Preasráitis

Foilsíonn an tAire Harris an Plean Cur Chun Feidhme do na moltaí ón Dr Gabriel Scally maidir leis an gClár Scagthástála Ceirbheacs

Inniu, d’fhoilsigh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Plean Cur Chun Feidhme do na moltaí atá leagtha amach i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe a sheol an Dr Gabriel Scally ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck), tar éis don Rialtas cinneadh a dhéanamh ina leith sin níos luaithe inniu.

Tháinig foilsiú an Phlean sna sála ar an gcinneadh ón Rialtas glacadh le gach ceann den 50 moladh a rinneadh sa Tuarascáil Deiridh ón Dr Scally i mí Mheán Fómhair i mbliana.

Dúirt an tAire Harris, “Tá foilsiú an Phlean Cur Chun Feidhme seo ina chéim thábhachtach i dtreo na hathruithe a mhol an Dr Scally a dhéanamh. Beidh an Plean mar bhonn don obair a bheidh riachtanach chun a chinntiú go dtabharfar aghaidh iomlán ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn i ndáil le nochtadh oscailte, rialachas, bainistíocht agus réimsí tábhachtacha eile. D’iarr mé ar an Dr Scally athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an bPlean, agus cuirim fáilte roimh an measúnú tosaigh a rinne sé air agus roimh an deimhniú a thug sé gur deimhin leis go bhfuil na páirtithe uile ag déileáil go stuama lena chuid fionnachtana agus moltaí, gur leithdháileadh acmhainní chun an obair a thabhairt ar aghaidh mar ábhar ardtosaíochta, agus go bhfuil an clár oibre fíorthiomanta do dhul chun cinn mear a dhéanamh.”

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil arís leis na mná agus na teaghlaigh a bhuail leis an Dr Scally agus a rinne rannchuidiú ríthábhachtach nuair a bhí moltaí na tuarascála á gceapadh aige”.

Leagtar amach sa Phlean Cur Chun Feidhme 126 ghníomh lena dtugtar aghaidh ar na moltaí ón Dr Scally sna réimsí seo a leanas: mná agus sláinte na mban; eagrú agus rialachas; seirbhísí saotharlainne agus soláthar; nochtadh oscailte; clárú ailse; cláir scagthástála eile; agus réiteach.

Ba é an Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs a rinne maoirseacht ar fhorbairt an Phlean. Chuir an tAire an Coiste ar bun i mí an Mheithimh chun maoirseacht a dhéanamh agus dearbhú a thabhairt i ndáil leis an bhfreagairt do shaincheisteanna Scagthástála Ceirbheacs a bhainistiú agus chun a chinntiú go gcuirfí na príomhchinntí ón Rialtas chun feidhme.

Mar aon leis na moltaí ón Dr Scally a chur chun feidhme, leanfaidh an Coiste le tosaíochtaí straitéiseacha a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an t-aistriú chuig tástáil papalómaivíris dhaonna (HPV) mar phríomh-mhodh scagthástála a chur chun feidhme, agus tosú ar an vacsaín HPV a thabhairt do bhuachaillí.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Harris, “Is eol dúinn nach leor scagthástáil amháin chun gach bean a chosaint ar ailse cheirbheacs – tá bréagdhiúltaigh ina gcuid dhílis d’aon chlár den sórt sin. Mar sin féin, is féidir linn galar neamhchoitianta a dhéanamh d’ailse cheirbheacs ach clár scagthástála dea-eagraithe a reáchtáil agus an vacsaín HPV a thabhairt do bhuachaillí agus do chailíní araon. Tá sé sin ar cheann amháin de na spriocanna atá ag an Rialtas seo agus is é sin an fáth a bhfuil rún daingean againn tosú ar an vacsaín HPV a thabhairt do bhuachaillí, mar a mhol HIQA dúinn, agus na feabhsuithe atá molta a chur ar ár gclár scagthástála ceirbheacs.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Léigh an plean cur chun feidhme ar ár suíomh Gréasáin anseo.

Cúlra agus tuilleadh faisnéise

Foilsíodh Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck) ar shuíomh Gréasáin na Roinne Sláinte an 12 Meán Fómhair. Tráth fhoilsiú na Tuarascála, ghabh Simon Harris TD, an tAire Sláinte, air féin Plean Cur Chun Feidhme iomlán a leagan faoi bhráid an Rialtais laistigh de thréimhse trí mhí. Tá an Rialtas tar éis an Plean sin a cheadú. Áirítear leis an bPlean gníomhartha cur chun feidhme do gach ceann de na 56 mholadh a d’eascair as an bhFiosrúchán Scóipe, is iad sin: an 50 moladh atá leagtha amach i dTuarascáil Deiridh an Fhiosrúcháin Scóipe agus na sé mholadh atá ar áireamh sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn agus i gCéad Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, a foilsíodh an 12 Meitheamh.

An Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs

Cheadaigh an Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs an Plean Cur Chun Feidhme. Chuir an Rialtas an Coiste sin ar bun i mí an Mheithimh i mbliana. Cuimsíonn an Coiste tathantóirí othar, cliniceoirí agus oifigigh shinsearacha ón Roinn Sláinte agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Tá an Coiste ag déanamh maoirseacht ar fhorbairt an Phlean fhoriomláin ó mhí Mheán Fómhair i leith. Le linn na tréimhse sin, chuir sé ar áireamh sa Phlean na pleananna cur chun feidhme atá i bhfeidhm ag gach comhlacht atá freagrach as na moltaí atá sa tuarascáil a chur chun feidhme. Cheadaigh an Coiste an Plean an 4 Nollaig.

Éabhlóid amach anseo an Phlean le linn an phróisis chur chun feidhme

Ní doiciméad seasta é an Plean. Táthar ag súil go n-athbhreithneofar é ag céimeanna éagsúla den phróiseas cur chun feidhme. Mar shampla, ní bheifear in ann roinnt amlínte agus gníomhartha amach anseo a dheimhniú go dtí go gcuirfear na luathchéimeanna den phróiseas cur chun feidhme ar aghaidh. Chomh maith leis sin, tá seans ann go rachaidh saincheisteanna nach bhfuil coinne leo faoi láthair i bhfeidhm ar amlínte. Tá seans ann freisin go mbeidh sé riachtanach na gníomhartha atá sa Phlean a oiriúnú chun aird a thabhairt ar aon riachtanais bhreise a shainaithneofar le linn an phróisis. Foilseofar an t-eolas is deireanaí gach tráth a athbhreithneofar an Plean.
Athbhreithniú neamhspleách ar an bPlean, mar a moladh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe

I dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, iarradh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar na pleananna cur chun feidhme atá i bhfeidhm ag na comhlachtaí éagsúla lena mbaineann. D’iarr an tAire ar an Dr Gabriel Scally an t-athbhreithniú sin a dhéanamh. Le dhá sheachtain anuas, tá an Dr Scally ag bualadh leis na comhlachtaí éagsúla lena mbaineann. Scríobh an Dr Scally chuig an Aire an 30 Samhain agus chuir sé in iúl gur deimhin leis go bhfuil na páirtithe uile ag déileáil go stuama leis na fionnachtana agus na moltaí atá i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe agus gur leithdháileadh acmhainní chun an obair a thabhairt ar aghaidh mar ábhar ardtosaíochta. Thug sé faoi deara freisin go bhfuiltear fíorthiomanta do dhul chun cinn mear a dhéanamh.

Tá an Dr Scally i mbun rannpháirtíochta leis na comhlachtaí lena mbaineann fós. A luaithe a chuirfear an obair sin i gcrích níos moille an mhí seo, tá sé beartaithe aige scríobh chuig an Aire an athuair chun tuilleadh mionsonraí a thabhairt faoina thuairimí ar an bPlean.

Le linn a rannpháirtíochta go dtí seo, shainaithin an Dr Scally roinnt bealaí inar féidir na gníomhartha atá leagtha amach sa Phlean a shoiléiriú chun an obair mhionsonraithe atá ar bun a léiriú ar bhealach níos fearr. Cé gur mhol sé an tiomantas a thaispeántar sa Phlean do dhul chun cinn mear a dhéanamh, chuir an Dr Scally in iúl freisin go bhféadfadh go mbeadh roinnt de na hamlínte ró-uaillmhianach. A luaithe a gheofar na tuairimí go léir ón Dr Scally go foirmiúil i mí na Nollag, athbhreithneofar an Plean Cur Chun Feidhme seo chun na tuairimí go léir uaidh a chur san áireamh. Foilseofar an t-eolas is deireanaí a luaithe a cheadóidh an Coiste Stiúrtha Scagthástála Ceirbheacs agus an tAire é.

