Preasráitis

Foilsíonn an Roinn Sláinte ‘Health in Ireland: Key Trends 2017’

Rinne an Roinn Sláinte an 10ú heagrán de Health in Ireland: Key Trends 2017 a fhoilsiú inniu (Déardaoin).

Tugtar sa tuarascáil Health in Ireland: Key Trends léargas dúinn ar threochtaí sa déimeagrafaic, i sláinte an daonra, i gcúram ospidéil agus cúram príomhúil, agus i bhfostaíocht agus caiteachas sa tseirbhís sláinte.
Tarraingítear aird sa tuarascáil sin don bhliain 2017 na héachtaí suntasacha atá déanta ag Éirinn maidir le príomhthorthaí a bhaineann le sláinte agus folláine an daonra.  Tarraingítear aird inti freisin, áfach, go bhfuil dúshláin ann go fóill maidir leis an bhfáil atá ar chúram sláinte tráthúil.

Ag fáiltiú dó roimh an tuarascáil seo, dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte: “Leis an tuarascáil Health in Ireland – Key Trends, tugtar an deis dúinn measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chóras sláinte na hÉireann agus leagtar béim inti ar na réimsí a bhfuil ag éirí linn iontu agus ar réimsí nach mór dúinn ár bhfeidhmíocht a fheabhsú. Léirítear inti freisin cé chomh tábhachtach agus atá sonraí agus fianaise ar ardchaighdeán do ghairmithe sláinte agus don lucht déanta beartas araon maidir le seirbhís sláinte den chéad scoth a chur ar fáil do gach duine sa tír.”

“Rud ar leith a rith liom is ea an laghdú leantach ar rátaí básmhaireachta de bharr na bpríomhchúiseanna báis, lena n-áirítear galar croí, stróc agus ailse. Dá bharr sin, tá an t-ionchas saoil in Éirinn geall le 2.5 bliain níos sine ná a bhí sé deich mbliana ó shin. Is suntasach an rannchuidiú atá déanta ag seirbhísí sláinte nua-aimseartha leis na feabhsuithe ar thorthaí sláinte. Mar sin féin, aithním freisin go bhfuil fadhbanna againn fós maidir le rochtain ar ár seirbhísí sláinte, ar fadhbanna iad nach mór a réiteach chun an t-aga feithimh d’othair atá ag lorg cóireáil a fháil a laghdú.”

“Gné shuntasach dhearfach eile is ea go bhfuil ár n-ionchas saoil ag méadú. Bíonn an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine ag méadú faoi 20,000 duine gach bliain. Is dóigh go leanfaidh an treocht sin sa todhchaí, agus rachaidh sí i bhfeidhm ar phleanáil agus ar sholáthar seirbhísí sláinte amach anseo. Is san aoisghrúpa de dhaoine atá 85 bliana d’aois nó níos sine a bheidh na méaduithe céatadánacha is mó ar dhaonra na hÉireann. Beidh méadú ann ar an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine ó chúigiú amháin go níos mó ná trian amháin den phobal oibre san fhiche bliain atá le teacht, rud a rachaidh i bhfeidhm ar an dóigh a gcisteoimid ár seirbhísí sláinte.”

“Chun go mbeimid in ann seirbhísí den chéad scoth a chur ar fáil de réir mar a théann ár ndaonra in aois, ní mór dúinn an cumas a bheith againn feidhmíocht an chórais sláinte a mheasúnú ar bhealach lena gcinntítear go mbaintear úsáid as acmhainní luachmhara teoranta cúram sláinte ar an mbealach is éifeachtúla is féidir agus gur féidir le daoine cúram ar ardchaighdeán a rochtain laistigh de thréimhse réasúnach. Ba cheart an díriú in aon mheasúnú feidhmíochta a leagan ar stádas sláinte an daonra a fheabhsú, áit a mbeadh saol níos faide agus níos sláintiúla ag daoine.”

Críoch

Nótaí don Eagarthóir

Príomh-Threochtaí um Shláinte in Éirinn 2017

Is é seo an deichiú heagrán den treoir tagartha sho-úsáidte seo ar threochtaí suntasacha sa tsláinte agus i gcúram sláinte le deich mbliana anuas, lena n-áirítear stádas daonra agus sláinte, mar aon le treochtaí ó thaobh soláthar seirbhísí de. Tá táblaí, léarscáileanna agus graif nua ar áireamh sa tuarascáil i mbliana ar roinnt topaicí sonracha nó ar réimsí nua dá bhfuil sonraí ar fáil. Tá réamhrá gairid ag tús gach rannáin, áit a ndéantar achoimre ar na príomhstaitisticí lena mbaineann.

