Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Byrne roimh mhúnla na bunchloiche le haghaidh an ospidéil nua do leanaí


Chuir Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Pobail agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, fáilte inniu (Dé Céadaoin) roimh mhúnlú na bunchloiche le haghaidh an ospidéil nua do leanaí ag an Taoiseach Enda Kenny TD i dteannta Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus na mball den Chomhairle Chomhairleach don Ógra.

Chuir an Taoiseach, na leanaí agus úsáideoirí reatha agus iar-úsáideoirí na seirbhísí ospidéil do leanaí a lámha isteach i múnla a mhúnlófar i stroighin agus a chuirfear ar áireamh san ospidéal nua.

Tháinig an t-imeacht tábhachtach seo sna sála ar an gcead a thug an Rialtas le déanaí don infheistíocht a theastaíonn chun Bord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh a chumasú conarthaí tógála a dhámhachtain le haghaidh an príomhospidéal do leanaí a thógáil ar champas Ospidéal San Séamas agus le haghaidh dhá Ionad Othar Seachtrach Péidiatraiceach agus Cúram Práinne a thógáil ar champas Ospidéal Thamhlachta agus Ospidéal Uí Chonghaile. Táthar ag súil go suiteálfar na bunsraitheanna i gceann dornán seachtainí.

Dúirt an tAire Byrne, atá ina Teachta Dála áitiúil leis an ospidéal nua do leanaí: “Tús nua don chóireáil a chuirtear ar leanaí breoite ar fud na tíre is ea múnlú na bunchloiche le haghaidh an Ospidéil Náisiúnta nua do Leanaí in Ospidéal San Séamas ag an Taoiseach inniu.

“Is ceiliúradh í an ócáid seo don iomad teaghlach atá ag fanacht le fada leis an lá seo. Is amhlaidh anois go bhfuil an t-ospidéal den chéad scoth seo á thógáil dáiríre agus nach brionglóid é a thuilleadh.

CRÍOCH