Preasráitis

Fáiltíonn Varadkar roimh fhoilsiú Health in Ireland: Key Trends 2014

Rinne an Roinn Sláinte Health in Ireland: Key Trends 2014 http://health.gov.ie/blog/publications/health-in-ireland-key-trends-2014/ a fhoilsiú inniu (Déardaoin, an 18 Nollaig).

 

Ag fáiltiú dó roimh an bhfoilseachán, dúirt Leo Varadkar TD, an tAire Sláinte, “Tugtar in Health in Ireland: Key Trends léargas dúinn ar threochtaí sa déimeagrafaic, i sláinte an daonra agus i gcaiteachas ar sheirbhísí sláinte.

 

“Teastaíonn sonraí ar dhea-chaighdeán chun cinntí beartais fianaisebhunaithe a dhéanamh, go háirithe i gcomhthéacs na srianta acmhainní atá ann. Cabhróidh achtú an aitheantóra sláinte aonair i mbliana le soláthar cúram sláinte atá éifeachtach agus, rud is tábhachtaí fós, soláthar cúram sláinte atá sábháilte a éascú. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé faisnéis níos fearr ar fáil maidir le hathchóirithe leanúnacha sláinte a phleanáil agus a mheasúnú.

 

“Tá meascán de thorthaí san eagrán do 2014, ach níl aon amhras go bhfuil siad dearfach den chuid is mó.  Beag beann ar shrianta an-suntasach airgeadais, táthar ag leanúint le dul chun cinn a dhéanamh, cé go bhfuil an dul chun cinn sin níos moille ná mar a bhí roimhe.

 

“Sna deich mbliana seo a chuaigh thart amháin, tá méadú de bheagnach trí bliana tagtha ar ionchas saoil. Den chuid is mó, tá gnóthachain den sórt sin á mbrú chun cinn ag laghduithe i rátaí básmhaireachta i measc na bpríomhchúiseanna báis, amhail galar croí agus ailse.”

 

“Gné shuntasach eile is ea an fás i líon na ndaoine os cionn 65 bliain d’aois. Téann 20,000 duine eile san aoisghrúpa sin gach bliain. Is dóigh go leanfaidh an treocht sin sa todhchaí agus rachaidh sí i bhfeidhm ar phleanáil agus ar sholáthar seirbhísí sláinte amach anseo.

 

“Tá aosú tapa an daonra, i gcomhar le bagairtí sláinte a bhaineann le stíl mhaireachtála, ina mórdhúshláin san am i láthair – agus beidh siad ina mórdhúshláin sa todhchaí – maidir leis an tsláinte agus le seirbhísí sláinte a chothú agus a fheabhsú arís eile in Éirinn.   Tá rannchuidiú mór déanta ag na seirbhísí sláinte – agus leanfaidh siad le rannchuidiú mór a dhéanamh – maidir leis na feabhsuithe sin, rud a thugann le fios go bhfuil feabhsuithe tagtha ar an ngnáthshláinte agus ar chúram sláinte.

 

“Cé go bhfuil ár rátaí torthúlachta fós ar na rátaí is airde san Eoraip, tá an ráta breithe tar éis titim go dtí an ráta is ísle ón mbliain 2005 i leith, Ba cheart go laghdódh sé sin an brú a bheidh ar sheirbhísí máithreachais sna blianta atá le teacht.

 

“Tá laghdú foriomlán tagtha ar líon na leapacha ospidéil. Cé go raibh méadú de bheagnach 80% ar líon na leapacha lae, bhí fad fanachta níos giorra i gceist leo.  Léiríonn an méid sin go bhfuil úsáid níos éifeachtúla á baint againn as an acmhainn atá againn.

 

“Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine a oibríonn sa tseirbhís sláinte, tá líon na ndochtúirí atá againn níos airde anois ná am ar bith eile sna deich mbliana seo a chuaigh thart.  I gcodarsnacht le braistint an phobail, tá líon na mball foirne riaracháin agus bainistíochta ag titim ó 2008 i leith.