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhthreochtaí:

  • Tá an líon beobhreitheanna ag titim ó bhliain go bliain ón mbliain 2009 i leith agus b’ionann agus 63,897 mbreith an líon breitheanna cláraithe sa bhliain 2016. Cé go raibh laghduithe ann ar an líon breitheanna le blianta beaga anuas, tá ráta torthúlachta na hÉireann fós ar an dara ráta is airde san Aontas Eorpach. Is airde an ráta torthúlachta sa Fhrainc.
  • Tá Éire ag tosú le teacht suas le tíortha eile na hEorpa ó thaobh aosú an daonra de. Tá méadú 34.3% tagtha ón mbliain 2008 i leith ar an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine. Tá an líon daoine san aoisghrúpa sin ag méadú ar ráta atá níos tapa ná an ráta atá i réim i dtíortha eile an Aontais Eorpaigh. Is dóigh go dtiocfaidh méadú faoi dhó, beagnach, ar an líon daoine san aoisghrúpa sin san 20 bliain atá le teacht agus go mbeidh an méadú comhréireach is mó ann san aoisghrúpa de dhaoine os cionn 85 bliana d’aois.
  • Le deich mbliana anuas, tá feabhas tagtha ar an ionchas saoil in Éirinn. Tá méadú de gheall le dhá bhliain go leith tagtha ar an ionchas saoil in Éirinn ón mbliain 2006 i leith. Tá an t-ionchas saoil d’fhir níos airde go seasta ná meánionchas saoil an Aontais Eorpaigh d’fhir le deich mbliana anuas.
  • Tháinig cuid mhaith den mhéadú sin ar an ionchas saoil as laghduithe suntasacha ar ollchúiseanna báis amhail galair chóras imshruthaithe agus ailse. Ón mbliain 2007 i leith, tá laghdú tagtha ar rátaí básmhaireachta d’fhormhór na n-ollchúiseanna báis. Tá laghdú 14.6% tagtha ar an ráta básmhaireachta foriomlán ón mbliain 2007 i leith.
  • I gcomparáid leis na tíortha eile san Aontas Eorpach, tá na leibhéil sláinte féinbhraite is airde san Aontas Eorpach ag Éirinn go fóill. De ghnáth, is fearr an tsláinte a thuairiscíonn daoine ar ardioncam ná an tsláinte a thuairiscíonn daoine ar ísealioncam.
  • Tá feabhas tagtha ar rátaí marthanais d’ailse chíche, ailse cheirbheacs, ailse dhrólainne agus ailse reicteach le 15 bliana anuas. Gan ailse reicteach a áireamh, is lú na glanrátaí marthanais 5 bliana in Éirinn ná an meánráta do na tíortha den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta dá bhfuil sonraí ar fáil.
  • Cé go bhfuil laghdú geall le 4% tagtha ar an ráta básmhaireachta de bharr galair riospráide (ailse thraicé, ailse bhroncais agus ailse scamhóige san áireamh) ó bhí an bhliain 2010 ann, tá an ráta in Éirinn 38.2% níos airde ná an meán sna 28 mBallstát den Aontas Eorpach.
  • Bíonn an líon iomlán scaoiltí amach ón ospidéal ag ardú. Bítear ag déanamh 62% den ghníomhaíocht sin anois ar bhonn cás lae (lena n-áirítear scagdhealú).
  • Cé gurb ísle an líon leapacha poiblí atá ar fáil d’othair chónaitheacha anois ná deich mbliana ó shin, tá méadú 38.5% tagtha ar an líon leapacha lae agus tá laghdú tagtha ar an meánfhad fanachta. De bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an líon leapacha lae, tá méadú 47% tagtha ar an líon othar cás lae le deich mbliana anuas.
  • Tá breis agus 3,000 leapa othar cónaitheach agus lae ann in ospidéil ghéarmhíochaine phríobháideacha in Éirinn.
  • Tá an ghníomhaíocht in ospidéil phríobháideacha freagrach as thart ar 19% den ghníomhaíocht ospidéil ar fad in Éirinn.
  • Idir an bhliain 2007 agus an bhliain 2016, bhí laghdú 9.2% ann sa mheánfhad fanachta in ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí. Bhí laghdú 0.7% ann idir an bhliain 2015 agus an bhliain 2016.
  • Idir an bhliain 2007 agus an bhliain 2016, bhí méadú ann ar an líon scaoiltí amach tar éis gnáthaimh roghnacha agus gnáthaimh éigeandála in ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí in aghaidh an mhíle duine in Éirinn i gcás fhormhór na gcatagóirí aoise.
  • Maidir le gnáthaimh roghnacha do dhaoine fásta a bhí ag feitheamh 8 mí nó níos faide, bhí méadú ann ar an líon daoine a bhí ag feitheamh sa tréimhse ó mhí na Nollag 2016 agus mí Iúil 2017. Maidir le leanaí a bhí ag feitheamh 20 seachtain nó níos faide, ba measartha seasmhach ar fud na bliana a bhí an líon a bhí ag feitheamh le gnáthaimh roghnacha.
  • Bhí méadú ann ar an líon iomlán daoine ar liostaí feithimh othar seachtrach idir mí na Nollag 2016 agus mí Lúnasa 2017. Bhí an líon sin seasmhach go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017. Bhí méadú seasta ann ar fud na bliana ar an líon daoine a bhí ag feitheamh níos mó ná 52 sheachtain.
  • Ar feadh an chuid is mó den bhliain 2017, bhí treocht anuas le brath sa mheánfhigiúr 30 lá maidir leis an líon othar a ligeadh isteach i rannóga éigeandála agus a bhí ag feitheamh ar thralaithe ag 2 p.m. Tá na figiúirí ina leith sin níos ísle ná na figiúirí don bhliain 2016 anois.
  • Idir na blianta 2015 agus 2016, bhí laghdú (2.9%) ann ar an líon cártaí liachta a bhí á sealbhú, agus cárta ag 1.68 milliún duine. Tháinig méadú suntasach ar an líon daoine a raibh cárta cuairte liachleachtóra ghinearálta acu sa bhliain 2016, agus é ag méadú go beagán os cionn 470,000 duine. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil an méadú sin inchurtha go príomha i leith cártaí cuairte liachleachtóra ghinearálta a thabhairt do gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois sa bhliain 2015.
  • Bhí 109,095 dhuine de choibhéis lánaimseartha fostaithe i mí Mheán Fómhair 2017; tá sé sin cothrom le méadú 1.9% ón mbliain 2016 i leith.
  • Bhí méadú ann ar an gcaiteachas iomlán ar sheirbhísí sláinte poiblí ó €14.5 billiún sa bhliain 2008 go thart ar €15.4 billiún sa bhliain 2017. Tugtar le tuiscint i réamh-mheastacháin don bhliain 2017 go mbeidh méadú 3.1% ann ar chaiteachas i gcomparáid leis an mbliain 2016.

