Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Harris roimh an rannpháirteachas dearfach maidir le Orkambi le hAire Sláinte na hAstráile

D’fháiltigh Simon Harris, an tAire Sláinte, inniu roimh an rannpháirteachas dearfach maidir le Orkambi le hAire Sláinte na hAstráile. Dúirt sé:

“Bhí ríméad orm labhairt ar maidin leis an Aire Sussan Ley, Aire Sláinte na hAstráile, de thoradh na litreach a sheol mé chuici le déanaí maidir le Orkambi.  Phléigh mise agus an tAire Ley na dúshláin a bhfuil an bheirt againn ag dul i ngleic leo maidir le cúiteamh Orkambi agus chomhaontaíomar go bhfiosróimis dul i mbun comhair le chéile le leas na n-othar.  Rachaidh ár gcuid oifigeach i mbun oibre chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo.

De bhreis ar an rannpháirteachas dearfach leis an Astráil, is dearfach atá an t-aiseolas tosaigh atá faighte agam ó roinnt tíortha ar scríobh mé chucu agus a ndeachaigh mé i dteagmháil leo.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Scríobh an tAire chuig Airí Sláinte i Sasana, in Albain, i gCeanada agus san Astráil maidir le Orkambi.
  • Chomh maith leis sin, ghlac an tAire páirt sa dara cruinniú comhchainteanna d’Airí Sláinte na hEorpa agus do Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin/Chinn na gcuideachtaí cógaisíochta atá lonnaithe san Eoraip. D’eagraigh an Phortaingéil agus an Ísiltír an cruinniú i gcomhpháirt. Bhí sé ar siúl i Liospóin an 7 Nollaig 2016.