhille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) do gach duine maidir le cumas, lena n-áirítear tacaíocht a chur ar fáil do dhuine le gur féidir leis/léi a chinntí/cinntí féin a dhéanamh nuair is féidir agus, nuair a bhaineann an cás le meabhairshláinte, déanfar measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil meabhairghalar ar dhuine a scaradh go soiléir ó mheasúnú ar chumas amach anseo.  (Alt 2.6)

·        Is é an sainmhíniú a thabharfar ar othar deonach ná duine ag a bhfuil an cumas a chinntí/cinntí féin a dhéanamh ar iontráil agus ar chóireáil agus a thugann toiliú eolasach leis an iontráil agus leis an gcóireáil sin.  San Acht reatha, ní mheastar othar a bheith ina (h)othar deonach ach sa chás nach bhfuil an duine sin faoi réir ordú iontrála ná ordú athnuachana.  (Alt 2.7)

·        Déanfar catagóir nua d’othar idirmheánach a thabhairt isteach chun a chinntiú go bhféadfaí daoine nár ghá iad a choinneáil agus nach bhfuil an cumas acu toiliú eolasach a thabhairt a iontráil le haghaidh cóireáil i gcáil ‘dheonach’ agus beidh na cosaintí uile atá ar fáil d’othair ainneonacha i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir othar sin.  (Alt 2.8)

·        Seirbhís leathnaithe Oifigeach Údaraithe a imreoidh ról níos lárnaí i scrúdú a dhéanamh ar roghanna eile in ionad cóireáil othair chónaithigh má tá siad ar fáil agus riachtanach agus, nuair is cuí, a chuirfidh tús le hiarratais ar iontráil ainneonach.  (Alt 2.9)

·        Déanfaidh Binsí Meabhairshláinte (ar a dtabharfar Boird Athbhreithnithe Meabhairshláinte) athbhreithniú ar choinneáil othar tar éis 14 lá in ionad tar éis 21 lá mar is amhlaidh faoi láthair.  Déanfaidh ball den fhoireann ildisciplíneach tuarascáil shíceasóisialta sa todhchaí freisin le haghaidh an Bhoird Athbhreithnithe.  (Alt 2.13)

·        Ní mhairfidh Orduithe Athnuachana ach 3 mhí nó 6 mhí amháin – ní bheifear in ann orduithe 12 mhí a thabhairt a thuilleadh.  (Alt 2.14)

·        Ní bheifear in ann a thuilleadh ECT a thabhairt do dhuine ag a bhfuil cumas agus nach dtoilíonn leis an gcóireáil sin.  Féadfar ECT a thabhairt amach anseo ach caithfidh an duine, má tá cumas aige/aici, toiliú leis an gcóireáil sin.  Sa chás go bhfuil easpa cumais ag duine, féadfaidh cinnteoir ionaid a ceapadh faoin mBille um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) a bheartaítear an chóireáil sin a údarú. Sa chás nach bhfuil cumas ag othar agus nach dtoilíonn ionadaí cinnteoireachta le ECT, ní fhéadfar an chóireáil sin a chur ar fáil ach sa chás go bhfuil gá léi mar chóireáil tarrthála, go bhfuil sí á cur ar othar mar a bhfuil saol daoine eile i gcontúirt nó go bhfuil an riocht frithsheasmhach in aghaidh cóireála ar shlí eile agus ní fhéadfar an ECT sin a thabhairt ansin ach faoi réir ceadú arna thabhairt ag Bord Athbhreithnithe Meabhairshláinte nach mór teacht le chéile laistigh de 3 lá tar éis an cinneadh a dhéanamh.  (Alt 2.19)

·        Baineann cuid neamhspleách den Acht le leanaí agus cuimsíonn sí treoirphrionsabail atá oiriúnach do leanaí.  Glacfar leis go mbeidh cumas ag leanaí atá 16/17 bliain d’aois toiliú le hiontráil agus le cóireáil nó diúltú díobh sin.  (Alt 2.23)

·        Clárú na bhfoirne meabhairshláinte pobail a thabhairt isteach ar bhonn céimnithe agus cigireacht a dhéanamh ar chéatadán méadaitheach de na seirbhísí atá á gcur ar fáil sa phobal, amhail Ospidéil Lae, Ionaid Lae agus saoráidí eile ina gcuirtear seirbhísí meabhairshláinte ar fáil, agus seirbhísí cónaithe a chur faoi chigireacht, lena n-áirítear Brúnna Ardtacaíochta, Meántacaíochta agus Ísealtacaíochta agus Tithe Géarchéime agus Faoisimh. Níl ach seirbhísí othair chónaithigh in Ionaid Cheadaithe cláraithe faoi láthair.  (Alt 2.24)
·        Reachtaíocht athbhreithnithe chun spreagadh agus tacaíocht réamhghníomhach a thabhairt d’othair iarraidh ar theaghlach/chúramóirí páirt a ghlacadh sa phróiseas iontrála agus i bpleananna cúraim agus cóireála a fhorbairt, lena n-áirítear pleanáil um scaoileadh amach.  (Alt 2.26)