Tá tuilleadh príomhthreochtaí curtha i láthair thíos, agus iad leagtha amach de réir rannáin den leabhrán.

Rannán 1 – Daonra agus Ionchas Saoil

Tar éis fhoilsiú na dtorthaí ó Dhaonáireamh 2016, cuireadh an fhaisnéis dhéimeagrafach is déanaí leis na figiúirí daonra san fhoilseachán don bhliain seo. Léirítear sa mheastachán daonra is déanaí d’Éirinn go raibh méadú de thart ar 1.1% ann ar an daonra idir an bhliain 2016 agus an bhliain 2017. Tá sé sin de bhreis ar an méadú 3.6% a bhí ann idir na blianta daonáirimh 2011 agus 2016.

  • Is é 4,792,490 duine an daonra measta sa bhliain 2017. Is ionann é sin agus méadú 1.1% i gcomparáid le Daonáireamh 2016 (Tábla 1.1).
  • Léirítear sa mheastachán daonra i nDaonáireamh 2016 go raibh méadú 3.6% ann i gcomparáid leis an Daonáireamh roimhe a rinneadh sa bhliain 2011. Bhí an t-athrú ab airde ann ar an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine, rud a mhéadaigh faoi 34.3% idir an bhliain 2008 agus an bhliain 2017 (Tábla 1.2).
  • Is sna contaetha in iarthar agus in iarthuaisceart na hÉireann atá an céatadán is mó de dhaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine (Fíor 1.1).
  • Tá an daonra iomlán in Éirinn ag méadú níos tapa ná meánfhigiúr an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas. Tá an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine ag méadú ar ráta atá níos airde ná an daonra ina iomláine agus ar ráta atá níos airde ná meánfhigiúr an Aontais Eorpaigh do dhaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine (Fíor 1.2).
  • Agus 63,897 mbreith á gclárú sa bhliain, bhí laghdú 2.5% ann ar an líon breitheanna sa bhliain 2016 i gcomparáid le figiúr na bliana roimhe. Tá an líon beobhreitheanna ag laghdú gach bliain ón mbliain 2009 i leith (Tábla 1.3).
  • Tá laghdú beag tagtha ar an Ráta Torthúlachta Iomlán le blianta beaga anuas, agus é cothrom le 1.82 anois. Mar sin féin, is ag Éirinn go fóill atá an dara ráta torthúlachta is airde i measc thíortha an Aontais Eorpaigh. Is ag an bhFrainc atá an ráta is airde. B’ionann agus 1.58 meánráta torthúlachta an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2015 (Tábla 1.3 agus Fíor 1.4).
  • Sa bhliain 2015, bhí na rátaí torthúlachta ab ísle ag na contaetha seo: Port Láirge, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman agus Baile Átha Cliath (Fíor 1.3).
  • Tá méadú suntasach ag teacht anois ar an líon daoine atá sna haoisghrúpaí is sine. Tá sé tuartha go dtiocfaidh méadú faoi dhó, beagnach, ar an líon daoine os cionn 65 bliana d’aois faoin mbliain 2037, agus é ag méadú go thart ar 1.1 milliún duine. Is san aoisghrúpa de dhaoine os cionn 85 bliana d’aois a bheidh an méadú céatadánach is mó (Tábla 1.4, Tábla 1.5 agus Fíor 1.5).
  • Bhí an t-ionchas saoil tráth na breithe 3.8 bliain níos faide do mhná in Éirinn ná a bhí sé d’fhir sa bhliain 2015. B’fhearr é sin ná an difríocht 5.5 bliain a bhí ann sa bhliain 1995 (Tábla 1.6).
  • Tá an t-ionchas saoil tráth na breithe in Éirinn pas beag os cionn mheán an Aontais Eorpaigh. Cé go bhfuil an t-ionchas saoil tráth na breithe do mhná in Éirinn cosúil le meán an Aontais Eorpaigh do mhná le deich mbliana anuas, is airde go seasta atá an t-ionchas saoil tráth na breithe d’fhir in Éirinn ná meán an Aontais Eorpaigh d’fhir (Fíor 1.6 agus Fíor 1.7).
  • De bhreis ar ionchas saoil níos faide, is dóigh go mbeidh céatadán níos airde de bhlianta saoil shláintiúil ag mná atá 65 bliana d’aois, rud a thugann le fios go mbíonn saol níos giorra agus níos mó fadhbanna sláinte ag fir (Fíor 1.8).

