Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh rith an Bhille um Fhoirceannadh Toirchis a Rialáil tríd an Dáil

Chuir Simon Harris, an tAire Sláinte, fáilte roimh rith an Bhille um Fhoirceannadh Toirchis a Rialáil tríd an Dáil.

Forálfar leis an mBille do sheirbhísí um thoircheas a fhoirceannadh a thabhairt isteach agus leagfar é faoi bhráid an tSeanaid lena bhreithniú anois.

Dúirt an tAire Harris, “Tá sé seo ina chéim an-tábhachtach chun tosaigh san ullmhúchán do sheirbhísí um thoircheas a fhoirceannadh a thabhairt isteach i dtús mhí Eanáir.

Ag labhairt dó tar éis na díospóireachta sa Dáil, dúirt an tAire: “Ritheamar an Bille seo inniu, gan ach sé mhí a bheith caite ó chuir muintir na tíre a dtuairim in iúl ar an ábhar. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le gach duine a d’aithin an gá a bhí ann le bheith measúil ar na tuairimí difriúla agus ar na híogaireachtaí lena mbaineann, lena n-áirítear dóibh siúd a fhoirceann toircheas cheana féin. Ní féidir liom ach a shamhlú cén dóigh a ndeachaigh déine na díospóireachta le linn an fheachtais agus ina dhiaidh i bhfeidhm ar na mná sin a thaistil thar lear chun foirceannadh a fháil thar thréimhse fhada.”

Dúirt an tUas. Harris freisin: “Ar an 25 Bealtaine, dúirt muintir na tíre nach nglacfaidís leis sin a thuilleadh. Cé nach féidir linn an clog a chur siar, is féidir linn ré nua a chinntiú do mhná na hÉireann. Is ré é sin ina dtabharfar meas ar mhná, ina n-urramófar na cinntí a dhéanfaidh siad agus ina dtabharfar cúram dóibh ina dtír féin. Táim ag tnúth le ham – ar gearr uainn anois é – ina mbeimid in ann mná a bheidh ag déileáil le toircheas géarchéime a chur ar a suaimhneas go dtabharfar aire dóibh sa tír seo, áit nach mbeidh eagla orthu go dtabharfaí breith orthu i leith a roghanna nó nach bhfaighidís ónár seirbhís sláinte an tacaíocht a theastaíonn uathu agus óna dteaghlach. Táim ag tnúth freisin lena rá lenár gcuid dochtúirí, altraí agus cnáimhseach gur féidir leo bheith muiníneach as na cinntí a chabhróidh siad le hothair a dhéanamh agus as an gcúram a theastóidh ó othair a sholáthar. Táim ag tnúth anois le bheith ag obair go dlúth le mo chomhghleacaithe sa Seanad chun an reachtaíocht a phlé agus chun céim eile a ghlacadh i dtreo an tír nua a shamhlaímid a chruthú.”

CRÍOCH