 

“I gcomparáid le tíortha eile san Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE), is meánach atá an méid a chaithimid ar sheirbhísí sláinte. Mar sin, is mór againn an méadú beag a fuaireamar faoi Bhuiséad 2015.”

 

Críoch

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Is é seo an seachtú heagrán den treoir tagartha sho-úsáidte seo ar threochtaí suntasacha sa tsláinte agus i gcúram sláinte le deich mbliana anuas, lena n-áirítear stádas daonra agus sláinte, mar aon le treochtaí ó thaobh soláthar seirbhísí de. I mbliana, tá táblaí, léarscáileanna agus graif nua ar áireamh ar roinnt ábhair shonracha nó ar réimsí nua dá bhfuil sonraí ar fáil. Tá réamhrá gairid ag tús gach rannáin, áit a ndéantar achoimre ar na príomhstaitisticí lena mbaineann.

 

Áirítear iad seo a leanas leis na príomhthreochtaí:

•Lean líon iomlán na n-othar amach de bheith ag ardú, agus tá 60% den ghníomhaíocht sin á dhéanamh anois ar bhonn cás lae (lena n-áirítear scagdhealú). Nuair a chuirtear scagdhealú as an áireamh, tá méadú 80% tagtha ar líon na gcásanna lae in ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí ó 2004 i leith. Is é cleachtas míochaine níos fearr agus níos neamhionraí atá freagrach den chuid is mó as an bhfás tapa i ngníomhaíocht othar lae.

•Le deich mbliana anuas, tá feabhas tapa tagtha ar ionchas saoil in Éirinn. Tá méadú de bheagnach trí bliana tagtha ar ionchas saoil in Éirinn ón mbliain 2003 i leith agus tá sé níos airde go seasta os cionn mheánionchas saoil an AE le deich mbliana anuas.

•Tháinig cuid mhaith den mhéadú sin in ionchas saoil as laghduithe suntasacha in ollchúiseanna báis amhail galair chóras imshruthaithe. Ón mbliain 2004 i leith, tá laghdú tagtha ar rátaí básmhaireachta d’fhormhór na n-ollchúiseanna báis. Tá laghdú 18% tagtha ar an ráta básmhaireachta foriomlán ón mbliain 2004 i leith.

•Tá Éire ag tosú le teacht suas le tíortha eile na hEorpa ó thaobh aosú an daonra de.  Tá daonra na ndaoine siúd atá 65 bliain d’aois nó níos sine ag méadú ar ráta níos tapa ná an ráta atá i réim i dtíortha eile an AE. Is dóigh go dtiocfaidh méadú faoi dhó, beagnach, ar líon na ndaoine san aoisghrúpa sin san 20 bliain atá le teacht agus go mbeidh an méadú comhréireach is mó ann san aoisghrúpa de dhaoine os cionn 85 bliain d’aois.

•Beag beann ar laghduithe i líon na breitheanna le blianta beaga anuas, tá ráta torthúlachta na hÉireann fós ar an ráta is airde san AE.

•I gcomparáid le tíortha eile an AE, leanann Éire ar aghaidh leis na leibhéil sláinte féinbhraite is airde san AE. Is minic a thuairiscíonn na daoine is mó gnóthachtáil oideachais sláinte níos fearr ná na daoine is lú gnóthachtáil oideachais.

•Ó thús na bliana 2014, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag feitheamh níos faide ná 52 seachtain le coinne othair sheachtraigh. Tá líon iomlán na ndaoine atá ag feitheamh le coinne tar éis méadú le blianta beaga anuas freisin.

•Tá líon na n-aosach agus na leanaí atá ag feitheamh le níos mó ná 8 mí agus le níos mó ná 20 seachtain faoi seach le gnáthaimh roghnacha ag méadú ó mhí Eanáir i mbliana.