Caibidil 2 – Sláinte an Daonra

Tabhair faoi deara gur cheart féachaint ar aon tagairtí thíos do shonraí básmhaireachta na bliana 2016 mar shonraí sealadacha, toisc go bhfuil sonraí na bliana 2016 sa tuarascáil seo bunaithe ar an mbliain inar cláraíodh an bás, ní an bhliain inar tharla an bás.

  • Sa bhliain 2015, bhí 83.0% d’fhir agus 81.7% de mhná den tuairim go raibh sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith acu. Is é sin an céatadán is airde san Aontas Eorpach, agus é i gcomparáid le meánchéatadáin 69.6% agus 64.4% d’fhir agus do mhná faoi seach ar fud an Aontais Eorpaigh. De ghnáth, is fearr an tsláinte a thuairiscíonn daoine ar ardioncam ná an tsláinte a thuairiscíonn daoine ar ísealioncam (Tábla 2.1, Fíor 2.1 agus Fíor 2.2).
  • Thuairiscigh 50.8% d’fhir agus 52.8% de mhná a bhí 65 bliana d’aois nó níos sine go raibh tinneas ainsealach orthu nó go raibh fadhb sláinte acu sa bhliain 2015. I measc daoine os cionn 75 bliana d’aois, thuairiscigh 42.9% d’fhir agus 49.3% de mhná go raibh srian éigin nó srian dian ann ar a ngnáthghníomhaíochtaí de bharr fadhbanna sláinte (Tábla 2.2 agus Tábla 2.3).
  • Thar an tréimhse 10 mbliana idir 2007 agus 2016, tháinig titim 14.6% ar rátaí báis aoischaighdeánaithe do gach cúis bháis (Tábla 2.4).
  • I measc daoine a bhí 65 bliana d’aois nó níos sine, bhí galair chóras imshruthaithe freagrach as 30.8% de na básanna uile a cláraíodh sa bhliain 2016. I gcomparáid leis sin, bhí siad freagrach as 19.2% de bhásanna daoine faoi bhun 65 bliana d’aois (Fíor 2.4a agus Fíor 2.4b).
  • Bhí básanna de bharr galair riospráide (lena n-áirítear ailse thraicé, ailse bhroinceach agus ailse scamhóige) freagrach as 20.1% de na básanna uile a bhain le daoine a bhí 65 bliana d’aois nó níos sine agus as 12.6% de na básanna uile a bhain le daoine faoi bhun 65 bliana d’aois (Fíor 2.4a agus Fíor 2.4b).
  • Tá laghdú 9.9% tagtha ar an ráta báis aoischaighdeánaithe don ailse le deich mbliana anuas. Tá laghdú 3.4% tagtha ar rátaí báis de bharr ailse na cíche mná ón mbliain 2007 i leith (Tábla 2.4).
  • Tá laghdú 15.4% tagtha ar rátaí báis de bharr féinmharú ón mbliain 2007 i leith agus bhí laghdú 7.4% orthu idir na blianta 2015 agus 2016 (sonraí sealadacha atá i sonraí na bliana 2016). Ón mbliain 2006 i leith, is airde an ráta féinmharaithe i measc fear ná an ráta i measc ban in Éirinn agus san Aontas Eorpach araon (Tábla 2.4, Fíor 2.7).
  • Maidir leis na rátaí báis aoischaighdeánaithe 5 bliana de bharr galair chóras riospráide (ailse thraicé, ailse bhroncais agus ailse scamhóige san áireamh) (2012-2016), tá siad níos airde sna contaetha seo: an Longfort, an Iarmhí, Uíbh Fhailí, Laois agus Luimneach (Fíor 2.5a).
  • Ba faoi bhun mheán an Aontais Eorpaigh a bhí ráta báis aoischaighdeánaithe na hÉireann sa bhliain 2014. Bhí an ráta báis de bharr galair riospráide (lena n-áirítear ailse thraicé, ailse bhroinceach agus ailse scamhóige) 38.2% os cionn mheánráta an Aontais Eorpaigh (Tábla 2.5).
