Preasráitis

Fógraíonn an Rialtas substaintí áirithe a bheith ina ndrugaí rialaithe faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí

D’fhógair Leo Varadkar, an tAire Sláinte, gur fhormheas an Rialtas Ordú lena ndearbhaítear roinnt “siabhráin dhleathacha”, a ndearnadh measúnú riosca orthu ag leibhéal an AE, a bheith ina ndrugaí rialaithe faoi na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí.

“Is contúirteach atá na substaintí seo agus is rioscaí suntasacha iad do shláinte na ndaoine a úsáideann iad,” arsa an tAire. “Tugtar “siabhráin dhleathacha” ar cheithre cinn de na substaintí, agus ní ghabhann aon úsáid dhlisteanach leo.  Ina theannta sin, méadófar an leibhéal rialaithe faoi na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí a bheidh i gceist le gámahiodrocsabútaráit (GHB), ar substaint a úsáidtear in ainéistéise ach a d’fhéadfaí a mhí-úsáid freisin í.”

 

Críoch

Cúlra

Is ionann na Rialacháin um Mí-Úsáid Drugaí, arna ndéanamh faoin Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977, agus an phríomhionstraim reachtach lena rialáiltear allmhairiú, onnmhairiú, déantúsú, táirgeadh, ordú, soláthar, seilbh agus riar drugaí rialaithe laistigh de chóras sláinte na hÉireann.

Tá 8 nOrdú Dearbhaithe den sórt sin déanta ón mbliain 1977 i leith. Rinneadh na hOrduithe ba dhéanaí díobh sna blianta 2010 agus 2011 ar mhaithe le substaintí sícighníomhacha nua a dhíoltar i “siopaí sliabhráin” agus thar an Idirlíon a rialú.

Is iad seo a leanas na substaintí is ábhar don Ordú Dearbhaithe:

• 4-Aigéad hiodrocsabútánóch (ar a dtugtar GHB freisin),

• 5-(2-aimíneapróipil)iondóil (ar a dtugtar 5-IT freisin),

• 3,4-dichloro-N-\[\[1-(dimethylamino)cyclohexyl]methyl]benzamide [aistriúchán le deimhniú] (ar a dtugtar AH-7921 freisin),

• 4-iodo-2,5-dimethoxy-N-(2-methoxybenzyl)phenethylamine [aistriúchán le deimhniú] (ar a dtugtar 25I-NBOMe freisin),

• 2-(3-methoxyphenyl)-2-(ethylamino)cyclohexanone [aistriúchán le deimhniú] (ar a dtugtar Methoxetamine freisin).