•Bhí 40% den daonra clúdaithe ag cárta liachta sa bhliain 2013.  Tá méadú 61% tagtha le deich mbliana anuas ar líon na ndaoine atá clúdaithe, ach ní raibh ach athrú beag ann idir figiúirí na bliana 2012 agus figiúirí na bliana 2013. Tá an méid sin i gcodarsnacht le líon na ndaoine atá clúdaithe ag árachas sláinte príobháideach, líon atá tar éis titim le blianta beaga anuas.

•Tá rátaí vacsaínithe ag méadú ón mbliain 2004 i leith agus tá siad anois comhionann le 95% nó níos sine d’fhormhór na gcineálacha vacsaínithe.

•Tá beagán níos mó ná 97,000 duine fostaithe sa tseirbhís sláinte poiblí anois (Meán Fómhair 2014). Is ionann é sin agus laghdú de 12,000 duine ó thabhairt isteach an mhoratóra ar earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí sa bhliain 2009.

•Tá an caiteachas iomlán ar sheirbhísí sláinte poiblí tar éis méadú ó €11.7 billiún sa bhliain 2005 go beagnach €14 billiún sa bhliain 2013. Tugtar le tuiscint i réamh-mheastacháin go dtitfidh caiteachas go €13 billiún sa bhliain 2014.

 

Tá tuilleadh príomhthreochtaí curtha i láthair thíos, agus iad leagtha amach de réir rannáin den leabhrán:

 

Rannán 1 – Daonra agus Ionchas Saoil

•B’ionann an daonra sa bhliain 2014 agus 4,609,600 duine. Is ionann é sin agus méadú beag 0.8% ar Dhaonáireamh 2011. Tá méadú de bheagnach 12% tagtha ar an daonra ón mbliain 2005 i leith, agus ba sna haoisghrúpaí de dhaoine os cionn 65 bliain d’aois a bhí san athrú céatadánach ba mhó. (Tábla 1.1 agus Tábla 1.2)

•Is sna contaetha in iarthar agus in iarthuaisceart na hÉireann atá an céatadán is mó de dhaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine. (Fíor 1.1)

•Tá an daonra iomlán in Éirinn tar éis méadú níos tapa ná meánfhigiúr an AE le deich mbliana anuas. Tá daonra na ndaoine atá 65 bliain d’aois nó níos sine tar éis méadú ar ráta níos tapa ná an daonra ina iomláine. (Fíor 1.2)

•Agus 68,930 breith á gclárú sa bhliain, bhí laghdú 4% ann ar líon na mbreitheanna a cláraíodh sa bhliain 2013 i gcomparáid le figiúr na bliana roimhe.  Beag beann air sin, is ionann é sin agus méadú de 7,000 breith gach bliain i gcomparáid lena raibh ann deich mbliana ó shin. (Tábla 1.3)

•Tá laghdú beag tagtha ar an Ráta Torthúlachta Iomlán le blianta beaga anuas, agus é cothrom le 1.96 anois. Mar sin féin, is ag Éirinn go fóill atá an ráta torthúlachta is airde i measc thíortha an AE, agus meánráta an AE cothrom le 1.58. (Fíor 1.4)

•Sa bhliain 2013, ba iad Baile Átha Cliath, Dún na nGall, an Clár agus Ciarraí na contaetha ina raibh na rátaí torthúlachta ab ísle. (Fíor 1.3)

•Tá méadú suntasach ag teacht anois ar líon na ndaoine atá sna haoisghrúpaí is sine.  Tá sé tuartha go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar líon na ndaoine os cionn 65 bliain d’aois faoin mbliain 2031, agus é ag méadú go thart ar 1 milliún duine.  Is san aoisghrúpa de dhaoine os cionn 85 bliain d’aois a bheidh an méadú céatadánach is mó. (Tábla 1.4, Tábla 1.5 agus Fíor 1.5)

•Cé gur airde ionchas saoil na mban ná ionchas saoil na bhfear, níl an difríocht chomh mór sin idir mná agus fir nuair a chuirtear ionchas saoil in iúl de réir líon na mblianta a mhair daoine ina sláinte (i.e. blianta saoil sláintiúla) ag 65 bliain d’aois. Tugann an méid sin le fios go maireann mná níos faide agus go mbíonn níos mó fadhbanna sláinte acu ag an am céanna. (Fíor 1.9)

 

Caibidil 2 – Sláinte an Daonra

 

Tabhair faoi deara: ba cheart féachaint ar aon tagairtí thíos do shonraí básmhaireachta na mblianta 2012 agus 2013 mar shonraí sealadacha, toisc go bhfuil sonraí na mblianta 2012 agus 2013 sa tuarascáil seo bunaithe ar an mbliain inar cláraíodh an bás, ní an bhliain inar tharla an bás.

