Preasráitis

Déanann Varadkar comhghairdeas le heolaí Éireannach faoi Dhuais Nobel a fháil 

Tá Leo Varadkar, an tAire Sláinte, tar éis comhghairdeas a dhéanamh leis an Ollamh William C Campbell faoi Dhuais Nobel a fháil go comhpháirteach as an obair atá déanta aige chun ionfhabhtú ag seadán atá coitianta ar fud an domhain a chosc.

“Is lá iontach é seo don eolaíocht in Éirinn agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Ollamh Campbell faoi Dhuais ardghradaim Nobel a fháil go comhpháirteach. Is éacht an-bhreá é dósan agus dá chuid comhghleacaithe. Tá daoine ar fud na cruinne ag baint tairbhe cheana féin as an obair atá déanta ag an Ollamh Campbell ar dhruga darb ainm Avermectin a fhorbairt, rud lena gcomhraictear an chruinnphéist agus orgánaigh eile.”

Críoch