Preasráitis

Foilsíonn an tAire Harris an Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs

D’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck), tar éis don Rialtas cinneadh a dhéanamh ina leith sin níos luaithe inniu. Bhí an Fiosrúchán faoi stiúir ag an Dr Gabriel Scally.

Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na Tuarascála Deiridh ón bhFiosrúchán Scóipe an 12 Meán Fómhair anuraidh, ghabh an Dr Scally air féin an tuarascáil fhorlíontach seo a sholáthar ar ghnéithe áirithe eile de na saotharlanna, amhail socruithe soláthair, cáilíochta agus creidiúnaithe agus struchtúir rialachais.

Sainaithnítear sa tuarascáil gur mhó an líon saotharlann a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck ná a measadh ar dtús. Mar sin féin, cinntear sa tuarascáil freisin, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Fhiosrúchán, nár tháinig aon laghdú ar cháilíocht na scagthástála a soláthraíodh do mhná na hÉireann mar thoradh ar an úsáid a baineadh as saotharlanna breise agus nach bhfuil aon fhianaise ann lena dtugtar le fios go raibh cáilíocht na scagthástála in easnamh in aon saotharlann ar bith. Ar an mbealach sin, tugtar sa Tuarascáil Fhorlíontach tuilleadh dearbhaithe do mhná na hÉireann maidir le cáilíocht na scagthástála ceirbheacs.

Dúirt an tAire Harris: “Fáiltím roimh fhoilsiú na Tuarascála Forlíontaí seo ón bhFiosrúchán Scóipe ar CervicalCheck agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Scally agus lena fhoireann as an obair chuimsitheach a rinne siad.  Shainaithin an Fiosrúchán gur mhó an líon saotharlann a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck ná a measadh ar dtús agus, go deimhin, de réir eolas CervicalCheck féin. Ghlac an Rialtas leis na moltaí ón Dr Scally ina leith sin agus cuirfear chun feidhme iad.

Is gá a rá, áfach, go gcuireann an Dr Scally in iúl go soiléir nach ndearnadh aon difear do cháilíocht na scagthástála a soláthraíodh do mhná na hÉireann mar thoradh ar an úsáid a baineadh as saotharlanna breise agus nár tháinig an Fiosrúchán ar aon fhianaise lena dtugtar le fios go raibh cáilíocht na scagthástála in easnamh in aon saotharlann ar bith. Tá súil agam go gcuirfidh sé sin ina luí ar mhná na hÉireann gur féidir leo iontaoibh a chur sna torthaí a fhaigheann siad ó CervicalCheck agus gur cheart dóibh leanúint ag freastal ar a scagthástálacha sceidealta.

Chuir an tAire fáilte freisin roimh an aitheantas a thug an Dr Scally sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn suntasach tábhachtach cheana féin ar na moltaí atá sa Chéad Tuarascáil agus sa Tuarascáil Deiridh uaidh a chur chun feidhme. Tá an dul chun cinn sin leagtha amach sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Chur Chun Feidhme na Moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe don chéad ráithe, rud atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte.

“Mar gheall ar an tábhacht ó thaobh sláinte poiblí de a bhaineann le clár scagthástála ceirbheacs a spreagann iontaoibh agus muinín trí sheirbhís den chéad scoth a sholáthar do mhná na hÉireann, leanfaidh an Rialtas le díriú ar na moltaí uile ón Dr Scally a chur chun feidhme ina n-iomláine,” a dúirt sé.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

https://health.gov.ie/blog/publications/scoping-inquiry-supplementary-report/

Tuarascáil Fhorlíontach ón bhFiosrúchán Scóipe – Téarmaí Tagartha

Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na Tuarascála ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck) an 12 Meán Fómhair, ghabh an Dr Gabriel Scally air féin tuarascáil fhorlíontach a sholáthar ar ghnéithe áirithe eile de na saotharlanna, amhail socruithe soláthair, cáilíochta agus creidiúnaithe agus struchtúir rialachais. Scríobh an tAire chuig an Dr Scally an 25 Deireadh Fómhair, áit ar leag sé na Téarmaí Tagartha don tuarascáil fhorlíontach amach. Foilsíodh na Téarmaí Tagartha ar shuíomh Gréasáin na Roinne an 26 Deireadh Fómhair mar a leanas:

