Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Harris roimh rith an Bhille Sláinte Poiblí (Alcól) tríd an Seanad

Tá Simon Harris, an tAire Sláinte, tar éis fáiltiú roimh rith an Bhille Sláinte Poiblí (Alcól) trí gach céim den Seanad.

Dúirt an tAire, “Píosa ríthábhachtach reachtaíochta sláinte is ea an Bille Sláinte Poiblí (Alcól), agus tá lúcháir orm gur éirigh liom é a rith tríd an Seanad. Táim ag tnúth leis an mBille a leagan faoi bhráid na Dála sa Bhliain Nua.

Creidim go ndéanfaidh na bearta atá sa Bhille seo fíordhifríocht shuntasach agus go laghdófar úsáid alcóil agus an dochar a bhaineann le halcól in Éirinn dá bharr.

Thaispeánamar mar thír cheana féin gur féidir le reachtaíocht sláinte poiblí i réimse an tobac bheith éifeachtach. Tá sé in am dúinn na torthaí céanna a bhaint amach don alcól.”

CRÍOCH