  • Maidir leis na rátaí báis aoischaighdeánaithe de bharr ailse (gan ailse thraicé, ailse bhroncais agus ailse scamhóige a áireamh), de bharr galair chóras imshruthaithe, de bharr galar iscéimeach croí agus de bharr galair chóras riospráide (ailse thraicé, ailse bhroncais agus ailse scamhóige san áireamh), tháinig laghdú orthu sna 15 bliana roimhe (2000-2016) (Fíor 2.6).
  • Tá ráta básmhaireachta naíonán na hÉireann níos ísle ná meánráta an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas. Mar sin féin, tá an bhearna ag laghdú le blianta beaga anuas (Fíor 2.9).
  • Tá feabhas tagtha ar rátaí marthanais d’ailse chíche, ailse cheirbheacs, ailse dhrólainne agus ailse reicteach le 15 bliana anuas. Gan ailse reicteach a áireamh, áfach, is lú na glanrátaí marthanais 5 bliana in Éirinn ná an meánráta do na tíortha den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta dá bhfuil sonraí ar fáil (Fíor 2.10).
  • Tá méadú seasta tagtha le deich mbliana anuas ar chéatadán na máithreacha atá ag tabhairt cothú brollaigh dá leanaí tar éis dóibh an t-ospidéal a fhágáil. Sa bhliain 2016, thug 59.9% de mhná cothú brollaigh go páirteach ar a laghad (Fíor 2.13).
  • Cé go bhfuil laghdú tagtha ar chaitheamh toitíní le deich mbliana anuas, bhí méadú beag ann ar úsáid alcóil sa bhliain 2016. D’fhéadfadh go mbeadh an figiúr níos airde ná sin i ndáiríre, áfach, toisc nach gcuimsítear sna figiúirí oifigiúla ceannacháin a rinneadh lasmuigh den Stát ná allmhairí neamhdhleathacha a tugadh isteach ann. Ní chuirtear toitíní ‘féinrollta’ ar áireamh sna figiúirí maidir le caitheamh toitíní (Fíor 2.14).
  • Dúirt 22% de dhaoine fásta gur caiteoirí reatha iad sa bhliain 2017, agus ba chosúil go raibh gaol ann idir aicme shóisialta agus rátaí caitheamh tobac (Fíor 2.15).
  • Is airde i measc na n-aoisghrúpaí is óige ná i measc aon aoisghrúpa eile céatadán na ndaoine fásta a dhéanann ragús óil ar ghnáthlá ólacháin. Sna haoischatagóirí uile, is airde céatadán na bhfear ná céatadán na mban a dhéanann ragús óil (Fíor 2.16).
  • Ach amháin i gcás úsáid drugaí aindleathacha, bhí laghdú ann idir na blianta 2010 agus 2014 ar chéatadán na leanaí idir 11-17 bliain d’aois a bhí ag gabháil d’iompraíochtaí contúirteacha sláinte amhail caitheamh tobac, úsáid alcóil agus úsáid cannabais (Fíor 2.11).
  • Sa bhliain 2017, bhí béilí le tabhairt leo, béilí réamhullmhaithe nó sceallóga á n-ithe ag 30% de dhaoine fásta idir uair amháin agus trí huaire in aghaidh na seachtaine. D’ith níos mó ná 20% díobh cácaí, muifíní, seacláid, milseáin nó uachtar reoite uair amháin nó níos mó in aghaidh an lae (Fíor 2.18).
  • Is airde i measc na n-aoisghrúpaí is óige ná i measc aon aoisghrúpa eile caitheamh laethúil deochanna siúcraithe, áit a n-ólann beagnach ceathrú na ndaoine idir 15-24 bliana d’aois deochanna siúcraithe gach lá. B’airde caitheamh na bhfear ná caitheamh na mban i bhformhór na n-aoischatagóirí (Fíor 2.17).