•Sa bhliain 2012, bhí 83% d’fhir agus de mhná den tuairim go raibh sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith acu. Is é sin an céatadán is airde san AE, agus é i gcomparáid le meánchéatadáin 71% agus 66% d’fhir agus do mhná faoi seach ar fud an AE. Is iad na daoine is mó gnóthachtáil oideachais a thuairiscíonn an tsláinte is fearr. (Tábla 2.1, Fíor 2.1 agus Fíor 2.2)

•Thuairiscigh 55% d’fhir agus de mhná a bhí 65 bliain d’aois nó níos sine go raibh tinneas ainsealach orthu nó go raibh fadhb sláinte acu. I gcatagóir na ndaoine os cionn 75 bliain d’aois, thuairiscigh 47% d’fhir agus 48% de mhná go raibh srian éigin nó srian dian ann ar a ngnáthghníomhaíochtaí de bharr fadhbanna sláinte. (Tábla 2.2 agus Tábla 2.3)

•Thar an tréimhse 10 mbliana 2004-2013, tháinig titim 18% ar rátaí báis aoischaighdeánaithe do gach cúis bháis. Níos déanaí fós, tháinig méadú beag 1.5% ar rátaí báis idir na blianta 2012 agus 2013 (sonraí sealadacha atá i sonraí na mblianta 2012 agus 2013). (Tábla 2.4)

•I measc daoine a bhí 65 bliain nó níos sine, bhí galair an chórais imshruthaithe freagrach as 35% de na básanna uile a cláraíodh sa bhliain 2013. I gcomparáid leis sin, bhí siad freagrach as 20% de bhásanna daoine faoi bhun 65 bliain d’aois. Tháinig laghdú 30% ar an ráta báis aoischaighdeánaithe idir na blianta 2004 agus 2013. (Tábla 2.4, Fíor 2.3a agus Fíor 2.3b)

•Bhí básanna de bharr galair riospráide (lena n-áirítear ailse thraicé, ailse bhroinceach agus ailse scamhóige) freagrach as 20% de na básanna uile a bhain le daoine a bhí 65 bliain d’aois nó níos sine agus as 12% de na básanna uile a bhain le daoine faoi bhun 65 bliain d’aois.

•Sa bhliain 2013, tharla 18% de bhásanna daoine faoi bhun 65 bliain d’aois de bharr cúiseanna seachtracha báis amhail timpistí iompair agus féinmharú. I gcomparáid leis sin, bhí na cúiseanna céanna freagrach as níos lú ná 2% de bhásanna daoine a bhí 65 bliain d’aois nó níos sine. (Fíor 2.3a agus Fíor 2.3b)

•Tá laghdú 10% tagtha ar an ráta báis aoischaighdeánaithe don ailse le deich mbliana anuas. Mar sin féin, bhí méadú beag 0.8% ann sa ráta sin idir na blianta 2012 agus 2013. Tá laghdú 15% tagtha ar an ráta báis d’ailse chíche na mban ón mbliain 2004 i leith. (Tábla 2.4)

•Tá laghdú 13% tagtha ar rátaí báis de bharr féinmharú ón mbliain 2004 agus tá siad tar éis laghdú faoi 5% idir na blianta 2012 agus 2013 (sonraí sealadacha atá i sonraí na mblianta 2012 agus 2013). (Tábla 2.4)

