Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Harris roimh iarchur na gníomhaíochta tionsclaíche ó INMO

D’fháiltigh Simon Harris, an tAire Sláinte, roimh an gcinneadh ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) inniu chun gníomhaíocht thionsclaíoch a iarchur. Ag labhairt dó faoin gcinneadh, dúirt an tAire, ‘Fáiltím roimh an iarchur agus tá meas agam ar an bpróiseas a bhfuil INMO ina bhun anois, agus ballóid á reáchtáil aige dá chuid ball. Ina theannta sin, dearbhaím arís eile go bhfuilim tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh i seirbhís sláinte na hÉireann agus d’fheabhas a chur uirthi’