Preasráitis

Cuireann Varadkar agus Lynch fáilte roimh na cistí breise atá faighte chun dul i ngleic le Scaoiltí Amach Moillithe agus le Plódú i Rannóga Éigeandála

Tá Leo Varadkar, an tAire Sláinte, agus Kathleen Lynch, an tAire le freagracht as Cúram Príomhúil, Cúram Sóisialta agus Meabhairshláinte, tar éis fáilte a chur roimh an gcinneadh ón Rialtas tuilleadh beart a cheadú d’fhonn dul i ngleic le Scaoiltí Amach Moillithe agus le plódú i Rannóga Éigeandála inár n-ospidéil ghéarmhíochaine.

Inár n-ospidéil i mbliana, tá méadú tagtha ar phlódú inár Rannóga Éigeandála agus ar líon na n-othar atá á rangú mar “scaoiltí amach moillithe”. Tá gnáthaimh neamhphráinneacha áirithe tar éis a chur ar ceal freisin. Tá sé soiléir gur tháinig cuid mhór de na fadhbanna sin chun cinn de bharr easnamh i réimsí eile den tseirbhís sláinte. Nuair a bhí mórbhrú ann ar acmhainn seirbhísí eile, ba é an t-ospidéal an t-aon rogha a bhí ar fáil do mhórán daoine. Mar sin, bhí sé dosheachanta go mbeadh ró-ualach ann ar sheirbhísí ospidéil ina dhiaidh sin.

Maoiniú

Bunaithe ar Phlean Gníomhaíochta an Tascfhórsa, agus ag féachaint dá bhfuil foghlama againn go dtí seo, cinneadh na cistí breise a imfhálú agus iad a chur ar fáil ar an mbealach seo a leanas:

  • Leithdháilfear €44 milliún ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, rud a sholáthróidh 1,600 áit bhreise agus a laghdóidh an tréimhse feithimh d’iarratasóirí ceadaithe ón tréimhse 11 sheachtain atá ann faoi láthair go dtí an tréimhse 4 seachtaine a bhí ann roimhe seo ar feadh na coda eile den bhliain;
  • Freastalóidh €30 milliún ar an gcostas a bhaineann le leapacha breise cúraim idirthréimhsigh (leapacha conartha shealadaigh) a sholáthar suas go dtí deireadh mhí an Mheithimh agus ar an gcostas a bhaineann le leapacha breise pobail, téarnaimh agus ospidéal ceantair a sholáthar ar bhonn buan. Cabhróidh an dá rud sin le scaoileadh amach níos tapa ón ospidéal a éascú;
  • Faoi scéim Chothrom na Féinne, cuirfear leapacha inbhuanaithe níos cost-éifeachtúla in áit na leapacha idirthréimhseacha sealadacha atá in úsáid faoi láthair, agus é mar aidhm dul i ngleic le plódú i Rannóga Éigeandála. Ina theannta sin, cuirfear suas le 250 leaba cúram pobail ar fáil ar fud na tíre. Tá 60 ceann díobh sin ar oscailt cheana féin.

Dúirt an tAire Varadkar: “Tá laghdú tagtha ar phlódú inár n-ospidéil ó mhí Eanáir i leith agus leanann sé de bheith ag laghdú. Mar sin féin, tá an figiúr fós níos airde ná mar a bhí ag an am seo anuraidh. Mar an gcéanna, tá líon na scaoiltí amach moillithe tar éis titim ó bhuaicfhigiúr 850 ceann, ach bíonn níos mó ná 700 scaoileadh amach moillithe ann go fóill. Ar na cúiseanna sin, is gá gníomh breise a dhéanamh chun tuilleadh socrúchán a chur ar fáil i dtithe altranais ar mhaithe le tuilleadh leapacha saora a sholáthar in ospidéil ghéarmhíochaine agus ar mhaithe le tuilleadh leapacha pobail, téarnaimh agus ospidéal ceantair a chur ar fáil.  Tá na bearta sin á gcur chun feidhme anois agus tógfaidh sé thart ar ocht seachtaine orainn chun iad a chur chun feidhme ina n-iomláine.
“Imreoidh na bearta le chéile tionchar suntasach intomhaiste ar thralaithe, ar phlódú agus ar scaoiltí amach moillithe.  Ní réiteoidh siad na fadhbanna uile sna suíomhanna uile, áfach. Ní bhaineann an méid seo le hacmhainní amháin, ach baineann sé go mór le próisis, le bainistíocht, le héifeachtúlacht agus le sreabhadh othar. Beidh gá le tuilleadh airde a thabhairt ar na réimsí sin. Cuirfidh an t-airgead breise ar ár gcumas tuilleadh acmhainne a chruthú ar fud na hearnála ar fad. Is é sin an chéim chostasach den obair. Tá an chéad chéim eile níos saoire, ach, toisc go mbaineann sí go príomha le húsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn, beidh sé i bhfad níos deacra í a bhaint amach. Faoi mar a tharlaíonn i ngach tír eile, beidh borradh ann ó am go chéile.