Caibidil 3 – Cúram Ospidéil

  • Tá méadú 7.1% tagtha ón mbliain 2007 i leith ar an líon othar cónaitheach a scaoileadh amach ó ospidéil ghéarmhíochaine a chistítear go poiblí (Tábla 3.1a).
  • Tháinig laghdú 10.6% ar an meánfhad fanachta idir na blianta 2007 agus 2014. Tá méadú 1.6% tagtha ar an bhfigiúr sin ó shin i leith, agus an meánfhad fanachta cothrom le 5.5 lá faoi láthair (Tábla 3.1a).
  • Mhéadaigh an líon leapacha atá ar fáil do chásanna lae go 2,140 ceann sa bhliain 2016, rud arb ionann é agus méadú 38.5% ar an bhfigiúr don bhliain 2007 (Tábla 3.1a).
  • Mhéadaigh an líon cásanna lae go 1,056,656 cinn sa bhliain 2016, rud arb ionann é agus méadú 47.1% ar an bhfigiúr don bhliain 2007. Bhí méadú 13.9% ann ar an líon cásanna lae mar chéatadán den líon iomlán scaoiltí amach (othair chónaitheacha agus cásanna lae) sa tréimhse 2007-2016 (Tábla 3.1a).
  • I gcás fhormhór na n-aoischatagóirí, bhí méadú ann idir na blianta 2007 agus 2016 ar an ráta scaoilte amach in aghaidh an mhíle duine le haghaidh gnáthaimh roghnacha agus gnáthaimh éigeandála (Fíor 3.1a).
  • Bhí méadú ann ar an líon daoine fásta a bhí ag feitheamh le gnáthamh roghnach le 8 mí nó níos mó idir mí na Samhna 2016 agus mí Lúnasa 2017. Ba sheasta le linn na bliana an líon leanaí a bhí ag feitheamh le gnáthamh le 8 mí nó níos mó (Tabhair faoi deara: baineann sé seo le hothair a rangaíodh a bheith ina n-othair ghníomhacha) (Fíor 3.2).
  • Tháinig méadú ar an líon iomlán daoine ar liostaí feithimh le haghaidh gnáthaimh othar seachtrach idir mí na Samhna 2016 agus mí Lúnasa 2017. (Tabhair faoi deara: baineann sé seo le hothair a rangaíodh a bheith ina n-othair ghníomhacha) (Fíor 3.3).
  • Suas go mí Lúnasa 2017, bhí treocht anuas le brath sa mheánfhigiúr 30 lá maidir leis an líon othar a ligeadh isteach i rannóga éigeandála agus a bhí ag feitheamh ar thralaithe ag 2 p.m. Tá na figiúirí ina leith sin níos ísle ná na figiúirí don bhliain 2016 anois (Fíor 3.4).
  • Maidir leis an meán-am freagartha náisiúnta d’otharcharranna éigeandála – is é sin, 18 nóiméad agus 59 soicind nó níos lú – comhlíonadh é in 80% d’éigeandálaí stad chairdiach nó riospráide a bhí bagrach don bheatha. I gcás éigeandálaí nárbh éigeandálaí stad chairdiach nó riospráide iad, comhlíonadh an meán-am freagartha sin i 60.6% d’éigeandálaí a bhí bagrach don bheatha (Fíor 3.5).
  • Rinneadh 280 trasphlandú in Éirinn sa bhliain 2016, áit a raibh trasphlanduithe duáin ar an gcineál trasphlandaithe ba choitianta (Fíor 3.6).
  • Tháinig laghdú ar an líon daoine a ligeadh isteach in ospidéil agus aonaid shíciatracha idir na blianta 2007 agus 2016. Bhí an líon daoine a ligeadh isteach sa bhliain 2016 16.8% ní b’ísle ná an líon a ligeadh isteach sa bhliain 2007. Tháinig laghdú 24.1% ar an ráta ligean isteach in aghaidh an 100,000 duine thar an tréimhse chéanna (Tábla 3.2, Fíor 3.8).