•Cé go raibh ráta báis aoischaighdeánaithe na hÉireann sa bhliain 2011 3.7% faoi bhun mheánráta an AE, bhí an ráta báis de bharr galair riospráide (lena n-áirítear ailse thraicé, ailse bhroinceach agus ailse scamhóige) 31% os cionn mheánráta an AE. (Tábla 2.5)

•Tá ráta básmhaireachta naíonán na hÉireann níos ísle ná meánráta an AE le deich mbliana anuas; mar sin féin, tá an bhearna tar éis laghdú le blianta beaga anuas. (Fíor 2.7)

•Is lú na rátaí marthanais coibhneasta 5 bliana d’ailse chíche agus d’ailse cheirbheacs in Éirinn ná an meánráta do thíortha an AE dá bhfuil sonraí ar fáil. Mar sin féin, is ionann an ráta marthanais d’ailse cholaireicteach in Éirinn agus meánráta an AE. (Fíor 2.8)

•Tá méadú seasta tagtha le deich mbliana anuas ar chéatadán na máithreacha atá ag tabhairt cothú brollaigh dá leanaí tar éis dóibh an t-ospidéal a fhágáil. Sa bhliain 2013, thug 56% de mhná cothú brollaigh go páirteach ar a laghad. (Fíor 2.9)

•Tá laghdú tagtha ar thomhaltas alcóil agus toitíní araon le deich mbliana anuas. D’fhéadfadh go mbeadh an figiúr sin ní b’airde i ndáiríre, toisc nach gcuimsítear sna figiúirí oifigiúla ceannacháin a rinneadh taobh amuigh den Stát nó allmhairí neamhdhleathacha isteach sa Stát. Tháinig laghdú ar thomhaltas alcóil agus toitíní araon sa bhliain 2013 i gcomparáid leis na figiúirí don bhliain 2012. (Fíor 2.10)

 

Caibidil 3 – Cúram Ospidéil

•Tá méadú 11% tagtha ón mbliain 2004 i leith ar líon na n-othar amach ó ospidéil ghéarmhíochaine a mhaoinítear go poiblí. Agus scagdhealú á chur as an áireamh, tá méadú 80% tagtha ar líon na gcásanna lae ón mbliain 2004 i leith. (Tábla 3.1)

•Tá méadú 79% tagtha ar líon na leapacha lae idir na blianta 2004 agus 2013. (Tábla 3.1)

•Tá méadú tagtha ar rátaí scaoilte amach as an ospidéal i measc na n-aoisghrúpaí is sine. Bhí méadú ann sa ráta scaoilte amach as an ospidéal ann i measc aosach ón mbliain 2004, agus laghdú beag tagtha ar an ráta i measc leanaí le linn na tréimhse céanna. Ba i measc na n-aoisghrúpaí is sine a bhí na méaduithe is mó. (Fíor 3.1)

•Le bliain anuas, tá méadú tagtha ar líon na n-aosach atá ag feitheamh níos faide ná 8 mí agus ar líon na leanaí atá ag feitheamh níos faide ná 20 seachtain le gnáthaimh roghnacha. (Fíor 3.2)

•Ó thús na bliana 2014, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag feitheamh níos faide ná 52 seachtain le coinne othair sheachtraigh. Tá líon iomlán na ndaoine atá ag feitheamh le coinne tar éis méadú le blianta beaga anuas freisin. (Fíor 3.3)

•I gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain 2013, tá méadú ag teacht ó Iúil 2014 ar líon na n-othar isteach atá ag feitheamh le tralaithe i Rannóga Éigeandála in ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí. (Fíor 3.4)

•Rinneadh 294 trasphlandú in Éirinn sa bhliain 2013. Ba é sin an ráta ab airde trasphlanduithe le deich mbliana anuas. (Fíor 3.5, Fíor 3.6)

•Bhí méadú beag ann ar líon na ndaoine a ligeadh isteach in ospidéil shíciatracha agus in aonaid shíciatracha idir na blianta 2012 agus 2013. Is ionann é sin agus laghdú 17% ar an bhfigiúr don bhliain 2004. (Tábla 3.2, Fíor 3.7)