“Má laghdaítear leibhéal na scaoiltí amach moillithe agus an fanacht ar áiteanna i Scéim Chothrom na Féinne ar bhealach suntasach, feabhsófar go mór an staid i roinnt mhaith ospidéal. Ní chreidim, áfach, go mbaineann feabhsú le maoiniú ina aonar nó le maoiniú go príomha. Caithfear cleachtais agus próisis ag an mbunleibhéal a athchóiriú agus tuigim go bhfuiltear ag déanamh amhlaidh i lear cásanna cheana féin.

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála, leis na soláthraithe seirbhíse, le hionadaithe do na ceardchumainn agus le hoifigigh as dul i ngleic leis na fadhbanna a bhfuiltear ag teacht orthu i Rannóga Éigeandála. Táim ag súil leis go leanfaidh siad de bheith páirteach i gcur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Tascfhórsa a bhrú chun cinn le haghaidh seirbhísí d’othair a fheabhsú.”

Dúirt an tAire Lynch: “Is é beartas an Rialtais cabhrú le daoine breacaosta fanacht ina dteach féin agus ina bpobal féin chomh fada agus is féidir agus seirbhísí cúraim chónaithe a chur ar fáil nuair is gá. Tugann an maoiniú breise sin aghaidh ar an dá cheann de na cuspóirí sin agus, trí dhéanamh amhlaidh, feabhsóidh sé go mór an staid dár n-ospidéil ghéarmhíochaine.”

Plean an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála

Thug an tAire Varadkar an Tascfhórsa um Rannóga Éigeandála le chéile i mí na Nollag anuraidh chun fócas agus fuinneamh a chur ar fáil agus chun réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe ar phlódú i rannóga éigeandála a fhorbairt. I bPlean Gníomhaíochta an Tascfhórsa a foilsíodh inniu, leagtar amach raon gníomhaíochtaí am-shonracha arb é is aidhm dóibh (i) an toilleadh reatha ospidéil agus pobail a bharrfheabhsú; (ii) feabhsú ar chumas inmheánach agus ar phróisis inmheánacha a fhorbairt agus (iii) ceannaireacht, rialachas, pleanáil agus maoirseacht a fheabhsú.

Áirítear leis sin bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • scaoiltí amach moillithe a laghdú;
  • an fad fanachta a laghdú ar aon dul le spriocanna comhaontaithe i bPlean Seirbhíse Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS);
  • bealaí rochtana breise agus malartacha ar chúram práinneach a fhorbairt agus a mhéadú, rud a chuirfidh le hiontráil chuí a sheachaint;
  •  measúnú, cóireáil, iontráil agus scaoileadh amach ón rannóg éigeandála ar bhealach tráthúil agus cuí ar aon dul le spriocanna comhaontaithe i bPlean Seirbhíse Náisiúnta FSS;
  • tionscnaimh spriocdhírithe a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh tacú le rochtain mhear ar chúram othar cónaitheach agus ar dhiagnóisic;
  • rochtain ar chinnteoirí sinsearacha a fheabhsú;
  • pleanáil chomhtháite um scaoileadh amach a chinntiú;
  • bainistíocht galar ainsealach a fheabhsú;
  • ceannaireacht agus maoirseacht éifeachtach in ospidéil a chinntiú d’fhonn feabhas marthanach a chur chun feidhme agus a chothú agus tréimhsí borrtha a bhainistiú ar bhealach éifeachtach.

Cuireann an méid sin leis na bearta a rinneadh cheana i mBuiséad 2015 nuair a chuir an Rialtas €25 milliún ar fáil chun tacú le seirbhísí a sholáthraíonn roghanna eile in ionad ospidéil ghéarmhíochaine agus a mhaolaíonn an brú orthu sin:

  • €10 milliún chun 300 áit sa bhreis a chur ar fáil faoin Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, rud a laghdaigh an t-aga feithimh ó bhuaic-aga 17 seachtaine go mall sa bhliain 2014 go dtí an buaic-aga 11 sheachtain atá ann faoi láthair;
  • €8 milliún chun 115 leaba ghearrfhanachta sa bhreis a chur ar fáil ar fud cheantar Bhaile Átha Cliath;
  • €5 milliún chun 400 Pacáiste Tacaíochta Cúram Baile sa bhreis a chur ar fáil, ar pacáistí iad a mbaineann 600 duine leas astu sa bhliain;
  • €2 milliún chun seirbhísí foirne idirghabhála pobail i gcúram príomhúil a leathnú ar fud Bhaile Átha Cliath agus an réigiúin mórthimpeall.

Íoslódáil cóip den tuarascáil anseo

Críoch