Preasráitis

Faomhann an Rialtas Cinn Bhille maidir le postáil calraí ar bhiachláir

Ba ag cruinniú Comh-Aireachta an Rialtais an tseachtain seo a formheasadh tograí lena gceanglófar ar bhialanna, ar bhialanna beir leat agus ar gach asraon seirbhísí bia sonraí a phostáil ar a gcuid biachlár faoi líon na gcalraí atá i ngach béile.

Leis na dlíthe, ceanglófar ar bhialanna, ar bhialanna beir leat agus ar asraonta seirbhísí bia an fhaisnéis a phostáil in aice leis an bpraghas le haghaidh gach táirge ar an mbiachlár ag an áit a n-ordaítear an bia, bíodh sé ag an tábla nó ag an gcuntar.

“Tá an-imní orm faoi na leibhéil róthroime agus mhurtaill atá againn in Éirinn. Léirítear sna figiúirí is déanaí gur róthrom nó murtallach atá beirt aosach as gach triúr agus leanbh amháin as gach ceathrar. Gabhann an-riosca leis sin ó thaobh sláinte agus folláine de. Tá sé freagrach freisin as ardchéatadán de chuid mhór galair ainsealacha amhail galar croí, ailse agus diaibéiteas,” dúirt an tAire Varadkar.

“Bealach éifeachtach simplí chun daoine a spreagadh an rogha shláintiúil a roghnú is ea sonraí faoi chalraí a chur ar fáil ar bhiachláir. Ní mar a shíltear a bhítear ó thaobh roghanna bia de. Is mó calraí i sailéid áirithe ná béilí burgair áirithe. Mar sin féin, má chuirimid an fhaisnéis sin ar fáil go réidh, beidh daoine in ann rogha eolach a dhéanamh ar a laghad ar bith. Ní éireoidh leis i ngach cás, ach is uirlis chumhachtach í agus tá sí ag feidhmiú go maith sna Stáit Aontaithe.

“D’éist an Rialtas leis na hábhair imní atá ag an tionscal faoi na costais bhreise lena mbaineann. Is é sin an fáth ar fhorbair Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann samhail comhaireamh calraí ar líne ar a dtugtar MenuCal, rud lena gcuirtear ar chumas soláthraithe bia líon na gcalraí atá i mbéile a ríomh. Tá an aip éasca le húsáid agus tá sí saor in aisce.

“Is féidir le daoine a rogha bia a ithe, ar ndóigh. Tá an ceart sin acu. De réir comhairliúchán poiblí, áfach, is mian le 95% de thomhaltóirí go gcuirfear comhaireamh calraí ar taispeáint ar bhiachláir. Tá ag teip ar an tsamhail dheonach atá againn faoi láthair. Tá faisnéis faoi chion calraí á cur ar fáil ag roinnt de na slabhraí bialann gasta cheana féin. Níl an méid sin á dhéanamh ach amháin ag 8% díobh, áfach. Mar sin, tá sé in am an rogha éasca a dhéanamh den rogha shláintiúil.”

Léirítear i dtaighde fairsing nach leor aon bheart ar leith chun na leibhéil róthroime agus mhurtaill atá ann a laghdú. Mar sin féin, tá go leor fianaise eolaíoch ann ina léirítear go mbaineann an pobal tairbhe as faisnéis a fháil faoin gcomhaireamh calraí ag pointe na rogha.

Cuirfear tús láithreach leis an reachtaíocht um postáil calraí a dhréachtú agus ba chóir go mbeadh an reachtaíocht sin réidh lena hachtú sa bhliain 2016. Leis na dlíthe atá beartaithe, ceanglófar gur san aon chlómhéid agus san aon chlódhath agus in aice leis an bpraghas a chuirfear comhaireamh calraí an táirge ar taispeáint ar gach biachlár, lena n-áirítear cláir, bileoga, biachláir dhigiteacha agus cineálacha eile biachláir.

Tá postáil calraí ar cheann amháin den raon bearta éagsúla murtaill atá beartaithe don bhliain 2015.  I measc na gceann eile, tá Treoirlínte athbhreithnithe maidir le Bia Sláintiúil agus Beartas agus Plean Gníomhaíochta nua maidir le Murtall.