 

Caibidil 4 – Cúram Príomhúil agus Seirbhísí Pobail

•Bhí cárta liachta ag 39% den daonra sa bhliain 2014. I gcomparáid leis sin, bhí cárta liachta ag 28% den daonra sa bhliain 2005. (Fíor 4.1)

•Ba i gContae Lú, i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Dhún na nGall a bhí an céatadán ab airde den daonra a raibh cártaí liachta acu. (Fíor 4.2) (TABHAIR FAOI DEARA: tá na sonraí ar an léarscáil curtha i láthair de réir limistéir Oifigí Sláinte Áitiúla)

•Idir na blianta 2012 agus 2013, bhí méadú an-bheag (0.2%) ann i líon na gcártaí liachta, agus cárta ag 1.85 milliún duine. B’ionann é sin agus 40% den daonra. Tháinig laghdú 4% go 125,000 ceann ar líon na gCártaí Cuairte Dochtúra. (Tábla 4.1)

•Tháinig laghdú 4% idir na blianta 2012 agus 2013 ar líon na ndaoine a bhí cláraithe don Scéim um Íocaíochtaí Drugaí. (Tábla 4.1)

•Tá méadú 70% tagtha ar líon na ndaoine ar an Scéim Tinnis Fhadtéarmaigh ón mbliain 2004 i leith. Is ionann an méadú sin agus 65,000 duine. (Tábla 4.1)

•Bhí méadú 83% ann ar líon na ndaoine a bhí á gcóireáil faoi scéimeanna fiaclóireachta agus oftalmacha idir na blianta 2004 agus 2013. (Tábla 4.1)

•Tháinig méadú 0.3% ar líon na míreanna oidis a fodháileadh faoi Scéim na Seirbhísí Ginearálta Míochaine idir na blianta 2012 agus 2013, cé gur laghdaigh an meánchostas in aghaidh na míre faoi níos mó ná 5%. (Fíor 4.3)

•Tháinig laghdú ar chéatadán na ndaoine a bhí clúdaithe ag árachas sláinte poiblí idir na blianta 2007 agus 2013. Bhí an laghdú sin le sonrú i measc gach aoisghrúpa, seachas ina measc siúd a bhí 70 bliain d’aois nó níos sine, áit a raibh méadú i gcéatadán na ndaoine a bhí clúdaithe. (Fíor 4.4)

•Tháinig méadú 2% ar líon na leanaí faoi chúram idir na blianta 2012 agus 2013. Ba go beagnach 93% a mhéadaigh céatadán na leanaí sin a bhí faoi chúram altrama sa bhliain 2013. (Tábla 4.2)

•Le linn na tréimhse idir 2004 agus 2013, tháinig méadú 18% ar chion na ndaoine a bhí 85 bliain d’aois nó níos sine agus a bhí faoi chúram fadchónaithe, agus é tugtha mar chéatadán de gach duine faoi chúram fadchónaithe. Bhí laghdú ann i measc gach ceann de na haoisghrúpaí eile os cionn 70 bliain d’aois thar an tréimhse chéanna. (Tábla 4.3, Fíor 4.5)

•Sa bhliain 2013, bhí an ráta cuimsiú vacsaínithe do leanaí a bhí 24 mí d’aois comhionann le 95% nó níos airde d’fhormhór na vacsaínithe, ach amháin i gcás vacsaínithe MMR, Meiningeacocúla agus Comhchuingigh Niúmacocúil. Tugadh vacsaínithe Heipitíteas B agus Comhchuingigh Niúmacocúil isteach sa bhliain 2008 agus gabhann rátaí vacsaínithe 95% agus 91% leo faoi seach. (Tábla 4.4)

•Bhí 24,391 duine cláraithe leis an mBunachar Sonraí Náisiúnta um Míchumas Fisiciúil agus Céadfach sa bhliain 2013. Ba faoi mhíchumas fisiciúil amháin a bhí ag 54% de na daoine sin. (Tábla 4.5)

