Preasráitis

Deir Simon Harris, an tAire Sláinte, go bhfuil Baile Átha Cliath ar an mbaile nua is fearr don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach Cuireann Éire a tairiscint isteach chun an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a athlonnú ó Londain go Baile Átha Cliath

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte, go bhfuil Baile Átha Cliath ar an mbaile nua is fearr don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Tá a tairiscint fhoirmiúil chun an Ghníomhaireacht a athlonnú ó Londain go Baile Átha Cliath curtha isteach ag Éirinn. Fágann cinneadh na Ríochta Aontaithe chun éirí as an Aontas Eorpach go mbeidh ar an nGníomhaireacht bogadh chuig áit eile.

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte: “Ní mór don Aontas Eorpach a chinntiú anois go n-aimseofar réiteach inbhuanaithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus go n-íoslaghdófar aon chaillteanas saineolais nó aon chur isteach ar a cuid oibríochtaí.  Ní mór dúinn a chinntiú go gcosnófar saoránaigh na hEorpa. Tá Rialtas na hÉireann den tuairim dhaingean gur ag an athlonnú go Baile Átha Cliath a bheidh na torthaí is fearr don Ghníomhaireacht, dá baill foirne, dá geallsealbhóirí agus, rud ba thábhachtaí fós, do shaoránaigh na hEorpa.”

Dúirt an tAire Harris ina dhiaidh sin: “Cuid dhílis de thodhchaí na Gníomhaireachta is ea coinneáil foirne a uasmhéadú agus leanúint leis na saineolaithe is fearr a mhealladh don Ghníomhaireacht. Is é an rogha lena mbaineann an cur isteach is lú do bhaill foirne atá lonnaithe i Londain ná an Ghníomhaireacht a bhogadh chuig tír chomharsanach ina bhfuil Béarla ar an bpríomhtheanga. Buntáiste eile a bhaineann le Baile Átha Cliath is ea go mbeidh baill foirne in ann comaitéireacht a dhéanamh más mian lena ndaoine muinteartha fanacht i Londain ar feadh tréimhse tar éis an Bhreatimeachta. Is sármhaith atá cáilíocht na beatha i mBaile Átha Cliath. Is cathair shábháilte fhulangach ilchultúrtha é ag a bhfuil saol cultúrtha sóisialta atá beoga. Cónaíonn saoránaigh ó áiteanna fud fad na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, tá taithí ag an gcathair ar fhórsaí saothair ilnáisiúnta móra a chomhtháthú isteach sa phobal áitiúil.”

Dúirt an tAire Harris: “Is deimhin leis an Rialtas go gcomhlíonann an tairiscint ó Éirinn chun an Ghníomhaireacht a óstáil na critéir shonraithe go léir go hiomlán. Táimid lántiomanta dá chinntiú go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann seirbhís shármhaith leanúnach a sholáthar do shaoránaigh agus don lucht tionscail san Eoraip tar éis an Bhreatimeachta. Creidimid go láidir go gcinnteoidh aistriú na Gníomhaireachta go Baile Átha Cliath go leanfaidh saoránaigh na hEorpa le rochtain a fháil ar chógais shábháilte nuálacha agus go mbeidh cáil ar an nGníomhaireacht go fóill as an sármhaitheas a sholáthraíonn sí sa chóras rialála domhanda.”

Mar chuid den tairiscint uaidh, geallann Rialtas na hÉireann go bhfostóidh sé saineolaithe athlonnaithe chun cabhrú le baill foirne na Gníomhaireachta agus a dteaghlach agus iad ag bogadh ó Londain go Baile Átha Cliath. Sainaithníodh trí fhoirgneamh óna bhféadfaidh an Ghníomhaireacht a roghnú cén ceann is fearr léi mar cheanncheathrú nua. Agus aird á tabhairt aici ar na costais shuntasacha a chruthóidh an Breatimeacht don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún Eorpach araon, gheall Éire go soláthródh sí mór-ranníocaíocht airgeadais thar na deich mbliana atá romhainn. Cuirfidh Rialtas na hÉireann ranníocaíocht iomlán €78m ar fáil thar thréimhse deich mbliana i leith na gcostas a bhaineann le háitreabh nua na Gníomhaireachta. Cuirfear suim €15m den ranníocaíocht sin ar fáil i gcéad bhliain an aistrithe (2019) chun freastal ar an gcostas a bhaineann leis an áitreabh roghnaithe a iarfheistiú/a ghlacadh ar cíos. Cuirfear suim bhliantúil €7 milliún ar fáil idir bliain a dó agus bliain a deich (2020-2028) chun freastal ar chostais chíosa agus chothabhála.

Gné lárnach den tairiscint ó Éirinn is ea an tiomantas uile-rialtais atá ann dá chinntiú gur féidir leis an nGníomhaireacht athlonnú go héasca chuig a mbaile nua agus a cuid feidhmeanna a chur i gcrích ón gcéad lá ar aghaidh. Má roghnaítear Éire mar bhaile nua, mar sin, cuirfidh an Rialtas Tascfhórsa Aistrithe ar bun a mbeidh sé de dhualgas air obair leis an nGníomhaireacht chun an t-athlonnú a phleanáil, a bhainistiú agus a chur chun feidhme.

CRÍOCH

Tuilleadh Faisnéise

Is féidir an tairiscint ó Éirinn chun an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a óstáil a léamh ag http://emadublin.ie/application/files/6015/0157/4822/Ireland_EMA_offer_final.pdf

Is féidir amharc ar fhíseán ar an tairiscint ó Éirinn chun an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a óstáil ag https://youtu.be/-Bv6ML0HfGQ

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar an suíomh Gréasáin oifigiúil agus ar chuntas Twitter don tairiscint freisin: http://www.emadublin.ie/ @dublinforema

Ba i mí an Mheithimh a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach an nós imeachta maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe faoi láthair a athlonnú – http://www.consilium.europa.eu/en/press/press-releases/2017/06/22-euco-agencies-relocation/. Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta cinneadh ar bhaile nua na Gníomhaireachta i mí na Samhna.

An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach: Gníomhaireacht dhea-bhunaithe de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé de dhualgas uirthi sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint do shaoránaigh uile an Aontais:http://www.ema.europa.eu/docs/en_GB/document_library/Other/2016/10/WC500214053.pdf