Caibidil 4 – Cúram Príomhúil agus Seirbhísí Pobail

  • B’airde sa bhliain 2017 ná sa bhliain 2008 céatadán na ndaoine i ngach aoisghrúpa a raibh cárta liachta acu, ach amháin i gcás daoine faoi bhun 4 bliana d’aois agus daoine a bhí 65 bliana d’aois nó níos sine (Fíor 4.1).
  • B’airde i gcontaetha sa Tuaisceart, san Iarthuaisceart agus san Oirdheisceart ná i gcontaetha eile céatadán na ndaoine a raibh cárta liachta acu sa bhliain 2017 (Fíor 4.2). TABHAIR FAOI DEARA: tá na sonraí ar an léarscáil curtha i láthair de réir limistéir Oifige Sláinte Áitiúla.
  • Bhí cárta liachta ag 35.5% den daonra ag deireadh na bliana 2016. I gcomparáid leis sin, bhí cárta liachta ag 29.2% den daonra sa bhliain 2007 (Tábla 4.1).
  • Idir na blianta 2015 agus 2016, bhí laghdú (2.9%) ann ar an líon cártaí liachta a bhí á sealbhú, agus cárta ag 1.68 milliún duine. Tháinig méadú suntasach ar an líon daoine a raibh cárta cuairte liachleachtóra ghinearálta acu sa bhliain 2016, agus é ag méadú go beagán os cionn 470,000 duine. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil an méadú sin inchurtha go príomha i leith cártaí cuairte liachleachtóra ghinearálta a thabhairt do gach leanbh faoi bhun 6 bliana d’aois sa bhliain 2015 (Tábla 4.1).
  • Tháinig laghdú 2.2% idir na blianta 2015 agus 2016 ar an líon daoine a bhí cláraithe don Scéim um Íocaíochtaí Drugaí (Tábla 4.1).
  • Tá méadú 118.5% tagtha ón mbliain 2007 i leith ar an líon daoine atá ar an Scéim Tinnis Fhadtéarmaigh. Is ionann an méadú sin agus 100,000 duine (Tábla 4.1).
  • Tháinig méadú 61.4% agus 51.4% faoi seach ar an líon daoine ar cuireadh cóireáil orthu faoi scéimeanna fiaclóireachta agus oftalmacha idir na blianta 2007 agus 2016 (Tábla 4.1).
  • Bhí laghdú 0.9% ann ar an líon míreanna ar oideas a dáileadh. Tháinig laghdú 4.3% ar an meánchostas in aghaidh na míre idir na blianta 2015 agus 2016 (Fíor 4.3).
  • Bhí céatadán na ndaoine a raibh árachas sláinte príobháideach acu sa bhliain 2016 cosúil leis an bhfigiúr don bhliain 2012. Bhí an méid sin le sonrú i measc na n-aoisghrúpaí eile, ach amháin i gcás daoine a bhí 70 bliain d’aois nó níos sine, áit a raibh méadú ann ar chéatadán na ndaoine a raibh árachas sláinte príobháideach acu (Fíor 4.4).
  • Tháinig méadú 9.2% idir na blianta 2013 agus 2016 ar an líon leapacha a bhí ar fáil in aonaid chúraim fhadtéarmaigh a chumhdaítear leis an scéim tacaíochta do thithe altranais. Tháinig laghdú beag idir na blianta 2013 agus 2016 ar an líon othar i gcúram fadtéarmach a bhí 75 bliana d’aois nó níos sine. Sa bhliain 2016, bhí beagnach leath na n-othar uile in aonaid fanachta fadtéarmaí 85 bliana nó níos sine (Tábla 4.2, Fíor 4.5).
  • Sa bhliain 2016, bhí an ráta imdhíonta do leanaí a bhí 24 mhí d’aois cothrom le 95% d’fhormhór na vacsaíní, ach amháin i gcás na vacsaíne MMR, na vacsaíne Meiningeacocúla agus na vacsaíne Comhchuingí Niúmacocúla (Tábla 4.3).
  • Bhí 21,763 dhuine cláraithe leis an mBunachar Sonraí Náisiúnta um Míchumas Fisiciúil agus Céadfach sa bhliain 2016. Ba ag 50.8% de na daoine sin a bhí míchumas fisiciúil amháin (Tábla 4.4).
  • Maidir le daoine faoi mhíchumas intleachta atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, tháinig méadú 16.4% ar an líon a bhain leas as seirbhísí lae thar an tréimhse 2007-2016. Bhí méadú 21.8% ann ar an líon daoine de gach aois a bhain leas as na seirbhísí sin mar fhreastalaithe lae amháin, i gcomparáid le laghdú 6.7% ar an líon cónaitheoirí lánaimseartha a bhain leas as na seirbhísí (Tábla 4.5).
  • Tháinig méadú 34.9% idir na blianta 2007 agus 2016 ar an líon cásanna ina raibh cóireáil á cur in aghaidh úsáid fhadhbach drugaí (alcól san áireamh). Tháinig méadú 72.9% sa tréimhse chéanna ar an líon cásanna ina raibh cóireáil á cur in aghaidh úsáid fhadhbach drugaí (gan alcól a áireamh). Bhí laghdú beag 1.2% ann idir na blianta 2015 agus 2016 ar an líon cásanna nua (alcól san áireamh) agus bhí laghdú 5.6% ann sa tréimhse chéanna ar an líon cásanna nua (gan alcól a áireamh) (Tábla 4.6).