De bhun na saincheisteanna a thug an Fiosrúchán Scóipe tuairisc orthu;

  1. Na fíorais agus na sonraí a bhaineann leo seo a leanas a scrúdú tuilleadh:
  2. i) Na saotharlanna breise a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck a tháinig chun solais le linn obair an Fhiosrúcháin Scóipe – a gcineál, a n-úinéireacht, méid a gcuid gníomhaíochta, a socruithe cáilíochta agus creidiúnaithe, a struchtúir rialachais, agus nithe ábhartha eile;
  3. ii) Na himthosca a bhí taobh thiar de na saotharlanna sin a bheith ag tabhairt faoi obair do CervicalCheck;

iii) A mhéid arbh eol do CervicalCheck/don tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála/d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh ualach oibre á aistriú chuig láithreáin eile agus a mhéid a cheadaigh siad an t-aistriú sin;

  1. iv) Éifeachtacht agus oibriú an phróisis le haghaidh seirbhísí saotharlannbhunaithe cíteolaíochta ceirbheacsaí a sholáthar agus a chonrú;
  2. v) An úsáid a baineadh as Sceideal 13 a ghabhann leis an gconradh a rinneadh sa bhliain 2010, rud atá faoin gceannteideal ‘Stóráil agus Plean Athshlánaithe ó Thubaiste’;
  3. vi) Laigí agus láidreachtaí comparáideacha agus faoi seach na gcaighdeán a bhí bainte amach ag gach ceann de na saotharlanna, agus cé acu atá nó nach bhfuil coibhéis ann idir na caighdeáin sin agus ISO 15189;

vii) Rún na bpáirtithe sna conarthaí saotharlainne i leith ISO 15189 agus tuiscint na bpáirtithe ar an gcaighdeán sin.

  1. Tuilleadh gnéithe ábhartha a ionchorprú i gcás go sainaithneofar iad le linn na hanailíse forlíontaí.
  2. Breithniú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ag na saincheisteanna thuas do cháilíocht agus do shábháilteacht.
  3. Tuairisc a thabhairt don Aire Sláinte ar na nithe thuas agus moltaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn.

Is féidir na Téarmaí Tagartha sin agus na tuarascálacha roimhe ón bhFiosrúchán Scóipe a fháil ag an nasc seo a leanas:

https://health.gov.ie/scoping-inquiry-into-the-cervicalcheck-screening-programme/