Cistiú le haghaidh na moltaí ón Dr Scally a chur chun feidhme

Cuireadh cistiú breise ar fáil i mBuiséad 2019 le haghaidh na seirbhíse scagthástála chun aghaidh a thabhairt ar chur chun feidhme na moltaí ón Dr Scally. Leis an gcistiú sin, tacófar le cur chun feidhme na ngníomhartha sin a dteastóidh poist bhreise nó infheistíocht eile uathu sa bhliain 2019. De bhreis air sin, is féidir an t-aistriú beartaithe chuig an tástáil HPV mar phríomh-mhodh scagthástála a dhéanamh mar gheall ar an gcistiú a cuireadh ar fáil don bhliain 2019. Cuirtear cistiú sa bhliain 2019 ar fáil freisin le haghaidh an vacsaín HPV a thabhairt do bhuachaillí.

Tacaí do mhná agus teaghlaigh a bhfuil fadhbanna an Chláir Scagthástála Ceirbheacs ag déanamh difear dóibh

An 11 Bealtaine, cheadaigh an Rialtas go soláthrófaí pacáiste cuimsitheach beart tacaíochta atá dírithe ar an duine do mhná ar diagnóisíodh ón mbliain 2008 i leith go bhfuil ailse cheirbheacs orthu agus ar ina leith a bhí difríocht idir na moltaí athbhreithnithe cíteolaíochta a rinneadh tar éis iniúchadh cliniciúil agus na moltaí sin a rinneadh tar éis na tástála bunaidh. Rinneadh an méid sin mar gur mhaith leis an Rialtas cabhrú le mná atá thíos leis an easpa nochta agus cabhrú lena dteaghlach freisin.

Anuas ar chártaí liachta a sholáthar, cuireadh tacaí cúraim phríomhúil, comhairleoireacht san áireamh, ar fáil do na daoine sin atá ag iarraidh na dtacaí sin. Tá tacaí éagsúla eile sláinte á gcur ar fáil, lena n-áirítear mar fhreagairt d’iarrataí fisiteiripe, teiripe shaothair, seirbhísí fiaclóireachta, seirbhísí oftalmacha agus seirbhísí altranais, i measc nithe eile.

Leis an gcinneadh ón Rialtas an 11 Bealtaine, foráladh go n-aisíocfaí aon chostais as póca arna dtabhú ag mná i gcás gur ordaigh a gcliniceoir cóireála cógas dóibh. Áirítear leo sin cógais nach bhfuil ceadaithe go hoifigiúil le haghaidh aisíocaíochta agus aon teiripí neamhchaighdeánacha eile a fhaigheann othair ar oideas óna ndochtúir. Cinneadh freisin go n-aisíocfaí costais réasúnacha a tháinig chun cinn roimh an 11 Bealtaine.

Tá socruithe curtha i bhfeidhm ag FSS chun aisíocaíochtaí a dhéanamh as na costais éagsúla ar thabhaigh na mná agus a dteaghlach iad, lena n-áirítear costais taistil, costais chúram leanaí agus costais choinne liachta, i measc nithe eile.
Tástáil HPV a thabhairt isteach mar phríomh-mhodh tástála

Ba é an toradh a bhí ar an Measúnú Teicneolaíochta Sláinte a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) don tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála ná gur meicníocht tástála le haghaidh scagthástáil ceirbheacs atá níos cruinne ná an chíteolaíocht leachtbhunaithe reatha í an tástáil HPV, go dtiocfadh níos lú torthaí bréagdhiúltacha as an tástáil HPV, agus go gcoiscfí líon níos airde ailsí dá n-úsáidfí an tástáil HPV.

San am i láthair, cuirtear samplaí scagthástála ceirbheacs faoi scagthástáil cíteolaíochta mar phríomhthástáil scagthástála. Mar thoradh ar an aistriú chuig tástáil HPV, cuirfear samplaí scagthástála ceirbheacs faoi thástáil HPV mar phríomhthástáil scagthástála agus déanfar mná a léirítear ina samplaí go bhfuil ionfhabhtú HPV orthu a thriáiseáil ach cíteolaíocht a úsáid chun a fháil amach an bhfuil aon athruithe mínormalacha cille ann nó nach bhfuil.

Cheadaigh an tAire an t-aistriú chuig tástáil HPV mar phríomh-mheicníocht scagthástála don chlár Scagthástála Ceirbheacs i mí Feabhra.  Tá an-dul chun cinn déanta ar an aistriú sin a chur chun feidhme. Cé go bhfuil measúnú á dhéanamh ar a mhéid is féidir an tástáil HPV a dhéanamh in Éirinn, is dócha go mbeidh próiseas tairisceana ag teastáil chun líon beag ar a laghad de na ceanglais tástála HPV a chomhlíonadh.