•Tháinig méadú 23% ar líon na ndaoine faoi mhíchumas intleachta a bhí ag baint leas as seirbhísí lae i ndáil le rannpháirtithe lae thar an tréimhse 2004-2013. (Tábla 4.6)

•Tháinig méadú 55% ar líon na gcásanna ina raibh cóireáil á cur i gcomhair úsáid fhadhbach drugaí le linn na tréimhse 2004-2013. (Tábla 4.7)

Caibidil 5 – Fostaíocht sa tSeirbhís Sláinte

•Is ag laghdú de réir a chéile ón mbliain 2007 i leith atá líon iomlán na ndaoine atá fostaithe sna seirbhísí sláinte poiblí.  Bhí 97,088 coibhéis lánaimseartha fostaithe i Meán Fómhair 2014. Tá sé sin cothrom le laghdú 2.9% ó Nollaig 2013. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur le Meán Fómhair a bhaineann na figiúirí don bhliain 2014. Mar sin, ní léiríonn siad an staid ag deireadh na bliana. (Tábla 5.1, Fíor 5.1)

•Ba iad na réimsí Míochaine/Fiaclóireachta agus Altranais na haon ghrádchatagóirí ina raibh méadú idir Nollaig 2013 agus Meán Fómhair 2014. (Tábla 5.1)

•Is ionann altraí agus an ghrádchatagóir is mó sa tseirbhís sláinte poiblí, agus iad freagrach as 35% den líon iomlán atá fostaithe. (Fíor 5.2)

•Mhéadaigh líon na gcomhairleach a bhí fostaithe sa tseirbhís sláinte poiblí faoi bheagnach 33% sa tréimhse 2005-2014. Mhéadaigh líon na gcomhairleach faoi 3% idir Nollaig 2013 agus Meán Fómhair 2014 freisin. (Tábla 5.2, Fíor 5.3)

•Mhéadaigh líon na ndochtúirí ospidéil nár chomhairligh iad faoi bheagnach 20% sa tréimhse 2005-2014. Mhéadaigh líon na ndochtúirí den chineál sin idir Nollaig 2013 agus Meán Fómhair 2014 freisin. (Tábla 5.2, Fíor 5.3)

•Bhí 2.7 dochtúir ag cleachtadh in aghaidh an mhíle in Éirinn sa bhliain 2012. Tá sé sin faoi bhun an mhéanfhigiúir de 3.2 dochtúir i 26 tír na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE-26). (Fíor 5.4)

 

Caibidil 6 – Caiteachas ar an tSeirbhís Sláinte

•Tá méadú 13.4% tagtha ar chaiteachas iomlán neamhchaipitiúil poiblí ar sheirbhísí sláinte ón mbliain 2005 i leith. Mar sin féin, bhí laghdú 7.1% ann ar an gcaiteachas sin idir na blianta 2013 agus 2014 (réamh-mheastacháin atá i sonraí na bliana 2014). (Tábla 6.1)

•Bhí laghdú 0.8% ann ar chaiteachas caipitiúil poiblí ar sheirbhísí sláinte idir na blianta 2012 agus 2013 agus tá sé tar éis laghdú faoi bheagnach 32% ón mbliain 2004 i leith. (Tábla 6.3)

•Sa bhliain 2012, bhí caiteachas iomlán sláinte na hÉireann comhionann le 8.9% d’Olltáirgeacht Intíre (OTI) agus le 10.9% d’Ollioncam Náisiúnta (OIN). Ba iad na meánfhigiúirí do ECFE ná 9.3% agus 9.8% faoi seach. (Tábla 6.4, Fíor 6.4)

•Mhéadaigh caiteachas iomlán sláinte per capita na hÉireann de réir a chéile i dtéarmaí réadacha idir na blianta 2003 agus 2008, ach tá sé ag laghdú ón mbliain 2009 i leith. Bhí méadú beag ann i gcaiteachas idir na blianta 2011 agus 2012, áfach. (Fíor 6.3)