Príomh-bhuaicphointí

  • Ba mhó an líon saotharlann a bhí ag gabháil d’obair CervicalCheck ná a measadh ar dtús agus bhí 16 shaotharlann san iomlán i mbun na hoibre sin. Níor thug CervicalCheck cead roimh ré chun cuid mhór de na saotharlanna sin a úsáid agus níorbh eol dó ach oiread go raibh siad in úsáid. Tá dhá mholadh bhreise a bhaineann le sonraíochtaí conartha agus le dearbhú cáilíochta ar áireamh sa tuarascáil. Ghlac an Rialtas leis an dá mholadh sin agus cuirfear chun feidhme iad in éineacht leis na moltaí a bhí ann cheana ón Dr Scally.
  • Ina ainneoin sin, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Fhiosrúchán, níor tháinig aon laghdú ar cháilíocht na scagthástála a soláthraíodh do mhná na hÉireann mar thoradh ar an úsáid a baineadh as na saotharlanna breise sin agus níl aon fhianaise ann lena dtugtar le fios go raibh cáilíocht na scagthástála in easnamh in aon saotharlann ar bith.
  • Tagraítear sa tuarascáil do choimirce thábhachtach atá i bhfeidhm i réimse na scagthástála in Éirinn agus sa Bhreatain, áit a ndéantar gach sleamhnán – lena n-áirítear sleamhnáin a thógtar sna Stáit Aontaithe – a léamh faoi dhó. Ní ionann an cleachtas sin agus an cleachtas ginearálta sna Stáit Aontaithe, áit nach ndéanann ach scagthóir amháin scrúdú ar gach sleamhnán.
  • Tá an dá mhórchaighdeán creidiúnaithe atá in úsáid (ISO agus CAP) inchomparáide lena chéile agus ní chruthaíonn siad aon ábhair imní maidir le cáilíocht na seirbhísí saotharlainne a sholáthraítear.
  • Tá amhras ar an Dr Scally faoi na socruithe rialachais agus dearbhaithe cáilíochta atá i bhfeidhm i saotharlann in Salford, an Ríocht Aontaithe. Tá an tsaotharlann sin coimhdeach le príomhshaoráid MedLab i mBaile Átha Cliath agus leanann sí le scagthástáil a dhéanamh do chlár na hÉireann thar ceann MedLab. Rinne an Fiosrúchán athbhreithniú ar shonraí feidhmíochta na saotharlainne coimhdí i lár na bliana 2018 agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh, ar fhorais cháilíochta, aon chúis ann le deireadh a chur leis na conarthaí a bhí ann cheana do sheirbhísí saotharlainne. Tugann an Fiosrúchán faoi deara gur thug baill foirne ó FSS cuairt ar an tsaotharlann sin freisin chun dearbhú cáilíochta a mheas. Tosófar, a luaithe is féidir, ar dheireadh a chur de réir a chéile le scagthástáil ag an tsaotharlann. Tugtar faoi deara go bhfuil MedLab ag obair anois ar a riaráiste sleamhnán a ghlanadh agus go léifidh Quest Diagnostics nó Ospidéal an Choim gach sleamhnán nua as seo amach.
  • Cuireann an Dr Scally in iúl sa tuarascáil gur córas neamhimleor é an córas atá i bhfeidhm le haghaidh freagairt d’earráidí scagthástála agus go mbeadh sé cuí Scéim Cúitimh Saor ó Locht a thabhairt isteach i gcláir shláinte poiblí, amhail cláir scagthástála agus imdhíonta. Tá sé beartaithe ag an Aire Sláinte an tsaincheist sin a phlé tuilleadh a luaithe a chuirfidh an Sainghrúpa um an Dlí Torta a Athchóiriú a chuid oibre i gcrích.
  • Tugann an Dr Scally aitheantas sa tuarascáil don dul chun cinn suntasach tábhachtach a rinneadh cheana féin ar na moltaí atá sa Chéad Tuarascáil agus sa Tuarascáil Deiridh uaidh a chur chun feidhme.

Cur chun feidhme na moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe go dtí seo

Foilsíodh an Tuarascáil Deiridh ó Fhiosrúchán Scóipe an Dochtúra Gabriel Scally ar CervicalCheck an 12 Meán Fómhair 2018 tar éis don Rialtas í a cheadú. Ghlac an Rialtas le gach ceann den 50 moladh atá sa Tuarascáil Deiridh. Rinne Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs maoirseacht ar an obair chun Plean Cur Chun Feidhme a fhorbairt do na moltaí uile. Tá an Coiste Stiúrtha faoi chathaoirleacht ag an Roinn Sláinte agus cuimsíonn sé ionadaithe d’othair, tathantóirí othar, cliniceoirí agus oifigigh shinsearacha ón Roinn agus ó FSS. Áirítear leis an bplean cur chun feidhme raon leathan gníomhartha a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo: píosaí tábhachtacha reachtaíochta a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an Bille um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas) agus an Bille um Shábháilteacht Othar atá le teacht; comhlachtaí nua a bhunú, lena n-áirítear Comhairle Neamhspleách um Shábháilteacht Othar agus Coiste Náisiúnta Scagthástála; athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais um nochtadh oscailte agus ar iniúchtaí scagthástála; feabhsuithe a dhéanamh ar chlárú ailse; agus caidreamh a chothú idir mná agus teaghlaigh agus comhlachtaí leighis.

Foilsíodh an Plean Cur Chun Feidhme ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte an 11 Nollaig, tar éis don Rialtas é a cheadú. Tá obair ar an raon gníomhartha atá sa Phlean ar siúl ar fud an chórais sláinte ó shin i leith.

Ar iarratas ón Aire, rinne an Dr Scally athbhreithniú neamhspleách ar an bPlean Cur Chun Feidhme do na moltaí uaidh. Scríobh an Dr Scally chuig an Aire an 30 Samhain 2018, tráth a chuir sé réamhthuairim dhearfach in iúl faoin bpleanáil atá ar siúl agus faoin tiomantas atá ann do dhul chun cinn a dhéanamh. Ghabh an Dr Scally air féin tuairimí foirmiúla a thabhairt tráth níos déanaí freisin (tá an measúnú uaidh foilsithe anseo). Fuarthas na tuairimí sin i mí Feabhra 2019 agus ionchorpraíodh iad isteach i bPlean Cur Chun Feidhme athbhreithnithe, atá ar fáil anseo.