Caibidil 5 – Fostaíocht sa tSeirbhís Sláinte

  • Cé gur tháinig laghdú de réir a chéile idir na blianta 2008 agus 2014 ar an líon daoine atá fostaithe sa tseirbhís sláinte poiblí, thosaigh an líon sin ag méadú le déanaí. Bhí 109,095 dhuine de choibhéis lánaimseartha fostaithe i mí Mheán Fómhair 2017; tá sé sin cothrom le méadú 1.9% ón mbliain 2016 i leith (Tábla 5.1, Fíor 5.1).
  • Tá méadú tagtha ón mbliain 2016 i leith ar an líon fostaithe i ngach grádchatagóir. Is ionann altraí agus an ghrádchatagóir is mó sa tseirbhís sláinte poiblí, agus iad freagrach as 33.3% den líon iomlán atá fostaithe (Tábla 5.1, Fíor 5.2).
  • Mhéadaigh an líon lianna comhairleacha atá fostaithe sa tseirbhís sláinte poiblí faoi 30.5% sa tréimhse 2008-2017. Mhéadaigh an líon lianna comhairleacha faoi 3.1% idir mí na Nollag 2016 agus mí Mheán Fómhair 2017 freisin (Tábla 5.2, Fíor 5.3).
  • Mhéadaigh an líon dochtúirí ospidéil neamhchomhairleacha faoi 25.1% idir na blianta 2008 agus 2017. Mhéadaigh an líon dochtúirí ospidéil neamhchomhairleacha faoi 2.5% idir mí na Nollag 2016 agus mí Mheán Fómhair 2017 freisin (Tábla 5.2, Fíor 5.3).
  • Bhí 2.9 dochtúir ag cleachtadh in aghaidh an mhíle duine in Éirinn sa bhliain 2015. Tá sé sin faoi bhun an mhéanfhigiúir de 3.3 dochtúir sna 28 dtír den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (Fíor 5.4).
  • Bhí altraí foirne freagrach as an gcéatadán is airde de na gráid altranais, ba é sin, 67%. Ina dhiaidh sin, bhí bainisteoirí altranais freagrach as 20%. Bhí altraspeisialtóirí freagrach as beagán os cionn 4%. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis an bhfigiúr sin altraí oideas, cnáimhsigh, altraí leanaí nó ardchleachtóirí altranais (Fíor 5.5).

Caibidil 6 – Caiteachas ar an tSeirbhís Sláinte

  • Tá méadú 6.4% tagtha ar chaiteachas poiblí iomlán ar an tseirbhís sláinte ón mbliain 2008 i leith. Ina theannta sin, bhí méadú 3.1% ann ar chaiteachas idir na blianta 2016 agus 2017 (is réamh-mheastacháin iad na sonraí don bhliain 2017) (Tábla 6.1, Fíor 6.1).
  • Tháinig méadú 35.4% ar leithdháileadh neamhchaipitiúil iomlán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) sa tréimhse 2010-2016, agus méadú 5.5% ann sa tréimhse 2015-2016. Bhí ospidéil ghéarmhíochaine freagrach as 33.8% d’ollchaiteachas neamhchaipitiúil FSS sa bhliain 2016 (Tábla 6.2, Fíor 6.2).
  • Cé gur tháinig méadú 6.3% ar chaiteachas caipitiúil poiblí ar chúram sláinte idir na blianta 2015 agus 2016, tá laghdú 27.7% tagtha ar chaiteachas ón mbliain 2007 i leith (Tábla 6.3).
  • De réir mhodheolaíocht an Chórais um Chuntais Sláinte, measadh gurbh ionann agus €19.9 billiún caiteachas reatha iomlán na hÉireann ar chúram sláinte (poiblí agus príobháideach) sa bhliain 2015. Ba iad na scéimeanna maoiniúcháin is mó in Éirinn ná scéimeanna maoiniúcháin an Rialtais agus na scéimeanna ranníocacha éigeantacha um maoiniú cúram sláinte, agus iad freagrach as 70% den mhaoiniú ar fad le haghaidh cúram sláinte. Bhí cúram íceach agus athshlánúcháin freagrach as 54% den chaiteachas reatha iomlán ar chúram sláinte. Bhí na hospidéil freagrach as 35% den chaiteachas sin (Tábla 6.4, Tábla 6.5 agus Tábla 6.6).
  • I bhfíorthéarmaí (arna gcoigeartú do bhoilsciú), bhí méadú foriomlán ann thar an tréimhse 2006-2016 ar chaiteachas iomlán sláinte per capita in Éirinn (Fíor 6.3).
  • Maidir le caiteachas sláinte per capita, bhí ag Éirinn an 6ú caiteachas is airde i measc tíortha roghnaithe den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Agus leas á bhaint as ollioncam náisiúnta modhnaithe (nó OIN*) chun figiúirí na hÉireann a chur i gcomparáid le holltáirgeacht intíre (OTI) tíortha eile (mar a mhol an Grúpa um Athbhreithniú Staidrimh Eacnamaíoch), tá caiteachas reatha iomlán na hÉireann ar chúram sláinte, mar chéatadán d’OTI/OIN*, rangaithe sa 4ú háit taobh leis an bhFrainc agus leis an tSualainn. Titeann an tír go dtí an 12ú háit nuair a fhéachtar ar chaiteachas poiblí amháin (Tábla 6.7, Fíor 6.4).
  • Is léirithe i bhFíor 6.5 atá an miondealú céatadánach ar chaiteachas sláinte de réir cineál cúraim. Tá na figiúirí sin bunaithe ar mhodheolaíocht an Chórais um Chuntais Sláinte a úsáidtear in Éirinn.