CRÍOCH

Tuilleadh faisnéise

Cúlra

Níl aon chur chuige aonair ann a rachaidh i ngleic go rathúil leis an ngéarchéim mhurtaill leis féin. Mar sin féin, má dhéanann líon mór daoine mionathrú dearfach leanúnach ar a n-iompar itheacháin, is féidir go ndéanfar an-difear don ghéarchéim mhurtaill. Tugann lipéid chalraí ar bhiachláir agus postáil calraí deis chun an mionathrú sin a dhéanamh.  Ní fhéadann ach na daoine lena mbaineann gníomh díreach a dhéanamh i leith róthroime agus murtaill, ach is féidir cabhrú le daoine roghanna bia níos fearr a dhéanamh mar chuid den ghníomh in aghaidh murtaill.  Leagann comhaireamh calraí ar bhiachláir béim ar an míbhuntáiste a bhaineann le sciartha an-mhór.  Chomh maith leis sin, cuireann an fhaisnéis sin ina luí ar dhaoine gur fearr sciartha beaga ná sciartha móra maidir leis an tionchar a imríonn siad ar an tsláinte.  Léirítear san fhianaise idirnáisiúnta gur féidir le postáil calraí tionchar dearfach a imirt ar roghanna bia an tomhaltóra gan tionchar diúltach a imirt ar a bhrabúsaí atá an gnóthas. Chomh maith leis sin, tá sé léirithe gurb ionann postáil éigeantach calraí agus tionscnamh tábhachtach faoin gclár chun murtall a chomhrac sna Stáit Aontaithe.

Ag deireadh na bliana 2011, scríobh an Roinn Sláinte chuig roinnt bialanna gasta chun iarraidh orthu comhaireamh calraí a chur ar taispeáint ar bhiachláir ar bhonn deonach. Díríodh ar na 19 gcinn de shlabhraí bialann gasta, de shlabhraí siopaí caife agus de chuideachtaí lónadóireachta atá againn agus iarradh orthu páirt a ghlacadh sa Scéim um Chalraí ar Bhiachláir.  Áiríodh iontu slabhraí bialann bia atá ag oibriú in Éirinn agus a bhfuil a máthairchuideachtaí sna Stáit Aontaithe páirteach sa scéim sa tír sin.

Comhairliúchán Poiblí agus Measúnacht

I mí Feabhra 2012, iarradh ar Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (ÚSBÉ) comhairliúchán náisiúnta a dhéanamh, rud ina bhfuarthas amach gur mhian le breis agus 95% de thomhaltóirí in Éirinn go gcuirfí comhaireamh calraí ar bhiachláir.  Ina dhiaidh sin, d’iarr an tAire roimhe ar ghnóthais seirbhísí bia comhaireamh calraí a chur ar taispeáint ar bhia agus ar dheochanna a riartar in Éirinn, agus é mar aidhm cabhrú le daoine roghanna sláintiúla a dhéanamh agus iad ag ithe amach. D’fhoilsigh ÚSBÉ treoir céim ar chéim maidir le conas é sin a dhéanamh:  Calraí a Chur ar Bhiachláir in Éirinn – Treoir Theicniúil do ghnóthais bhia.

Thug ÚSBÉ faoi mhórshuirbhé teileafóin agus rinne sé measúnacht ar ghlacadh na lipéad calraí ar bhiachláir i measc Gnóthais Seirbhísí Bia in Éirinn idir Deireadh Fómhair 2012 agus Eanáir 2013. Cuireadh na torthaí ón suirbhé deiridh ar fáil i
mí Aibreáin 2013.

· Bhí comhaireamh calraí ar bhiachláir á thaispeáint ag 11 shlabhra mhóra de na 19 gcinn a bhí againn. B’ionann é sin agus 818 asraon aonair.
· De réir catagóire, bhí comhaireamh calraí ar bhiachláir á thaispeáint ag 76% d’asraonta na slabhraí bialann gasta, de 50% de shlabhraí siopaí caife agus de 43% de chuideachtaí lónadóireachta.
· Léiríodh sna torthaí ón measúnacht, áfach, nach raibh comhaireamh calraí á thaispeáint ach amháin ag 8% de na gnóthais san iomlán ag an am sin agus go raibh 12% eile i mbun comhaireamh calraí a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí 50% eile de ghnóthais i bhfabhar lipéid chalraí ar bhiachláir (i.e. bhí siad ag ullmhú do lipéid chalraí a thaispeáint ag an am sin/ba mhian leo lipéid chalraí a thaispeáint).
· Ba é an phríomhchúis a thug gnóthais bhia ar mhian leo comhaireamh calraí a chur ar fáil ar bhiachláir, cé nach raibh sé beartaithe acu déanamh amhlaidh, ná gur theastaigh uathu tacaíocht chun na ríomhanna calraí a oibriú amach.

Ba é an príomhthoradh ón measúnacht ná go raibh formhór na ngnóthas bia (58%) i bhfabhar lipéid chalraí a chur ar bhiachláir ach gur mheas siad, tar éis dóibh na gnéithe teicniúla a bhaineann le scéim den sórt sin a bhreithniú, go mbeadh sé deacair iad a chur ar fáil.

Mar fhreagairt do na hábhair imní a bhí ag Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide, d’fhorbair ÚSBÉ uirlis bogearraí ar a dtugtar MenuCal, ar áireamhán calraí é atá ar fáil saor in aisce ar líne. Is é is aidhm do MenuCal cabhrú le gnóthais bhia bheaga líon na gcalraí atá sna táirgí ar an mbiachlár a ríomh iad féin. Seoladh MenuCal sa bhliain 2014.