Preasráitis

Faigheann an tAire Sláinte ceadú ón Rialtas le haghaidh coiste náisiúnta eitice taighde a chruthú

Cheadaigh an Rialtas tograí ó Simon Harris TD, an tAire Sláinte, le haghaidh Scéim Ghinearálta de Bhille a ullmhú chun foráil a dhéanamh do choistí náisiúnta eitice taighde.

Ag labhairt dó inniu (Déardaoin), dúirt an tAire Harris: “Chun an cúram agus an chóireáil is fearr dár n-othair, luach níos fearr dár gcaiteachas sláinte agus tuilleadh post ar ardchaighdeán dár bhfórsa saothair a sholáthar, teastaíonn taighde sláinte.  Cuid dhílis den chlár Sláintecare is ea tacú le taighde sláinte.”

Dúirt an tAire freisin: “Tá coistí eitice taighde ina gcuid thábhachtach dá chinntiú go ndéantar taighde sláinte ar na caighdeáin eiticiúla a mbíonn an tsochaí ag súil leo, agus ní mór dúinn tacú le córas náisiúnta um choistí eitice taighde atá oiriúnach don fheidhm.  Cinnteoidh an córas náisiúnta nua um choistí eitice taighde go mbeidh muinín ag an bpobal as an dóigh a bhfuil taighde sláinte á dhéanamh, go háirithe i réimsí nua éiritheacha taighde.”

Is é an aidhm atá le Nuálaíocht 2020, straitéis na hÉireann um thaighde agus forbairt, eolaíocht agus teicneolaíocht, ná ceannaire domhanda i réimsí an taighde agus na nuálaíochta a dhéanamh d’Éirinn. Anuas air sin, tá an Rialtas tiomanta d’fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar chóras sláinte atá dírithe ar cháilíocht agus gníomhach i dtaighde in Éirinn.  Chonacthas an tiomantas sin cheana féin sa mhórinfheistíocht phoiblí a rinneadh i mbonneagar taighde, i bpearsanra, i scileanna nua agus i dteicneolaíocht.  Le deich mbliana anuas, infheistíodh níos mó ná €150 milliún de chistiú Rialtais i mbonneagar taighde chliniciúil agus trialacha cliniciúla tríd an mBord Taighde Sláinte amháin.  Chomh maith leis sin, bhí infheistíocht shuntasach ann ó chomhlachtaí Stáit amhail Fondúireacht Eolaíochta Éireann, ó eagraíochtaí deonacha agus ón earnáil phríobháideach.

Leis an gcóras nua atá beartaithe, tabharfar aghaidh ar na hábhair imní atá geallsealbhóirí ag tarraingt anuas le breis agus deich mbliana anuas faoin gcóras reatha Coistí Eitice Taighde in Éirinn le haghaidh trialacha cliniciúla agus taighde sláinte go ginearálta. Is é an toradh a bheidh ar an gcur chuige sin go n-uasmhéadófar sineirgí agus torthaí luach ar airgead agus go ndéanfar láthair idirnáisiúnta níos tarraingtí d’Éirinn le haghaidh an taighde sláinte ar fad a dhéanamh.

Ag fáiltiú dó roimh thionscnamh an Aire, dúirt Darrin Morrissey, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Taighde Sláinte: “Tá sé thar am i bhfad struchtúr náisiúnta comhtháite aonair um Choistí Eitice Taighde a bhunú in Éirinn.  Cabhróidh sé le gníomhaíocht taighde sláinte agus trialach cliniciúla a fhás, rud a rachaidh chun tairbhe do shláinte an duine agus do chúram othar. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca ag nuálaíocht sláinte agus fás geilleagrach in Éirinn.”

D’fháiltigh an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte freisin roimh an mBille. Dúirt sé: “Tacaíonn an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte le tuilleadh forbartha an chreata um Choistí Eitice Náisiúnta mar chuid dhílis den bhonneagar a theastaíonn le haghaidh taighde gníomhach sláinte agus trialacha cliniciúla gníomhacha in Éirinn agus le haghaidh ailíniú le hathruithe amach anseo sna ceanglais rialála do thrialacha cliniciúla Eorpacha.”

Meastar an Bille a bheith ina thosaíocht agus oibreoidh an Roinn i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí, lena n-áirítear an Bord Taighde Sláinte agus an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte, chun go bhfoilseofaí Bille faoi dheireadh na bliana.

I gcomhthéacs ullmhú na Scéime Ginearálta, rachaidh an Roinn i dteagmháil le raon leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear Ranna eile, gníomhaireachtaí, coistí institiúideacha eitice taighde, taighdeoirí, an tionscal agus othair, chun a dtuairimí a fháil ar ábhair shonracha.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Déanann coistí eitice taighde athbhreithniú ar staidéir bheartaithe ag a bhfuil rannpháirtithe daonna (lena n-áirítear i gcás go mbaineann an taighde le sonraí othar nó samplaí a úsáid) chun a chinntiú go gcloífidh siad le treoirlínte eiticiúla a nglactar leo ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal áitiúil, go ndéanfaidh siad faireachán ar staidéir a luaithe atá siad ar bun agus, i gcás inarb iomchuí, go nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíocht agus faireachas leantach tar éis dheireadh an taighde. Féadfaidh coistí ceadú eiticiúil a thabhairt do staidéir taighde, diúltú do cheadú eiticiúil a thabhairt dóibh, nó a éileamh go ndéanfaí mionathruithe ar phrótacail taighde.

Maidir le hathbhreithniú ag coiste eitice taighde, éilítear é leis na caighdeáin eiticiúla idirnáisiúnta lena rialaítear taighde lena mbaineann rannpháirtithe daonna agus leis an dlí áitiúil ina lán dlínsí. Chomh maith leis sin, éilítear athbhreithniú i gcás go bhfuil sé beartaithe ag na taighdeoirí torthaí a n-imscrúdaithe a fhoilsiú, toisc nach bhfoilseoidh an chuid is mó d’irisleabhair eolaíocha/leighis na fionnachtana a eascraíonn as taighde nach bhfuil cead faighte acu ó choiste eitice taighde.

Is é an phríomhfhreagracht atá ar choiste eitice taighde ná rannpháirtithe féideartha sa taighde a chosaint. Mar sin féin, ní mór dó aird a thabhairt freisin ar na rioscaí agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann don phobal ina ndéanfar an taighde.