Tá 161 ghníomh ann sa Phlean Cur Chun Feidhme, atá á stiúradh, de réir mar is cuí, ag an Roinn Sláinte, ag FSS, ag Clárlann Náisiúnta Ailse na hÉireann agus ag Grúpa Tacaíochta Othar 221+. Is ar an Roinn Sláinte atá an fhreagracht fhoriomlán as maoirseacht a dhéanamh ar an bPlean. Tá Tuarascáil achomair ar Dhul Chun Cinn don chéad ráithe den bhliain 2019 ar fáil anseo.  Tá Tuarascáil mhionsonraithe ar Dhul Chun Cinn don chéad ráithe, ina léirítear an dul chun cinn a rinneadh de réir gnímh, ar fáil anseo. Foilseofar an chéad Tuarascáil eile ar Dhul Chun Cinn i mí Iúil agus cumhdófar inti an dara ráithe den bhliain 2019.

Moltaí sa Tuarascáil Fhorlíontach

Luaitear sa Tuarascáil go bhfuil an 50 moladh atá sa Tuarascáil Deiridh cuimsitheach agus go bhfuil siad bailí go fóill. Déantar dhá mholadh eile sa Tuarascáil Fhorlíontach:

  1.        Ba cheart forálacha níos follasaí fós a bheith in aon chonarthaí CervicalCheck amach anseo le haghaidh seirbhísí cíteolaíochta agus seirbhísí saotharlainne eile a sholáthar chun a chinntiú gurb amhlaidh, ach amháin i gcás go bhfaighfear réamhchead i scríbhinn ó CervicalCheck, gur sna láithreacha beachta a shainaithneofar sa chonradh i scríbhinn, agus iontu sin amháin, a dhéanfar aon ghníomhaíocht cíteolaíochta nó aon ghníomhaíocht saotharlainne eile atá faoi chonradh agus gurb í an chuideachta bheacht a shainaithneofar sa chonradh i scríbhinn, agus an chuideachta sin amháin, a dhéanfaidh aon ghníomhaíocht den sórt sin.

Tá an moladh nua sin i dteannta na seacht moladh a bhaineann le soláthar atá sa Tuarascáil Deiridh ón Dr Scally, atá á gcur chun feidhme trí 18 ngníomh shainaitheanta. Cuireadh sé cinn de na gníomhartha sin i gcrích faoi dheireadh na chéad ráithe den bhliain 2019.

  1.        Ní mór an próiseas dearbhaithe cáilíochta arna fhorbairt agus arna oibriú ag CervicalCheck a bheith bunaithe ar chur chuige comhsheasmhach críochnúil i leith cháilíocht na seirbhísí saotharlainne atá á soláthar don chlár scagthástála ceirbheacs. Ní mór an córas dearbhaithe cáilíochta sin a dhearadh agus a oibriú beag beann ar láthair fhisiciúil na saotharlann agus níor cheart féachaint ar aon chreidiúnú seachtrach atá i seilbh ag an tsaotharlann mar ní a ghlacann áit phróisis CervicalCheck nó a bhaineann den ghá atá ann leis na próisis sin.

Tá an moladh sin i dteannta na moltaí a bhaineann le seirbhísí saotharlainne agus mórsheirbhísí scagthástála atá ar áireamh sa Tuarascáil Deiridh ón bhFiosrúchán Scóipe. Sainaithníodh 36 ghníomh san iomlán chun na moltaí sin a chur chun feidhme agus cuireadh seacht gcinn díobh i gcrích faoi dheireadh na chéad ráithe den bhliain 2019. Áirítear leo Treoraí Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Saotharlainne a earcú agus plean feabhsúcháin tionscadail atá bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta a fhorbairt do chláir dhearbhaithe cáilíochta scagthástála.

Sainaithneofar na gníomhartha a theastaíonn chun na moltaí breise a chur chun feidhme anois agus ionchorprófar iad isteach i bPlean Cur Chun Feidhme athbhreithnithe do na moltaí uile ón bhFiosrúchán Scóipe, rud a fhoilseofar ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte. Tabharfar tuairisc ar an dul chun cinn ar na moltaí breise agus ar na moltaí atá ann cheana ar bhonn ráithiúil.